Mo Sgéal Féin/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 36 ]

VI
AN GORTA

Chómh luath agus bhíon aon chiall ag teacht do leanbh is gnáth daoine bheith ag cur na ceiste chuige cad í an ghairm beatha bhéadh aige nuair a bhéadh sé mór. Is cuimhin liom go maith an cheist sin a bheith dh’á cur chúgham féin go fíor mhinic. Ní cuimhin liom go raibh aon fhreagra riamh agam le tabhairt ar an gceist ach an t-aon fhreagra amháin, .i. gur am’ shagart a bheinn. Bhí an méid sin socair os cómhair m’ aigne ó thosach, agus ní cuimhin liom go raibh a mhalairt riamh os cómhair m’ aigne, ná ní cuimhin liom cathain a thosnuigh m’ aigne ar bheith ’ghá shocarughadh gur am’ shagart a bheinn nuair a bheinn eirighthe suas.

Tá fhíos agam go maith go mbíodh daoine ag déanamh magaidh de’n sgéal, mar ba léir do gach aoinne ná raibh i n-aon ghaor do’n ghustal riachtanach agam’ athair chun tabhairt fé n-a leithéid d’obair. Bhí fhíos agam féin, leis, chómh luath agus tháinig aon tuisgint dom, [ 37 ]ná raibh an gustal aige, agus níor chuir san mé ó é bheith daingean am’ aigne gur am’ shagart a bheinn, pé cuma ’n-a dtiocfadh san chun cinn. Mura mbéadh an dubh a theacht ar na prátaí agus an droch shaoghal do theacht i ndiaigh an duibh, ní deirim ’ná go mbéadh sé ábalta ar an méid sgolaidheachta a bhéadh riachtanach do thabhairt dom. Ach d’iompuigh an droch shaoghal gach aon rud taobh síos suas. Agus rud ab iongantach, isiad na feirmeóirí móra láidire do thuit ar dtúis. An fear ná raibh aige ach an fheirm bheag, féar sé no seacht de bhuaibh, do choimeád sé a ghreim, agus an fear go raibh an fheirm mhór fhairsing aige do briseadh é go luath nuair a tháinig an t-atharughadh saoghail. An t-é ná raibh aige ach an beagán níor chaill sé ach an beagán. Ní raibh an cíos mór ná na glaoidhte móra air roimhe sin. Bhí taithíghe aige ar mhaireachtaint gan iomarca rabairne. Níor ró dheacair do cúbadh chuige beagáinín eile, agus na glaoidhte beaga d’fhreagairt gan iomarca cruadhtain do chur air féin. Ach an t-é go raibh an fheirm mhór aige bhí taitíghe ar an mbeatha chostasamhail aige. Bhí sé neamhspleadhach an fhaid a fhreagair an fheirm. Nuair a tháinig an t-atharughadh, do stad toradh na feirme láithreach. Bhí an chailleamhaint ró mhór, agus bhí an rabairne ró mhór agus na glaoidhte ró mhór. Níor bh’ fhéidir iad do fhreagairt agus do sguabadar d’á bhonnaibh é. Is cuimhin liom go maith conus mar a dh’airighinn an sgéal nua d’á innsint agus iongnadh ’á dhéanamh de: “Ó! ar airighis? Tá a leithéid seo briste! Tá a chuid tailimh anáirde. Tá sé féin imthighthe. D’éaluigh sé. Tá a chuid tailimh anáirde.”

Do h-airightí go minic, “Tá a chuid tailimh anáirde”; ach ní h-airightí i n-aon chor an uair sin, “Tá a chuid [ 38 ]tailimh tógtha ag duine eile.” Ní raibh aon fhonn ar aoinne talamh a thógaint. Na daoine a chailleadh a gcuid tailimh bhíodh an sgéal go h-olc acu. Ní bhíodh biadh ná creideamhaint acu, agus ní bhíodh le déanamh acu ach dul a d’iaraidh déarca. Ní fada a bhídís a d’iaraidh na déarca nuair a thagadh breóiteacht ortha agus gheibhdís bás. Ní bhíodh an taitíghe acu ar an ocras ná ar an gcruadhtan, agus ní sheasuighdís abhfad nuair a thagadh an t-ocras agus an cruadhtan ortha. Go minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian ortha, do chaithidís eirighe agus gabháil amach agus aghaidh a thabhairt ar thigh cómharsan éigin a bhíodh, b’fhéidir, chómh dealbh leó féin, nó geall leis, féachaint an bhfaighdís lán béil de rud éigin le n-ithe a bhainfeadh an bhuile ocrais díobh.

