Mo Sgéal Féin/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 30 ]

V
DHÁ ARM AIGNE

Ag féachaint siar dom anois ar an saghas Gaeluinne a bhí d’á labhairt am’ thímpal ins gach aon bhall an uair sin, agus ’ghá cur i gcomparáid dom léis an nGaeluinn a dh’airighinn ’n-a dhiaigh san i n-áiteanaibh eile, téighean sé ’n-a luige go daingean ar m’ aigne go raibh sí níos fearr agus níos cruinne agus níos slachtmhaire, agus ’n-a theannta san níos treise mar arm aigne, ’ná aon tsaghas Gaeluinne d’ár airigheas riamh ó shin, a’ béalaibh [ 31 ]daoine ná a’ leabhraibh. ’Ghá cur i gcomparáid dom le teangthachaibh eile, le Laidion nó le Gréigis nó le Frainncis, fé mar a dh’fhoghlumuigheas raint díobh ’n-a dhiaigh san, téighean sé ’n-a luighe ar m’aigne, gur bh’fhearr d’arm aigne í ’ná aon teanga acu. B’fhéidir go raibh an Ghréigis níb’ fhearr ’ná í nuair a bhí an Ghréigis beó agus muíntir na Gréige ’ghá labhairt, ach ní raibh ar mo chumas-sa an chomparáid a dhéanamh ach amháin idir mo Ghaeluinn bheó féin agus an Ghréigis a fuaras ins na leabhraibh; agus chómh fada agus chuaidh an chomparáid sin bhí an buadh agam’ Ghaeluinn féin. Is dócha go ndéarfadh duine a tógadh i n-áit eile, nó i gcúig eile, i n-Éirinn, an rud céadna i dtaobh Gaeluinne na cúige gur tógadh é féin ann. Ach tá raint neithe againn chun an sgéil do bhrath. Sar ar fhágas-sa Lios Caragáin níor airigheas riamh amach a’ béal duine na h-abartha so, .i. “Tá mé”; “bhí mé”; “bhí siad.” D’airighinn i gcómhnuighe “Táim”; “bhíos”; “bhíodar,” ⁊c. Neithe beaga iseadh iad san, ach is neithe beaga iad a thagan isteach go mion minic sa chaint. Agus is slacht ar an gcaint an módh dlúithte seachas an módh sgurtha. Ar an gcuma gcéadna, is neamhshlacht ar an gcaint an módh sgurtha seachas an módh dlúithte. D’á éaghmuis sin bíon sa chaint dhlúithte neart agus fuinneamh nách féidir a bheith sa chaint a bhíon ag tuitim as a chéile.

Lasmuich ar fad de’n deifrigheacht san atá, i slacht agus i neart agus i bhfuinneamh, idir an chaint go mbíon a lán de’n mhódh sgurtha inti agus an chaint a ghlacan mar rogha an módh dlúithte, bhí sa Ghaeluinn a bhí am’ thímpal-sa deich mbliana agus trí fichid ó shin, tréithe chun nirt agus chun fuinnimh agus chun deisbhéalaighe agus chun géire urlabhra agus chun [ 32 ]solusmhaire, nách féidir liom a dh’fhághail anois i n-aon tsórd cainte d’á bhfuil ar siubhal, i mBéarla ná i nGaeluinn. Tá bárr ’á thabhairt do’n mhódh sgurtha sa Ghaeluinn, agus módh sgurtha ar fad iseadh an Béarla. Tá an Béarla tuitithe as a chéile ar fad.

Mura mbéadh an bhean úd a tháinig adtuaidh agus do thug léi an ainim chúil le cine úd, ní bhéadh “Peadar” mar ainim orm-sa. B’fhéidir ná beinn ann i n-aon chor. Agus mura mbéadh gur díbreadh amach ameasg na gcnuc seana Bharnabí agus a bheirt mhac, Diarmuid agus Peadar, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, nó ní bhéadh sí ar aon tslacht agam, agus ní bheinn ’ghá sgrí anso anois mar atáim. Táim ag déanamh mo dhíchil ar í chur síos am’ sgríbhinn díreach mar a fuair mo chluas í ó dhaoine mar sheana Dhiarmuid ua Laoghaire agus mar Mhicheál Dubh, agus mar Mháire Ruadh, agus mar a h-inghean, .i. Peig.

