Page:Mo sgeal fein.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
34
MO SGÉAL FÉIN

leabhair Frainncise. Chómh luath agus bhíos-sa ábalta ar aon mhúineadh do ghlacadh do thosnuigh si ar Bhéarla do mhúineadh dhom, agus ansan ar an bhFrainncis do mhúineadh dhom, i dtreó go mbínn bodhar go minic ó dhaoine a thagadh isteach, nó do bhuaileadh umam amuich, ’gha iaraidh orm Frainncis do labhairt dóibh.

Pé saghas an Fhrainncis, bhí an Béarla go bríoghmhar aici, níb’ fhearr go mór agus níba chruinne, agus níba chirte, ’ná aon Bhéarla do múintí ins na sgoileanaibh. Ach ba chuma dhómh-sa cad é an saghas Béarla do múintí ins na sgoileanaibh, mar bhí na sgoileana ró fhada uaim. An sgoil ba ghiorra dhúinn bhí sí chúig mhíle mhóra uainn. Ba mhaith an bhail orm-sa nár bh’ fhéidir dom dul ar an sgoil sin. Dá mbéadh sí níba chómhgaraíghe dhúinn, is dócha, nídh nách iongnadh, go dtabharfainn mo laethanta istigh inti; agus dá dtugainn, níor bh’ fhéidir dom gan an droch Bhéarla do dhul i bhfeidhm ionam. B’éigean dom fanmhaint sa bhaile, agus pé múineadh a thug mo mháthair dom déanamh leis, go dtí gur neartuigheas. Bhíos trí bliana déag sar a ndeigheas isteach i n-aon sgoil. Bhí a raibh de leabhraibh Béarla sa bhaile againn léighte agus ath-léighte agam um an dtaca san. Chómh luath agus bhí ionam gabháil amach ag aedhreacht na mbó, bhíodh pé leabhar ab fhearr a thaithneadh liom bhíodh sé agam amuich cois claidhe nó tuir nó sgeithe agus mé ’ghá léigheadh. ’Sé rud a tháinig as dom ’ná go raibh mórán de Mhilton agus de Shakespeare agus de Rudeki, (leabhar ná feaca riamh ó shin) de ghlan mheabhair agam.

Má bhí Béarla maith agam’ mháthair agus tabhairt suas maith uirthi, bhí an Ghaeluinn aici ar áilleacht, leis. Ní raibh tigh a h-athar ach tímpal le ceathramhadh mhíle ó Chuilinn Uí Chaoimh. Bhí Gaeluinn bhreagh d’á labhairt