Is cuimhin liom bheith, lá, agus mé ocht mbliana d’aois is dóich liom, am’ sheasamh ag cúinne na h-iothlann. Chonac bean ag gabháil chúgham aníos an cnucán. Bhí sí cos-lomrachta. Bhí sí ag siúbhal ana réidh agus bhí saothar uirthi mar bhéadh ar dhuine a bhéadh ag ruith. Bhí a béal ar leathadh i dtreó go raibh radharc agam ar na fiacalaibh agus í ag séideadh. Ach isé rud a chuir an iongnadh ar fad orm ’ná a cosa. Bhí a cosa ataithe i dtreó go raibh gach aon chos acu, ó n-a glúinibh síos, chómh mór chómh ramhar le galún. Chuaidh an radharc san chómh daingean san i n-achran am’ aigne go bhfuil sé os cómhair mo shúl anois chómh gléineach agus bhí sé an lá san, bíodh go bhfuil tímpal chúig bliana agus trí fichid ó shin ó chonac é. Bhí an bhean san neamhspleadhac neamhamhgarach go maith go dtí go dtáinig an dubh ar na prátaí.

Bhíos lá eile, ní fheadar an roimis siúd nó ’n-a dhiaigh é, istigh i n-ár dtigh féin am’ sheasamh ar lic an [ 39 ]tínteáin. Tháinig buachaill an dorus isteach. Chonac an aghaidh a bhí air agus an sgeón a bhí ’n-a dhá shúil, sgeón ocrais. Tá an aghaidh sin agus an dá shúil sin os cómhair m’ aigne anois chómh glan chómh soiléir agus bhíodar an lá san nuair thugas an t-aon fhéachaint amháin sin ortha. Thug duine éigin cannta aráin dó. Thug sé snap ar an arán agus thug sé a dhrom linn agus a aghaidh ar an bhfalla, agus sháidh sé an t-arán ’n-a bhéal, agus dhírigh sé ar an arán dh’ithe le h-airc i dtreó gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin. Níor mheasas an uair sin go raibh aon iongnadh ró mhór agam ’á dhéanamh dé féin ná de’n airc a bhí air chun an aráin; ach d’fhan an radharc am’ aigne, agus fanfaidh an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfead.

Is cuimhin liom tráthnóna éigin i gcaitheamh na h-aimsire sin agus na daoine ag ruith isteach ’s amach agus iad ag caint. Sa gheimhre ab eadh é. Bhí an oídhche tar éis tuitim. D’airigheas an focal, “Thíos ag Caraigín an Easaigh iseadh dh’airigheas an liúgh!” “Siné airís é!” arsa duine eile, agus do ritheadar go léir amach. Tamall ’n-a dhiaigh san thánadar isteach airís agus seanduine bocht acu eatartha. Chuireadar ’n-a sheasamh ar an úrlár é. Is ar éigin a bhí sé ábalta ar sheasamh. Bhíos-sa ar a aghaidh amach agus radharc agam ar a cheannachaibh. Bhí a bhéal ar leathadh agus a bheóil taraingthe, síos agus suas, i dtreó go raibh na fiacala, an méid a bhí aige dhíobh, nochtaithe. Chonac an dá starfhiacal mhóra fhada bhuidhe ’n-a bhéal agus an sgeón ’n-a dhá shúil agus an sgannradh ’n-a ghnúis. Chím anois iad chómh maith agus do chonac an uair sin iad. Cómharsa dob’ eadh é. Is amhlaidh a chomáin an t-ocras amach é féachaint an bhféadfadh sé aon rud le n-ithe dh’fhághail. Chuaidh an fear bocht amú ar fuaid [ 40 ]an phortaigh a bhí lastíos de Charaigín an Easaigh. Nuair a fuair sé é féin ag dul amú tháinig eagal air go dtuitfeadh sé i bpoll éigin agus go mbádhfaí é. Níor dhein sé ach stad agus cromadh ar liúireach. Béas ab eadh é sin an uair sin ag daoine a bhéadh ag dul amú. Bhí liúgh áirighthe chuige, agus do thuig gach aoinne conus an liúgh san do chur suas, i dtreó nuair a h-aireófaí an liúgh go mbéadh fhios ag gach aoinne a dh’aireóch’ é cad é an brígh bhéadh leis, agus go gcruinneóchadh na daoine fé dhéin an t-é bhéadh ag dul amú.

