Page:Mo sgeal fein.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
38
MO SGÉAL FÉIN

tailimh tógtha ag duine eile.” Ní raibh aon fhonn ar aoinne talamh a thógaint. Na daoine a chailleadh a gcuid tailimh bhíodh an sgéal go h-olc acu. Ní bhíodh biadh ná creideamhaint acu, agus ní bhíodh le déanamh acu ach dul a d’iaraidh déarca. Ní fada a bhídís a d’iaraidh na déarca nuair a thagadh breóiteacht ortha agus gheibhdís bás. Ní bhíodh an taitíghe acu ar an ocras ná ar an gcruadhtan, agus ní sheasuighdís abhfad nuair a thagadh an t-ocras agus an cruadhtan ortha. Go minic, nuair a bhíodh an t-ocras dian ortha, do chaithidís eirighe agus gabháil amach agus aghaidh a thabhairt ar thigh cómharsan éigin a bhíodh, b’fhéidir, chómh dealbh leó féin, nó geall leis, féachaint an bhfaighdís lán béil de rud éigin le n-ithe a bhainfeadh an bhuile ocrais díobh.

Is cuimhin liom bheith, lá, agus mé ocht mbliana d’aois is dóich liom, am’ sheasamh ag cúinne na h-iothlann. Chonac bean ag gabháil chúgham aníos an cnucán. Bhí sí cos-lomrachta. Bhí sí ag siúbhal ana réidh agus bhí saothar uirthi mar bhéadh ar dhuine a bhéadh ag ruith. Bhí a béal ar leathadh i dtreó go raibh radharc agam ar na fiacalaibh agus í ag séideadh. Ach isé rud a chuir an iongnadh ar fad orm ’ná a cosa. Bhí a cosa ataithe i dtreó go raibh gach aon chos acu, ó n-a glúinibh síos, chómh mór chómh ramhar le galún. Chuaidh an radharc san chómh daingean san i n-achran am’ aigne go bhfuil sé os cómhair mo shúl anois chómh gléineach agus bhí sé an lá san, bíodh go bhfuil tímpal chúig bliana agus trí fichid ó shin ó chonac é. Bhí an bhean san neamhspleadhac neamhamhgarach go maith go dtí go dtáinig an dubh ar na prátaí.

Bhíos lá eile, ní fheadar an roimis siúd nó ’n-a dhiaigh é, istigh i n-ár dtigh féin am’ sheasamh ar lic an