leanbh óg. Bhí an tigh go léir, agus a raibh de dhaoine bochta ann, múchta le gach aon tsaghas droch bhreóiteachtaí. Na daoine, chómh tiugh agus thagaidís isteach nách mór, ag tuitim le h-éagcruas, slán mar a n-innstear é, agus iad ag fághail bháis chómh tiugh agus thagadh an galar ortha. Ní bhíodh slígh d’á leath sa tigh. Ní dheinidís, an méid ná féadadh dul isteach díobh, ach dul agus iad féin do shíneadh ar phort na h-abhan ar an dtaobh thíos de’n drochad. Do chítí ansan iad gach aon mhaidean tar éis na h-oídhche, agus iad sínte ’n-a srathanaibh ann, cuid acu ag coruighe agus cuid acu socair go leór, gan aon chor acu ’á chur díobh. Do tagtí ar ball agus do tógtí an chuid acu ná bíod aon chor acu ’á chur díobh, agus do curtí isteach i dtrucailibh iad agus do beirtí suas iad go h-áit i n-aice Charaig an Staidhre mar a raibh poll mór leathan doimhinn ar osgailt dóibh, agus do curtí síos sa pholl san i dteannta ’cheile iad. Do deintí an rud céadna leis an méid a bhíodh marbh istigh sa tigh díobh tar éis na h-oídhche.
Ní ró fhada, tar éis dul isteach dóibh, agus tar éis sgaramhaint le n-a mháthair dó, go dtáinig an bás ar Dhiarmuidín. Do caitheadh anáirde ar an dtrucail an corp beag agus do rugadh suas go dtí an poll mór é, agus do caitheadh isteach ann é i dteannta na gcorp eile. Ach ba chuma do’n leanbh é. Bhí a anam thuas i láthair Dé, i n-aoibhneas, abhfad sar ar caitheadh a chorp sa pholl. Níor bh’ fhada gur lean Síle Diarmuidín. Chuaidh a corp óg sa pholl, ach chuaidh a h-anam suas mar a raibh Diarmuidín, i láthair Dé, i n-aoibhneas na bhflathas, mar a raibh sólás aici agus cómhluadar naomh agus aingeal, agus cómhluadar na Maighdine Muire, agus caint a bhí níos fearr