Bhí stábla beag ag ceann an tíghe againn. Tháinig duine bocht n-ar bh’ ainim dó Pádraig ua Buachalla agus do tugadh bheith istigh sa stábla dhó féin agus d’á mhnaoi agus do bheirt leanbh a bhí acu. D’fhanadar sa stábla ar feadh raint seachtmhainí; bhí bothán beag acu féin ’n-a dhiaigh san. Síle ab ainim do’n t-é ba shine de’n bheirt leanbh. Bhí buachaill aimsire againn Conchubhar ab ainim dó. D’airigheas Síle lá ag caint leis.

“A Chon,” ar sise.

“Teacht, a Shíle,” arsa Con.

“Ní’l aon chaint agam-sa anois,” ar sise.

“Airiú, cad eile cad ’tá agat, a Shíle?” arsa Con.

“Tá Béarla,” ar sise.

“Airiú, cad é an Béarla fhéadfá-sa bheith agat?” arsa Con.

“Béarla Pheadair agus Sheághainín Philib,” ar sise. Duine bocht a bhí i mbothán i n-aice na h-áite ab eadh Seághainín Philib.

“Agus ar nóin is caint Béarla, a Shíle,” arsa Con.

“Caint Béarla!” ar sise, agus iongnadh uirthi. [ 41 ]“Ar nóin,” ar sise, “dá mb’ eadh, do tuigfí é!”

Bhí máthair Shíle lá agus mám gairbhéil aici sa chorcáinín tón-leathan go ndeineadh sí an císte do bhácáil ann, bácús a tugtar air. Bhí sí ag sgiúradh agus ag sgiomar an bhácúis bhig, istigh ann, leis an ngairbhéal.

“Ó, a Mham!” arsa Síle, “an amhlaidh a chuirfir an gairbhéal sa chíste?”

“Is amhlaidh, a Shíle,” ars’an mháthair.

Siúd amach Síle. Chonaic sí Con.

“Ó, a Chon,” ar sisi, “cad a dhéanfaimíd? cad a dhéanfaimíd i n-aon chor?”

“Cad ’tá anois ort, a Shíle?” arsa Con.

“Tá,” ar sisi, “gairbhéal glas a bheith agam’ mháthair ’á chur sa chíste dhúinn, agus ní fheadar an tsaoghal conus fhéadfaimíd an císte dh’ithe. Brisfear ár bhfiacala go léir. Tá cuid des na clocha sa ghairbhéal ana mhór. Ní fágfar fiacal i gceann aoinne againn. Ach is cuma do Dhiarmuidín é. Ní’l aon fhiacal i n-aon chor aige fós.”

Dritháir beag óg a bhí ag Síle ab eadh Diarmuidín. Siúd isteach Con go bhfeicfeadh sé cad a bhí ag máthair Shíle ’á dhéanamh. Nuair a chonaic sé cad é an gnó a bhí de’n ghairbéal bí spórt acu.

Tháinig an gorta, agus b’éigean do Shíle agus d’á h-athair agus d’á máthair agus do Dhiarmuidín imtheacht síos go Maghchromtha agus dul isteach i dtigh na mbocht. An túisge n-a rabhadar istigh ann do sgaradh iad go léir le n-a chéile. Do cuireadh an t-athair ameasg na bhfear. Do cuireadh an mháthair ameasg na mban. Do cuireadh Síle ameasg na gcailíní mbeag. Agus do cuireadh Diarmuidín ameasg na [ 42 ]leanbh óg. Bhí an tigh go léir, agus a raibh de dhaoine bochta ann, múchta le gach aon tsaghas droch bhreóiteachtaí. Na daoine, chómh tiugh agus thagaidís isteach nách mór, ag tuitim le h-éagcruas, slán mar a n-innstear é, agus iad ag fághail bháis chómh tiugh agus thagadh an galar ortha. Ní bhíodh slígh d’á leath sa tigh. Ní dheinidís, an méid ná féadadh dul isteach díobh, ach dul agus iad féin do shíneadh ar phort na h-abhan ar an dtaobh thíos de’n drochad. Do chítí ansan iad gach aon mhaidean tar éis na h-oídhche, agus iad sínte ’n-a srathanaibh ann, cuid acu ag coruighe agus cuid acu socair go leór, gan aon chor acu ’á chur díobh. Do tagtí ar ball agus do tógtí an chuid acu ná bíod aon chor acu ’á chur díobh, agus do curtí isteach i dtrucailibh iad agus do beirtí suas iad go h-áit i n-aice Charaig an Staidhre mar a raibh poll mór leathan doimhinn ar osgailt dóibh, agus do curtí síos sa pholl san i dteannta ’cheile iad. Do deintí an rud céadna leis an méid a bhíodh marbh istigh sa tigh díobh tar éis na h-oídhche.

