Page:Mo sgeal fein.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
41
AN GORTA

“Ar nóin,” ar sise, “dá mb’ eadh, do tuigfí é!”

Bhí máthair Shíle lá agus mám gairbhéil aici sa chorcáinín tón-leathan go ndeineadh sí an císte do bhácáil ann, bácús a tugtar air. Bhí sí ag sgiúradh agus ag sgiomar an bhácúis bhig, istigh ann, leis an ngairbhéal.

“Ó, a Mham!” arsa Síle, “an amhlaidh a chuirfir an gairbhéál sa chíste?”

“Is amhlaidh, a Shíle,” ars’an mháthair.

Siúd amach Síle. Chonaic sí Con.

“Ó, a Chon,” ar sisi, “cad a dhéanfaimíd? cad a dhéanfaimíd i n-aon chor?”

“Cad ’tá anois ort, a Shíle?” arsa Con.

“Tá,” ar sisi, “gairbhéal glas a bheith agam’ mháthair ’á chur sa chíste dhúinn, agus ní fheadar an tsaoghal conus fhéadfaimíd an císte dh’ithe. Brisfear ár bhfiacala go léir. Tá cuid des na clocha sa ghairbhéal ana mhór. Ní fágfar fiacal i gceann aoinne againn. Ach is cuma do Dhiarmuidín é. Ní’l aon fhiacal i n-aon chor aige fós.”

Dritháir beag óg a bhí ag Síle ab eadh Diarmuidín. Siúd isteach Con go bhfeicfeadh sé cad a bhí ag máthair Shíle ’á dhéanamh. Nuair a chonaic sé cad é an gnó a bhí de’n ghairbéal bí spórt acu.

Tháinig an gorta, agus b’éigean do Shíle agus d’á h-athair agus d’á máthair agus do Dhiarmuidín imtheacht síos go Maghchromtha agus dul isteach i dtigh na mbocht. An túisge n-a rabhadar istigh ann do sgaradh iad go léir le n-a chéile. Do cuireadh an t-athair ameasg na bhfear. Do cuireadh an mháthair ameasg na mban. Do cuireadh Síle ameasg na gcailíní mbeag. Agus do cuireadh Diarmuidín ameasg na