Page:Mo sgeal fein.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
46
MO SGÉAL FÉIN

é, agus do cuireadh isteach sa phrísún é. Nuair a tháinig an t‑am do trialadh é. Do daoradh é gan puínn ríghnis, agus do cuireadh an loch amach é. Níor airigheas aon tuairisg riamh ó shin ar cad d’imthigh air ’n‑a dhiaigh san, ná ar cad í an chrích a rug é.

D’imthigh Micheál agus Caitilín agus an méid a bhí beó de’n chlainn d’imthigheadar as an mbothán agus chuadar ag siúbhal rómpa.

Raint laethanta tar éis iad a bheith imthighthe bhí cómharsa éigin ag gabháil thar an mbothán. Chonaic sé gadhar sa gháirdín agus rud éigin ’n‑a bhéal aige. Chaith sé cloch leis an ngadhar; do chaith an gadhar uaidh an rud a bhí ’n‑a bhéal aige agus do rith sé leis féin. Tháinig an chómharsa agus ba bheag ná gur thuit sé le sgannradh agus le h‑uathbhás nuair a fuair sé gur bh’ é rud a bhí ’n‑a bhéal ag an ngadhar ’ná lámh duine! Níor dhein Tadhg an poll doimhinn a dhóithin sar ar chuir sé an corp úd síos ann.

D’aimsigh an chómharsa bosga nó rud éigin d’á shórd, agus thóg sé an chuid eile de’n chorp aníos as an bpoll, agus do rug sé leis go dtí an roilig ba ghiora dhó an bosga, agus chuir sé ann é. Níor bh’ aon iongnadh an uair sin aoinne amháin a dh’fheisgint ag dul chun roilge agus cómhra i dtrucail aige, nó ar a mhuin dá mba ná bhéadh an trucail ná an capall aige.

Sin mar a bhí an sgéal an uair sin, go grána agus go fuathmhar agus go déistineach, mór-thímpal na h‑áite ’nar tógadh mise. Tuigim go raibh an sgéal ar an gcuma gcéadna díreach mór-thímpal na h‑Éirean go léir. Agus, donas an sgéil ar fad, ní le toil Dé, i gceart, a bhí an sgéal ar an gcuma san. Le toil daoine iseadh bhí an sgéal amhlaidh. Do sgaoileadh amach a’ h‑Éirinn an bhliain sin oiread arbhair, ní h‑eadh,