Ach má bhí caoi mhaith agam ar an nGaeluinn a bheith agam ar áilleacht ó’n gcéad neómat n-ar thosnuigh caint ar theacht dom, bhí caoi mhaith agam, leis, ar Bhéarla bheith agam ar an áilleacht gcéadna díreach, ó’n gcéad neómat gcéadna. Seo mar a thárla san. Bhí, mar adúbhart, athair mo mháthar, Conchubhar ua Laoghaire, ’n-a chómhnuighe ar an Mullach Ruadh, cheithre mhíle ó-thuaidh ó Shráidh an Mhuilinn. Bhí feirm mhór thailimh aige ann, agus talamh foghanta ab eadh é, murar bh’ ionan agus portaighthe agus caraigreacha Lios Caragáin. Bhí féar dachad bó aige de’n talamh san, agus bhí sé acfuinneach neamhspleadhach go maith. I n-éaghmuis é bheith acfuinneach, fear creideamhnach ab eadh é go raibh meas ag uasal agus ag íseal air. Bean ana chreideamhnach, ameasg uasal agus íseal, leis, ab eadh an bhean a bhí pósta aige, Neill ní Icídhe, [ 33 ]Neill ní Taidhg, inghean do Thadhg ’ach Aindriais a bhí thiar ar an Athán, mar adúbradh. Bhí cúigear mac acu agus triúr inghean. Do cuireadh tabhairt suas maith ar an gclainn, ’sé sin fé mar a bhí caoi an uair sin ar aon nídh i bhfuirm tabhairt suas do chur ar chlainn i n-Éirinn. Do cuireadh beirt de’n chlainn inghean, chómh luath agus bhíodar i n-aois chuige, siar go Cill Áirne ar sgoil, agus do cuireadh beirt de’n chlainn mhac ar sgoil Laidne. Do chuaidh duine de’n bheirt mhac san isteach sa choláisde ’n-a dhiaigh san chun bheith ’n-a shagart. Nuair a bhí raint blianta caithte sa choláisde aige do thuig sé i n-a aigne ná raibh an ghlaodh fághalta aige ó Dhia chun bheith ’n-a shagart, agus tháinig sé abhaile agus chrom sé ar sgoil Laidne do mhúineadh i gCeann Tuirc. Tamall sar ar fhág sé an coláisde fuair a athair bás. Ansan do tháinig an bheirt inghean abhaile ó Chill Áirne. Do pósadh duine acu, Neill, le fear gur bh’ ainim dó Risteárd ó Laoghaire, a bhí ’n-a chómhnuighe thiar ar Chnuc an Eirbaill, chúig mhíle soir ó-thuaidh ó Chill Áirne. Chuaidh an inghean eile de’n bheirt soir go Ceann Tuirc ag triall ar a dritháir chun bheith ag tabhairt conganta dhó sa sgoil. I dteannta na neith’ eile a múineadh di i gCill Áirne do múineadh raint éigin Frainncise dhi. Ní dócha gur múineadh an Fhrainncis di i dtreó go dtuigfeadh fear ó’n bhFrainnc í, ach do múineadh di í chómh maith agus do féadadh é. Nuair a chuaidh sí ag triall ar a dritháir agus bhí sí ag cabhrughadh leis sa sgoil, is ag múineadh Béarla agus Frainncise a bhíodh sisi, agus eisean ag múineadh na Laidne agus na Gréigise. Ansan, nuair a bhí sí cheithre bliana fichead nó mar sin, do pósadh í féin agus m’ athair agus tháinig sí go Lios Caragáin.

Thug sí léi mórán leabhar, leabhair Bhéarla agus [ 34 ]leabhair Frainncise. Chómh luath agus bhíos-sa ábalta ar aon mhúineadh do ghlacadh do thosnuigh si ar Bhéarla do mhúineadh dhom, agus ansan ar an bhFrainncis do mhúineadh dhom, i dtreó go mbínn bodhar go minic ó dhaoine a thagadh isteach, nó do bhuaileadh umam amuich, ’gha iaraidh orm Frainncis do labhairt dóibh.