Ní ró fhada, tar éis dul isteach dóibh, agus tar éis sgaramhaint le n-a mháthair dó, go dtáinig an bás ar Dhiarmuidín. Do caitheadh anáirde ar an dtrucail an corp beag agus do rugadh suas go dtí an poll mór é, agus do caitheadh isteach ann é i dteannta na gcorp eile. Ach ba chuma do’n leanbh é. Bhí a anam thuas i láthair Dé, i n-aoibhneas, abhfad sar ar caitheadh a chorp sa pholl. Níor bh’ fhada gur lean Síle Diarmuidín. Chuaidh a corp óg sa pholl, ach chuaidh a h-anam suas mar a raibh Diarmuidín, i láthair Dé, i n-aoibhneas na bhflathas, mar a raibh sólás aici agus cómhluadar naomh agus aingeal, agus cómhluadar na Maighdine Muire, agus caint a bhí níos fearr [ 43 ]go mór ’ná “Béarla Pheadair agus Seághainín Philib.”

Bhí an t‑athair agus an mháthair ag fiafraighe agus ag ceistiuchán chómh minic agus d’fhéadadar é i dtaobh Shíle agus Dhiarmuidín. Ní raibh an bheirt abhfad tar éis bháis nuair airigheadar é. Bhí an Ghaeluinn ag na daoine bochta go léir. Ní raibh sí ag na h‑uachtaránaibh, nó ní raibh sí acu ach go h‑olc. D’fhéadadh na daoine bochta eólus d’fhághail ar a chéile go minic a gan fhios dos na h‑uachtaránaibh. Chómh luath agus fuair an t‑athair agus an mháthair go raibh an bheirt leanbh tar éis bháis, tháinig a leithéid sin de bhuairt agus d’uaigneas ortha ná féadfaidís fanmhaint sa n‑áit. Bhíodar deighilte ó n‑a chéile, ach fuaradar caoi ar fhocal éigin do chur chun a chéile. Shocaruigheadar ar éalódh as an áit. Cáit ab ainim do’n mhnaoi. Do shleamhnuigh Pádraig amach as an dtigh ar dtúis. Do stad sé thuas i mbara Bhóthair na Sop ag fanmhaint le Cáit. I gcionn tamaill do chonaic sé ag teacht í, ach bhí sí ag siúbhal ana réidh. Bhí an bhreóiteacht uirthi. Chomáineadar leó suas i dtreó Charaig an Staidhre. Thánadar chun na h‑áite ’n‑a raibh an poll mór. Bhí fhios acu go raibh an bheirt leanbh thíos sa pholl san ameasg na gcéadta corp eile. Do stadadar i n‑aice an phuill agus ghoileadar a ndóithin. Thuas ar an nDoire Liath, lastoir de’n Chathairín, a bhí an bothán n‑a rabhadar ’n‑a gcómhnuighe ann sar a ndeigheadar isteach i dtigh na mbocht. D’fhágadar an poll mór, agus thugadar aghaidh siar ó-thuaidh ar an nDoire Liath, mar a raibh an bothán. Bhí an áit sé mhíle ’shlígh uatha, agus bhí an oídhche ag teacht, ach chomáineadar leó. Bhí an t‑ocras ortha agus bhí an bhreóiteacht ar Cháit. B’éigean dóibh [ 44 ]siúbhal ana réidh. Nuair a bhí cúpla míle de’n tslígh curtha dhíobh acu b’ éigean do Cháit stad. Ní fhéadfadh sí dul a thuille. Do casadh cómharsain ortha. Do tugadh deoch agus blúire éigin bídh chúcha, ach ní leigfeadh sgannradh d’aoinne bheith istigh a thabhairt dóibh toisg iad a bheith tagaithe lom díreach ó’n bpoorhouse, agus an droch bhreóiteacht a bheith ar an mnaoi. Níor dhein Pádraig ach an bhean do thógáilt chuige ar a mhuin agus comáint leis siar ó-thuaidh fé dhéin an bhotháin.

