Mo Sgéal Féin/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 25 ]

IV
CLAMPAR DLÍGHE

Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, bheith am’ shuidhe sa chúinne i n-aice na teine tráthnóna geimhrigh. Bhí seana Dhiarmuid ua Laoghaire, dritháir athar do m’athair-se, ’n-a shuidhe ar chathaoir lasmuich dhíom ar an dtaobh gcéadna de’n teine. D’á chómhartha san féin bhí gadhar leis a tháinig i n-aonfheacht leis, ’n-a luighe istigh idir chosaibh na cathaoireach. Thagadh sé féin agus an gadhar go minic mar sin chúghainn, nuair a bhíodh na h-oídhcheanta fada ann, agus thugadh sé tamall de thosach na h-oídhche ag caint agus ag innsint seana sgéalta. An oídhche seo adeirim do thárla dhó bheith ag trácht ar an gcéad chlampar dlíghe a dh’éirigh ameasg na dtineóntaithe mar gheall ar an léas a bheith i bpáirt acu. D’eirigh an clampar san abhfad sar a dtánag-sa ar an saoghal. Ní raibh m’ athair ach ’n-a leanbh nuair eirigh sé. Bhí duine des na tineóntaithibh ’n-a chómhnuighe ar an dtaobh thuaidh de’n chnuc, ag bun na faille ar a dtugtar Faill na bhFiach. Leaba Dhiarmuda a tugtar ar a dtaobh san de’n chnuc, agus Lios Caragáin ar an dtaobh theas, mar a rabhamair féin i n-ár gcómhnuighe.

Bhí an léas raint blianta ar bith. Bhí an t-airgead breagh mór d’á fhághail ar gach aon rud, mar gheall ar chogaíbh Bhonaparte. Bhí an “máighistir” go cráidhte cancarach toisg gan neart a bheith dhó an cíos d’árdughadh. Isé rud ar ar shocaruigh sé féin agus a reachtaire ’ná sgaoileadh leis an dtineóntaidhe a bhí ar leaba Dhiarmuda agus gan aon leathphinne cíosa [ 26 ]d’eileamh air ar feadh abhfad. Do leigeadar ortha gur le truagh dhó a dheineadar é. Ní bhíodh an cíos aige nuair a bhíodh sé ag glaodhach agus an chuid eile ag díol, agus do leigidís ortha nár mhaith leó bheith dian air. Nuair a bhí oiread amuich aige agus gur dhóich leó go ndiúltóch’ an chuid eile d’é dhíol tar a cheann do chomáineadar an dlígh ar siubhal. Do chosain an chuid eile an cás. Tar éis mórán trioblóide agus mórán cosdais do bhuadhdar ar an máighistir. Do dhíoladar an cíos thar cheann an fhir a dh’fhan siar, ach do tugadh dóibh úsáid na feirme a bhí aige-sean go dtí go mbéadh a gcuid féin acu thar n-ais aisti. Ansan iseadh d’eirigh an toirmeasg ar fad. Ní thabharfadh fear na feirme talamh ná airgead dóibh. B’éigean dóibh gabháil tré chúrsa eile dlíghe chun é a chur a’ seilbh, agus nuair a bhí ughdarás dlíghe acu chun na sealbha, b’éigean dóibh féin dul agus é chur amach, nó é ghabháil ’n-a phrísúnach, gan aon chongnamh ó armáil na rígheachta.

