Page:Mo sgeal fein.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
51
Sgoil Charaig an Ime

ná go dtuigtí an uile fhocal de’n mhúineadh a tugtí sa tséipéal.

Is cuimhin liom lá agus sinn go léir i dteannta ’chéile istigh sa tséipéal. Bhí sagart ann agus é ag múineadh an Teagaisg Críosdaidhe, agus ba ró mhaith chuige é. Bhí an Ghaeluinn aige go ceólmhar. Théighinn féin agus buachaillí eile go minic treasna na gcnuc cos-lomrachta ar maidin Dé Domhnaigh chun an tséipéil n‑a mbíodh sé chun Aifrinn do rádh ann, i dtreó go bhféadfaimís éisteacht leis an seanamóin Ghaeluinne thugadh sé uaidh, bhíodh an tseanamóin chómh breagh san. Bhí sé sa tséipéal an lá adeirim, agus bhí, an chuid ba lúgha dhé, suas le cúpla céad duine ag foghluim ann. Tráth éigin i gcaitheamh na h‑aimsire do bhuail chúghainn an dorus isteach garsúinín ana bheag agus seál fillte fé n’ osguil aige. Shiúbhluigh sé chúghainn ainíos go h‑ana réidh agus an dá shúil ar an sagart aige. Cheap an sagart go mb’ fhéidir go raibh sgáth air nó eagla. Do labhair sé go réidh agus go cneasta leis.

“Seadh, a gharsúin,” arsa’n sagart, “cad tá uait?”

“Tá duine des na cailíní beaga san, a Athair,” arsa’n garsúinín, agus ní raibh sgáth ná eagla ’n‑a chaint ná ’n‑a ghlór. Do labhair sé chómh dána agus dá mbéadh sé chómh mór chómh láidir leis an sagart féin. Do phléasgamair go léir ag gáirí. Do chuir an sagart féin sgeartadh gáire as. Níor chuir san aon chorbhuais ar an ngarsún.

“Agus cad ab áil leat de’n seál san?” arsa’n sagart.

“Chun é chasadh uirthi, a Athair,” arsa’n garsún.

Ansan iseadh bhí an spórt againn agus sinn go léir