Bhí an fear bocht féin lag go maith. Bhéadh sé dian air an tslígh chur de gan aon ualach a bheith air. Nuair a bhí an t‑ualach air b’éigean dó stad go minic agus an t‑ualach do leigint uaidh siar ar chlaidh an bhóthair ar feadh tamaill. Ach pé tuirse a bhí air do lean sé ag cur na slíghe dhe. Níor sgar sé leis an ualach. Do shrois sé an bothán. Bhí an bothán fuar folamh roimis, gan teine gan teas.

Amáireach a bhí chúghainn tháinig cómharsa éigin chun an bhotháin. Chuaidh se isteach. Chonaic sé an bheirt istigh agus iad araon marbh, agus dhá chois a mhná istigh ’n‑a bhrollach ag Pádraig, fé mar a bhéadh sé a d’iaraidh iad do théidh. Do dheabhróch’ an sgéal gur mhothuigh sé lagachar an bháis ag teacht ar Cháit agus a cosa fuar, agus gur chuir sé na cosa isteach ’n‑a bhrollach féin chun an fhuachta do bhaint asta.

“Ba mhaith, agus ba dhílis, agus dob’ uasal an fear é!” adéarfaidh duine éigin b’fhéidir, “agus dob’ uasal an gníomh a dhein sé!”

Is fíor. Ach deirim-se an méid seo leat. Do deineadh na mílte gníomh de’n tsaghas chéadna san ar fuaid na h‑Éirean i gcaitheamh na h‑aimsire sin, agus níor dhein aoinne puínn iongnadh dhíobh mar gheall ar a bhfeabhas de ghníomharthaibh. Dar le gach aoinne [ 45 ]níor dhein Pádraig ua Buachalla ach an rud a dhéanfadh aon fhear gur bh’fhiú é Críostaidhe thabhairt air.

Bhí an firín úd n‑ar bh’ ainim dó Micheál ua Laoghaire ’n‑a chómhnuighe i mbothán ná raibh abhfad ó’n mbothán n‑a bhfuair Pádraig ua Buachalla agus a bhean bás ann. Micheál Dubh a tugtí mar leas-ainim ar Mhicheál ua Laoghaire. Caitilín Pruiséal ab ainim d’á mhnaoi. Bhí lán tíghe de chlainn acu. Ní raibh oiread agus aon fhocal amháin Béarla acu féin ná ag aoinne de’n chlainn. Tháinig an gorta go dian ortha. Tadhg ab ainim do’n mhac ba shine a bhí acu. Chonaic sé a athair agus a mháthair ag dul i laige leis an ocras, agus an t‑é b’ óige, de’n chlainn sínte marbh i gcúinne an bhotháin. D’árduigh sé tuagh agus sgian leis, agus siúd amach é, ar thuitim na h‑oídhche. Chuaidh sé isteach i gcró beithigheach le duine des na cómharsain, agus mhairbh sé ceann des na buaibh. Bhain sé cuid de’n chroicean de’n bhoin. Do nocht sé an méid de’n fheoil a theastuigh uaidh a bhreith leis. Thug sé leis an dá cheathramhain dheirigh. Tháinig sé abhaile. Bhí béile mhaith an oídhche sin acu go léir. Nuair a bhí an t‑ocras bainte dhíobh do rug Tadhg leis amach an corp a bhí sa chúinne, agus dhein sé poll amuich sa gháirdín, agus chuir sé an corp ann.

Nuair a tháinig an mhaidean d’eirigh muintir na bó. Do fuaradh an bhó marbh amuich sa chró, agus an dá cheathramhain dheirigh di imthighthe. D’imthigh an fear gur leis í go Maghchromtha agus thug sé leis bharántas cuardaigh. Bhí tuairim aige cár rugadh an fheóil. Tháinig sé féin agus pé oificeach dlíghe a bhí le n‑a chois aige, go bothán Mhichíl Duibh. Do fuaradh na cnámha agus cuid de’n fheóil. Do gabhadh ’n‑a phrísúnach Tadhg agus do rugadh síos go Maghchromtha [ 46 ]é, agus do cuireadh isteach sa phrísún é. Nuair a tháinig an t‑am do trialadh é. Do daoradh é gan puínn ríghnis, agus do cuireadh an loch amach é. Níor airigheas aon tuairisg riamh ó shin ar cad d’imthigh air ’n‑a dhiaigh san, ná ar cad í an chrích a rug é.

