Page:Mo sgeal fein.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
33
DHÁ ARM AIGNE

Neill ní Taidhg, inghean do Thadhg ’ach Aindriais a bhí thiar ar an Athán, mar adúbradh. Bhí cúigear mac acu agus triúr inghean. Do cuireadh tabhairt suas maith ar an gclainn, ’sé sin fé mar a bhí caoi an uair sin ar aon nídh i bhfuirm tabhairt suas do chur ar chlainn i n-Éirinn. Do cuireadh beirt de’n chlainn inghean, chómh luath agus bhíodar i n-aois chuige, siar go Cill Áirne ar sgoil, agus do cuireadh beirt de’n chlainn mhac ar sgoil Laidne. Do chuaidh duine de’n bheirt mhac san isteach sa choláisde ’n-a dhiaigh san chun bheith ’n-a shagart. Nuair a bhí raint blianta caithte sa choláisde aige do thuig sé i n-a aigne ná raibh an ghlaodh fághalta aige ó Dhia chun bheith ’n-a shagart, agus tháinig sé abhaile agus chrom sé ar sgoil Laidne do mhúineadh i gCeann Tuirc. Tamall sar ar fhág sé an coláisde fuair a athair bás. Ansan do tháinig an bheirt inghean abhaile ó Chill Áirne. Do pósadh duine acu, Neill, le fear gur bh’ ainim dó Risteárd ó Laoghaire, a bhí ’n-a chómhnuighe thiar ar Chnuc an Eirbaill, chúig mhíle soir ó-thuaidh ó Chill Áirne. Chuaidh an inghean eile de’n bheirt soir go Ceann Tuirc ag triall ar a dritháir chun bheith ag tabhairt conganta dhó sa sgoil. I dteannta na neith’ eile a múineadh di i gCill Áirne do múineadh raint éigin Frainncise dhi. Ní dócha gur múineadh an Fhrainncis di i dtreó go dtuigfeadh fear ó’n bhFrainnc í, ach do múineadh di í chómh maith agus do féadadh é. Nuair a chuaidh sí ag triall ar a dritháir agus bhí sí ag cabhrughadh leis sa sgoil, is ag múineadh Béarla agus Frainncise a bhíodh sisi, agus eisean ag múineadh na Laidne agus na Gréigise. Ansan, nuair a bhí sí cheithre bliana fichead nó mar sin, do pósadh í féin agus m’ athair agus tháinig sí go Lios Caragáin.

Thug sí léi mórán leabhar, leabhair Bhéarla agus