Mo Sgéal Féin/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
An audio file of the chapter being read by native speaker in the Cork Gaeltacht, Mairéad Uí Lionáird, June 4th 2009
[ 48 ]

VII
SGOIL CHARAIG AN IME

Nuair a bhíos tímpal trí bliana déag d’aois do cuireadh suas tigh sgoile i gCaraig an Ime thoir. Go dtí san is istigh sa bhaile a bhíodh an sgoil agam féin agus ag an gcuid eile de chlainn m’athar agus mo mháthar. Bhímís ag obair fan lae ar an bhfeirm bheag, an méid againn a bhí ábalta ar aon rud i bhfuirm oibre do dhéanamh. Nuair a thagadh an oídhche do lasadh mo mháthair coinneal ar an mbórd, agus chuireadh sí i n‑ár suídhe tímpal an bhúird sinn, agus thugadh sí na leabhair dúinn, agus múineadh sí ár gceachtana dhúinn. Bhí an múineadh thugadh sí dhúinn níb’ fhearr go mór ’ná an múineadh a tugtí dos na leanbhaíbh a bhíodh ins na sgoileanaibh. Mar sin féin do ceaptí, nídh nár bh’ iongnadh, gur chóir gur bh’ fhearr an múineadh a tugtí ins na sgoileanaibh.

Do h‑osgaladh sgoil Charaig an Ime. Do cuireadh múinteóir isteach ann d’ár bh’ ainim Cormac ua Luasa. Do cuireadh mise ar sgoil ann. Is cuimhin liom go maith an chéad lá chuas isteach ann. Ní fheidir Cormac cad é an rang de’n sgoil ’n‑a gcuirfeadh sé mé. Bhí cuid de’n eólus ró mhaith agam, agus bhí tuille dhe ná raibh i n‑aon chor agam. Bhíos ábalta ar na leabhair a bhí acu do léigeadh ar áilleacht, níb’ fhearr go mór ’ná na buachaillí dob’ fhearr a bhí aige. Ansan bhí rudaí eile nár airigheas riamh aon teacht thórsa. Isé rud a dheineadh sé ’ná tamall thíos agus tamall thuas a thabhairt dom. Chuireadh sé tamall ag múineadh mé agus tamall ag foghluim. Bhí tabhairt [ 49 ]suas maith air féin, agus an ceann go maith aige. Ach bhí sé ana theasaidhe.

Sa sgoil sin a chonac, an chéad uair riamh, rud a chuir iongnadh mo chroídhe orm, daoine óga ag foghluim focal, agus ’ghá léigheadh, agus ’ghá labhairt, agus ’ghá innsint cad é an brígh a bhíodh leó, agus gan aon phioc d’á fhios acu cad é an brígh a bhíodh leis na focalaibh ’ná leis an mbrígh! Ní baoghal go mbíodh rud de’n tsórd san sa bhaile againn. Ní baoghal go bhfágtí aon fhocal gan a bhrígh thabhairt dúinn i dtreó go dtuigfimís idir fhocal agus brígh.

Is cuimhin liom conus mar a bhinn, uaireanta, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht agus sinn i n‑ár suidhe ag desganaibh na sgoile. Bhínn am’ shuidhe agus na buachaillí eile, cuid acu níba mhó agus níba shine go mór ’ná mé, bailighthe am’ thímpal i dtreó go mbínn múchta acu, agus mé ag freagairt ceisteana dhóibh, ’ghá innsint dóibh cad é an brígh a bhíodh leis na focalaibh a bhíodh sa cheacht. Iongnadh ortha-san cá bhfuaras-sa an t‑eólus go léir, agus iongnadh orm-sa conus fhéadfadh aoinne bheith gan an t‑eólus san. Do chíodh Cormac sinn, ach ní leigeadh sé air go bhfeiceadh. Bhíodh fhios aige go mbíodh tairbhe d’á dhéanamh, agus bhíodh sé sásta.

Níor bh’ aon iongnadh i n‑aon chor an sgéal a bheith mar sin idir mise agus na buachaillí eile úd. Níor tugadh dóibh-sin riamh an chaoi a tugadh dómh-sa ar an eólus a bheith agam ar na focalaibh Béarla úd. Ní airighdís choídhche aon fhocal sa bhaile ach Gaeluinn, nó Béarla briste. An Béarla a bhí ins na leabhraibh a bhí acu ba mhar a chéile dhóibh é agus Gréigis.