Do chruinnigh cualacht díobh. Bhí cuid acu luath láidir óg. Bhí fear díobh go raibh ana urchar ciotóige aige. Aon rud go gcaithfeadh sé cloch leis as an gciotóig do bhuailfeadh sé é. Dómhnaill ua Tuathaig ab ainim dó. Ní raibh aon arm teine acu. Thugadar aghaidh ar an dtigh. Sar ar thánadar ró achmair do’n tigh tháinig an fear a bhí uatha amach agus guna aige. Do stad cuid acu nuair a chonacadar an guna. D’aimsigh Dómhnaill ua Tuathaig dhá chloich, cloch ins gach láimh leis. Do shiúbhluigh sé go réidh i dtreó an fhir go raibh an guna aige. Do thóg seisean an guna agus shín sé i dtreó Dhómhnaill é. Níor staon Dómhnall. Do shiúbhluigh sé cos ar chois i dtreó an ghuna. Theastuigh ó Dhómhnall teacht i ngioracht faid [ 27 ]a urchair féin d’fhear an ghuna. Nuair a fuair fear an guna ag teacht ró achmair dó é, do ghaibh sé amus cruinn air, agus tharaing sé an triccer. Do bhuail an casúr a bhuille, ach do theip teine. Do lean Dómhnall ag teacht. Do thóg an fear eile an guna airís agus thug sé iaracht eile ar an urchar do chaitheamh. Do theip teine an tarna h-uair. Do theip teine an trímhadh h-uair. Fé dheire bhí Dómhnall chómh h-achmair agus theastuigh uaidh bheith. Do chaith sé urchar na ciotóige. Do h-aimsigheadh fear an ghuna i gclár a éadain leis an gcloich díreach sar a’ raibh uain aige ar a mhéar do luighe ar an dtriccer an ceathramhadh uair. Do thuit sé. Do tógadh uaidh an guna agus do ceangaladh é. Nuair a tháinig sé chuige féin bhí sé istigh i gcara trucaileach agus iadsan ’ghá bhreith leó go Mághchromtha ’n-a phrísúnach.

Ní raibh de stoc acu le tabhairt leó as an áit ach cúpla seana chaoira. Bhíodar ag gabháil síos Bóthar na Cathairíneach agus an dá sheana chaoira rómpa amach, agus an guna ’n-a láimh ag duine acu. Bhíodar deimhnightheach go raibh an guna folamh agus gur bh’shiné cúis n-ar theip teine na trí h-uaire as a chéile. Thuigeadar ná raibh ó’n bhfear ach eagla chur ortha; ná raibh aon aidhm aige ar aoinne do mharbhadh. D’eirigh aighneas éigin eatartha. Bhí an t-aighneas ag dul i ngéire. Do thóg an fear go raibh an guna ’n-a láimh aige, do thóg sé an guna le spórt, mar ’dh eadh chun an aighnis do chosg.—“Eist do bhéal nó lámhfad thu!” ar seisean le duine de’n bheirt a bhí ag déanamh an aighnis. Bhí a mhéar ar an dtriccer. Do luigh sé ar an dtriccer. Le linn luighe ar an dtriccer dó do bhuail fear eile lámh ar bhairille an ghuna agus d’iompuigh sé i leith taoibh é. Do ghluais an t-urchar [ 28 ]’n-a lán neart agus do thuit ceann des na chaoire marbh ar an mbóthar!

Bhí iongnadh agus alltacht ortha go léir. Ní raibh aon choinne acu ná go raibh an guna folamh. Do chaith an fear go raibh an guna ’n-a láimh aige, chaith sé é féin ar ghealacán a dhá ghlún ar an mbóthar ag breith a bhuidhchais le Dia nár bh’ é an duine a bhí marbh aige i n-inead na seana chaereach. Agus b’ é duine bhéadh marbh aige ’ná an Dómhnall ó Tuathaig céadna do bhí tar éis an phrísúnaigh do leagadh tamall beag roimis sin leis an gcloich a chaith sé as an gciotóig leis.

“Airiú, a chrochaire,” ar siad go léir leis an bprísúnach, “do mheasais dáiríribh Dómhnall ó Tuathaig do lámhach!”

Níor labhair an prísúnach focal. D’iompuigheadar air agus do geóbhfaí go maith air mura mbéadh Dómhnall ó Tuathaig ’ghá chosaint.