Pé saghas an Fhrainncis, bhí an Béarla go bríoghmhar aici, níb’ fhearr go mór agus níba chruinne, agus níba chirte, ’ná aon Bhéarla do múintí ins na sgoileanaibh. Ach ba chuma dhómh-sa cad é an saghas Béarla do múintí ins na sgoileanaibh, mar bhí na sgoileana ró fhada uaim. An sgoil ba ghiorra dhúinn bhí sí chúig mhíle mhóra uainn. Ba mhaith an bhail orm-sa nár bh’ fhéidir dom dul ar an sgoil sin. Dá mbéadh sí níba chómhgaraíghe dhúinn, is dócha, nídh nách iongnadh, go dtabharfainn mo laethanta istigh inti; agus dá dtugainn, níor bh’ fhéidir dom gan an droch Bhéarla do dhul i bhfeidhm ionam. B’éigean dom fanmhaint sa bhaile, agus pé múineadh a thug mo mháthair dom déanamh leis, go dtí gur neartuigheas. Bhíos trí bliana déag sar a ndeigheas isteach i n-aon sgoil. Bhí a raibh de leabhraibh Béarla sa bhaile againn léighte agus ath-léighte agam um an dtaca san. Chómh luath agus bhí ionam gabháil amach ag aedhreacht na mbó, bhíodh pé leabhar ab fhearr a thaithneadh liom bhíodh sé agam amuich cois claidhe nó tuir nó sgeithe agus mé ’ghá léigheadh. ’Sé rud a tháinig as dom ’ná go raibh mórán de Mhilton agus de Shakespeare agus de Rudeki, (leabhar ná feaca riamh ó shin) de ghlan mheabhair agam.

Má bhí Béarla maith agam’ mháthair agus tabhairt suas maith uirthi, bhí an Ghaeluinn aici ar áilleacht, leis. Ní raibh tigh a h-athar ach tímpal le ceathramhadh mhíle ó Chuilinn Uí Chaoimh. Bhí Gaeluinn bhreagh d’á labhairt [ 35 ]an uair sin i gCuilinn Uí Chaoimh agus ar fuaid Dhúth’Alla go léir. Ní deirim ná go bhfuil Gaeluinn mhaith le h-aireachtaint fós i gCuilinn. Ach ta sí nách mór caithte uatha ag formhór mhuíntir Dhúth’Alla. Thugas féin tamall aimsire, bliain is dóich liom, i nDúth’Alla, i n-aice Cheann Tuirc, breis agus deich mbliana a’s dachad ó shin. Bhí aos óg na h-áite an uair sin ag eirighe suas agus gan aon fhocal Gaeluinne acu, agus donas an sgéil ar fad, an saghas Béarla a bhí acu níor airigheas riamh roimis sin ná riamh ó shin aon chaint chómh grána leis. Nuair a bhínn ag éisteacht leo chuiridís coitchianta i gcuimhne dhom an focal a deireadh Diarmuid ua Muíneacháin:―

“Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn.”

I gCuilinn Uí Chaoimh a bhíodh Diarmuid ’n-a chómhnuighe, agus is dócha gur thug sé fé ndeara na daoine óga ag caitheamh na Gaeluinne uatha agus ag labhairt an Bhéarla ghrána bhriste.

Bhí ana sheans orm-sa pé ’r domhan é. Bhí idir Bhéarla agus Gaeluinn agam os cionn mo chliabháin. Mura mbéadh an áit ’n-ar rugadh agus ’n-ar tógadh mé, ámhthach, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, agus mura mbéadh an mháthair a tugadh dom ní bhéadh an Bearla agam. Agus féach, mura mbéadh idir Ghaeluinn agus Béarla do bheith agam mar atáid, ní bhéadh aon bhreith i n-aon chor agam ar an obair a dhéanamh atá déanta agam. Pé feabhas fé leith a bhéadh ar an mBéarla agam, ní thabharfadh sé aon chumas dom ar an nGaeluinn do ghlacadh mar arm aigne agus do láimhseáil mar arm aigne. Is amhlaidh a bhéadh an Béarla a’m chur amú sa láimhseáil sin. Pé feabhas fé leith a [ 36 ]bhéadh agam ar an nGaeluinn bhéadh an cur amú céadna aici-si ’á dhéanamh orm i dtaobh an Bhéarla. Ach do fuaras greim fé leith ar gach arm de’n dá arm aigne, agus eólus fé leith ar conus gach arm acu do láimhseáil; ansan, i n-inead bheith ag cur a chéile amú orm, is amhlaidh a bhíd siad ag cabhrughadh le n-a chéile agam.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.