Bhí an Ghaeluinn go breagh againn go léir. Bhí sí go h‑áluinn ag Cormac féin. Bhí an clós a bhí ar [ 50 ]aghaidh tíghe na sgoile amach bhí sé lán de charaigreachaibh móra cloch. Chonac beirt fhear ann lá agus iad ag briseadh na gcloch chun iad a bhreith as an áit. Bhí Cormac ag caint leis na fearaibh. As Gaeluinn a bhíodar ag caint. Bhí aon chloch amháin ann agus bhí teipithe ar na fearaibh í bhriseadh, bhí sí chómh cruaidh sin. Bhí sí trí nó ceathair de throighthibh ar raímhre ar gach aon tslígh, agus í, ba dhóich leat, chómh cómhchruinn le liathróid coise. Bhí na fir ag iniúchadh uirthi féachaint a’ bhféadfaidís aon áit fhághail ’n‑a sgoilfeadh buille maith láidir de’n órd í ach í bhualadh ann. Bhí ag teip ortha. Do rug Cormac ar an órd. Fear óg láidir cruaidh fuinneamhail ab eadh é an uair sin.

“Druididh amach uaithe!” ar seisean.

Bhain sé casadh as an órd, agus bhuail sé a bhuille chómh maith agus bhí ’n‑a chuisleanaibh agus ’n‑a chorp é bhualadh. Bhíos ag féachaint air. Ba dhóich leat gur mhó go mór an fuinneamh a bhí leis an órd ag eirighe de’n chloich ’ná mar a bhí leis ag teacht anuas uirthi. Is dóich liom gur chrith an t‑adhmad i láimh Chormaic i dtreó gur chuir sé codla grífín sa láimh. Chaith sé uaidh an t‑órd agus chuir sé an lámh ’n‑a phóca.

“Is éadtroma cleite ’ná é, a Chormaic!” arsa duine des na fearaibh.

Bhí an séipéal i n‑aice na sgoile i gCaraig an Ime, agus théighmís go léir ó thigh na sgoile isteach sa tséipéal nuair a bhíodh an Teagasg Críosdaidhe le foghluim againn. Ní bhíodh aon fhocal Béarla d’á labhairt sa tséipéal ach fíor bheagán. Bhíodh dhá oiread ag foghluim Teagasg Críosdaidhe sa tséipéal agus bhíodh ag foghluim léighinn sa sgoil, agus ní baoghal [ 51 ]ná go dtuigtí an uile fhocal de’n mhúineadh a tugtí sa tséipéal.

Is cuimhin liom lá agus sinn go léir i dteannta ’chéile istigh sa tséipéal. Bhí sagart ann agus é ag múineadh an Teagaisg Críosdaidhe, agus ba ró mhaith chuige é. Bhí an Ghaeluinn aige go ceólmhar. Théighinn féin agus buachaillí eile go minic treasna na gcnuc cos-lomrachta ar maidin Dé Domhnaigh chun an tséipéil n‑a mbíodh sé chun Aifrinn do rádh ann, i dtreó go bhféadfaimís éisteacht leis an seanamóin Ghaeluinne thugadh sé uaidh, bhíodh an tseanamóin chómh breagh san. Bhí sé sa tséipéal an lá adeirim, agus bhí, an chuid ba lúgha dhé, suas le cúpla céad duine ag foghluim ann. Tráth éigin i gcaitheamh na h‑aimsire do bhuail chúghainn an dorus isteach garsúinín ana bheag agus seál fillte fé n’ osguil aige. Shiúbhluigh sé chúghainn ainíos go h‑ana réidh agus an dá shúil ar an sagart aige. Cheap an sagart go mb’ fhéidir go raibh sgáth air nó eagla. Do labhair sé go réidh agus go cneasta leis.

“Seadh, a gharsúin,” arsa’n sagart, “cad tá uait?”

“Tá duine des na cailíní beaga san, a Athair,” arsa’n garsúinín, agus ní raibh sgáth ná eagla ’n‑a chaint ná ’n‑a ghlór. Do labhair sé chómh dána agus dá mbéadh sé chómh mór chómh láidir leis an sagart féin. Do phléasgamair go léir ag gáirí. Do chuir an sagart féin sgeartadh gáire as. Níor chuir san aon chorbhuais ar an ngarsún.

“Agus cad ab áil leat de’n seál san?” arsa’n sagart.

“Chun é chasadh uirthi, a Athair,” arsa’n garsún.

Ansan iseadh bhí an spórt againn agus sinn go léir [ 52 ]ins na trithíbh gáirí. Le n‑a linn sin do léim duine des na cailíníbh amach ó’n gcuid eile, agus do rith sí chun an gharsúin agus do shnap sí uaidh an seál, agus chaith sí ainiar uirthi é agus siúd amach í. D’fhéach sé ’n‑a diaigh.

“Imthigh soir go Meall na h‑Órnan, a Pheig,” ar seisean, “agus abair leó go mbeimíd ag déanamh ime Dé Luain agus go mbeidh na spealadóirí againn Dé Máirt.”

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do bhuail sé chúghainn suas agus sheasaimh sé i n‑ár measg.

