Page:Mo sgeal fein.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
30
MO SGÉAL FÉIN

anonn, go raibh an dá ghabhar ’n-a seasamh i n-aice chlaidhe an gháirdín, lasmuich de’n chlaidhe, ach gur dhóich le duine dh’fhéachfadh ortha ó Pháirc na gCloch, go rabhadar laistigh de’n chlaidhe. Cheap Labhrás bocht gur laistigh a bhíodar agus ná fágfaidís aon bhlúire de’n chabáiste gan ithe. Chuir sé a mhéar ’n-a bhéal agus do leig sé fead bhreagh láidir bhinn ar an muíntir thall. Ní raibh aon mhaith dhó ann; níor airigh aoinne é. Do leig sé fead eile. Níor tháinig aoinne amach as an dtigh.

“Ó, a chreach láidir é! mo gháirdín breagh! Beidh sé ithte! beidh sé ithte!” ar seisean.

Siúd anonn é agus é ag ruith. Nuair a shrois sé an áit thall fuair sé gur lasmuich de’n chlaidhe a bhí na gabhair, agus ná raibh aon bhlúire díobhála déanta do’n gháirdín.




V
DHÁ ARM AIGNE

Ag féachaint siar dom anois ar an saghas Gaeluinne a bhí d’á labhairt am’ thímpal ins gach aon bhall an uair sin, agus ’ghá cur i gcomparáid dom léis an nGaeluinn a dh’airighinn ’n-a dhiaigh san i n-áiteanaibh eile, téighean sé ’n-a luige go daingean ar m’ aigne go raibh sí níos fearr agus níos cruinne agus níos slachtmhaire, agus ’n-a theannta san níos treise mar arm aigne, ’ná aon tsaghas Gaeluinne d’ár airigheas riamh ó shin, a’ béalaibh