Do rugadh síos go Mághchromtha é, agus do cuireadh tré pé cúrsaí dlíghe a bhí riachtanach é. Do dhíol duine éigin des na tineóntaithibh an cíos a bhí ar an bhfeirm agus do tugadh dó an fheirm go dtí go mbéadh a chuid féin thar n-ais aige aisti.

Bhíos-sa ag éisteacht leis an méid sin sgéil agus mé sáidhte istigh sa chúinne, agus níor chuaidh aon fhocal de’n sgéal amú uaim; agus ní raibh oiread agus aon fhocal amháin d’ár tháinig chúgham gur ghádh dhom a dh’fhiafraighe cad é an brígh a bhí leis. Thuigeas an chaint chómh cruinn agus do thuig seana Dhiarmuid féin í.

Lá éigin tímpal na h-aimsire céadna bhí beirt fhear ag obair thíos i bPáirc na gCloch. Ní cuimhin liom anois ciacu ag cur phrátaí a bhíodar nó ag baint [ 29 ]phrátaí. Bhíos féin ann, leis. Bhíos am’ sheasamh ar a n-aghaidh amach ag éisteacht leó agus iad ag caint. Isiad beirt a bhí ann ’ná Labhrás ua Duinnín agus fear n-ar bh’ ainim dó Micheál ua Laoghaire. Firín ana bheag, ana dhubh, ab eadh é, agus Micheál Dubh a tugtí air. Pé caint a bhí ar siúbhal acu measaim gur b’ amhlaidh nár mhaith leo mise bheith ag éisteacht chómh géar leis an gcaint. Chaitheadar uatha an chaint, agus d’iompuigheadar orm-sa.

“Seadh anois, a Pheadair,” arsa Micheál Dubh, “ciacu againn is measa leat?”

“Is measa leis mise,” arsa Labhrás.

“Thugais d’éitheach, ní measa,” arsa Micheál; “is measa leis mise,” ar seisean.

“Deirim-se gur bréag dhuit sin,” arsa Labhrás; “is measa leis mise.”

“Cuirfidh mé geall leat,” arsa Micheál, “gur measa leis mise.”

“Seadh, a Pheadair,” arsa Labhrás, “ ciacu againn is measa leat?”

“Is measa liom tusa,” arsa mise, “agus is fearr liom Micheál.”

Do stad an bheirt agus d’fhéachadar orm. Ansan d’fhéachadar ar a chéile, agus do sgeartadar ar gháirí.

“Airiú, nách géarchúiseach an bioránach é!” arsa Labhrás.

“Is ait an freagra é,” arsa Micheál Dubh. “Is measa leis tusa agus is fearr leis mise!”

Le n-a linn sin d’fhéac Labhrás anonn i dtreó a thíghe féin a bhi thall ar mhullach na réidhe. Bhí gáirdín beag cabáiste aige thall ar aghaidh an tíghe amach. Bhí cúpla gabhar aige thall, leis. Do thárla, nuair fhéach sé [ 30 ]anonn, go raibh an dá ghabhar ’n-a seasamh i n-aice chlaidhe an gháirdín, lasmuich de’n chlaidhe, ach gur dhóich le duine dh’fhéachfadh ortha ó Pháirc na gCloch, go rabhadar laistigh de’n chlaidhe. Cheap Labhrás bocht gur laistigh a bhíodar agus ná fágfaidís aon bhlúire de’n chabáiste gan ithe. Chuir sé a mhéar ’n-a bhéal agus do leig sé fead bhreagh láidir bhinn ar an muíntir thall. Ní raibh aon mhaith dhó ann; níor airigh aoinne é. Do leig sé fead eile. Níor tháinig aoinne amach as an dtigh.

“Ó, a chreach láidir é! mo gháirdín breagh! Beidh sé ithte! beidh sé ithte!” ar seisean.

Siúd anonn é agus é ag ruith. Nuair a shrois sé an áit thall fuair sé gur lasmuich de’n chlaidhe a bhí na gabhair, agus ná raibh aon bhlúire díobhála déanta do’n gháirdín.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.