D’imthigh Micheál agus Caitilín agus an méid a bhí beó de’n chlainn d’imthigheadar as an mbothán agus chuadar ag siúbhal rómpa.

Raint laethanta tar éis iad a bheith imthighthe bhí cómharsa éigin ag gabháil thar an mbothán. Chonaic sé gadhar sa gháirdín agus rud éigin ’n‑a bhéal aige. Chaith sé cloch leis an ngadhar; do chaith an gadhar uaidh an rud a bhí ’n‑a bhéal aige agus do rith sé leis féin. Tháinig an chómharsa agus ba bheag ná gur thuit sé le sgannradh agus le h‑uathbhás nuair a fuair sé gur bh’ é rud a bhí ’n‑a bhéal ag an ngadhar ’ná lámh duine! Níor dhein Tadhg an poll doimhinn a dhóithin sar ar chuir sé an corp úd síos ann.

D’aimsigh an chómharsa bosga nó rud éigin d’á shórd, agus thóg sé an chuid eile de’n chorp aníos as an bpoll, agus do rug sé leis go dtí an roilig ba ghiora dhó an bosga, agus chuir sé ann é. Níor bh’ aon iongnadh an uair sin aoinne amháin a dh’fheisgint ag dul chun roilge agus cómhra i dtrucail aige, nó ar a mhuin dá mba ná bhéadh an trucail ná an capall aige.

Sin mar a bhí an sgéal an uair sin, go grána agus go fuathmhar agus go déistineach, mór-thímpal na h‑áite ’nar tógadh mise. Tuigim go raibh an sgéal ar an gcuma gcéadna díreach mór-thímpal na h‑Éirean go léir. Agus, donas an sgéil ar fad, ní le toil Dé, i gceart, a bhí an sgéal ar an gcuma san. Le toil daoine iseadh bhí an sgéal amhlaidh. Do sgaoileadh amach a’ h‑Éirinn an bhliain sin oiread arbhair, ní h‑eadh, [ 47 ]ach a dhá oiread, agus chothóch’ a raibh de dhaoine beo i n‑Éirinn. Bhí cuanta na h‑Éirean lán de loingeas, agus na loingeas lán d’arbhar na h‑Éirean, ag imtheacht as na cuantaibh, agus na daoine ar fuaid na h‑Éirean ag fághail bháis leis an ocras.

“Cad ’n‑a thaobh nár coimeádadh an t‑arbhar?” a déarfaidh duine, b’fhéidir.

Níor coimeádadh é mar níor bh’ fholáir é dhíol chun an chíosa dhéanamh, é féin agus an t‑ím agus an fheóil, agus an uile bhlúire eile de thoradh an tailimh, ach amháin an práta. Do rug an dubh an práta leis, agus ansan níor fhan aon bhlúire bídh le n‑ithe ag na daoine.

“Cad ’n‑a thaobh,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “nár deineadh dlígh chun na ndaoine do chosaint ar an éagcóir sin a chuir fhéachaint ortha an t‑arbhar do dhíol agus gan aon rud le n‑ithe do choimeád dóibh féin?”

Mo thruagh do cheann gan chiall! “Dlígh chun na ndaoine do chosaint,” arsa tusa. Airiú, dá dtráchtfá an uair sin le h‑uaislibh Shasana ar dhlígh chun na ndaoine do chosaint, déarfaidís gur ar buile bheifeá.

Ní chun na ndaoine chosaint a dheineadh muíntir Shasana dlighthe an uair sin i n‑aon chor. Chun na ndaoine do bhrúth síos agus do chreachadh, agus do chur chun báis le gorta agus le gach aon tsaghas éagcóra iseadh dheineadh muíntir Shasana dlighthe an uair sin. Is ait an sgéal é, ach bhí sórd seanfhocail ag muintir Shasana an uair sin. Sidé an seanfhocal:―

“Éagcóir ar an máighistir iseadh ceart do thabhairt do’n tineóntaidhe.”

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.