Níor sgar cuimhne an gharsúin sin riamh ó shin le m’ aigne. Abhfad ’n‑a dhiaigh san, nuair a thagadh an leanbh agus an chaint suas chúgham am’ aigne agus bhínn ag breithniughadh ar an sgéal, bhínn ag cur an leinbh sin, mar a bhí sé an uair sin, i gcomparáid leis an gcuma ’n‑a raibh sé tamall ’n‑a dhiaigh san má chuaidh sé ar sgoil Ghallda, agus má fhoghluim sé an saghas Béarla a bí ins na sgoileanaibh sin. Bhí sé an uair sin go neamhsgáthmhar agus go seasamhach i n‑a aigne, go súil-aibigh agus go h‑ollamh chun freagra thabhairt nuair a cuirfí ceist chuige. D’fhéach sé suas idir an dá shúil ar an sagart nuair a bhí sé ag caint leis. Bhí sé dána gan bheith droch-mhúinte.

Ní fheaca riamh ó shin é. Ach do chonac daoine dh’á shórd go minic ó shin. Agus tá fhios agam go dian mhaith, má thug sé raint aimsire i n‑aon sgoil Ghallda agus má fhoghluim sé an saghas Béarla a bhíodh ionta, nár bh’fhada gur imthigh an tseasamhacht as a shúilibh agus as a chroídhe, agus má bhí air teacht isteach i séipéal agus seál fé n’osguil aige, agus gur chuir sagart éigin na ceisteana úd chuige, gur b’ amhlaidh a bhí sé [ 53 ]ag smidireacht gháirí i n‑inead freagra thabhairt, agus gur ag lútáil a bhí sé i n‑inead seasamh díreach. I n‑inead bheith dána gan bheith droch-mhúinte gur b’ amhlaidh a bhí sé droch-mhúinte gan bheith dána.

Bhí beirt nó triúr ban sa pharóiste agus cúpla gearachaile le gach mnaoi acu ag foghluim Teagasg Críosdaidhe sa tséipéal. Ní dhéanfadh Gaeluinn an gnó i n‑aon chor dos na mnáibh sin. Níor bh’fholáir an Teagasg Críosdaidhe mhúineadh as Béarla d’á gclainn. Bí ceathrar nó cúigear, as an dá chéad, agus iad ag casadh le Teagasg Críosdaidhe dh’fhoghluim as Béarla. Do curtí mise ’ghá múineadh. Bhíos ana bheag agus iadsan ana mhór. Is cuimhin liom go maith an obair a bhíodh agam ortha a d’iaraidh bríghe na bhfocal do chur isteach ’n‑a gceann, agus é ag teip orm glan. Ar dtúis ní fhéadaidís an focal do rádh. Nuair a deirinn leó “Resurrection” do rádh, ní deiridís ach “Rerusection,” nó rud éigin mar sin. Ansan nuair a thugainn an brígh dhóibh, do thuiginn ná téigheadh an brígh isteach i n‑aon chor ’n‑a n‑aigne. Fé dheire, nuair a thugainn an brígh dhóibh fé leith, gan bac leis an bhfocal, do ghlacaidís é, ach ní fhéadadh mo dhícheal an focal agus an brígh thabhairt i n‑aonfheacht dóibh. Bhéadh “Resurrection” acu, agus bhéadh “to rise again from the dead” acu, ach ní fhéadaidís choídhche a thuisgint gur bh’ aon nídh amháin an dá nídh sin. Ansan, nuair a deirinn ná raibh sa dá nídh ach an t‑aon níd amháin, .i. “Aiseirighe ár Slánuightheóra”, do lasadh a súile agus do gháiridís.

Raint blianta ’n‑a dhiaigh san bhí an sgéal níba sheacht measa ’ná san féin. Bhí formhór na ndaoine óga ag foghluim an Teagasg Críosdaidhe as Béarla agus gan aon fhocal Gaeluinne acu. Ansan ní raibh [ 54 ]“Resurrection” acu, ná “rising again from the dead”, ná “Aiseirighe ár Slánuightheóra”!

Ní dóich liom gur deineadh éagcóir aigne riamh ar dhaoinibh óga, i n‑aon pháirt de’n domhan, chómh mór agus a deineadh ar aos óg na h‑Éirean nuair a cuireadh ortha an saghas múineadh sin a dh’fhág sa deire iad gan Bhéarla gan Ghaeluinn. Nuair a bhíos-sa ar sgoil i gCaraig an Ime, suas le trí fichid blian ó shin, iseadh bhí an éagcóir sin ag tosnughadh. Mura mbéadh idir Bhéarla agus Gaeluinn a bheith ró dhaingean istigh ionam-sa bhéadh an sgéal go h‑olc agam.

Dá mba ná béadh agam ach an Ghaeluinn anois, ni tabharfaí aon toradh orm pé olc maith a bhéadh sí agam. Agus dá mba ná bhéadh agam ach an Béarla, ní fhéadfainn aon úsáid a dhéanamh de chun na Gaeluinne do shaothrughadh pé olc maith a bhéadh sé agam.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.