Caibidiol IV
MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN ĊAIT, SCÉALA AN AONAIĠ IS CEANNAĊ NA mBRÓG DO JIMÍN
Tá feiḋre nua bróg agam ó lá an aonaiġ. Táid siad go gleóite deas agus táim ag taḃairt an-aire ḋóiḃ. Táid siad anois go sciomarṫa glan os cionn na teine ar an loċta agus ċífeá tu féin insa scáil atá ionnta. Mam do ċuir anáirde annsan iad mar do ḃínn gaċ aon neomat ’á gcimilt leis an scuaib agus ag piocaḋ aon ruaine laiṫiġe ḃí idir na tairngí istiġ le blúire ’ċipín. Sí ċuir iaċall orm, leis, iad a ḃaint ḋíom ar fad i lár na báistiġe indé. Is aṁlaiḋ a ḃí log uisce, tá’s agat, amuiċ sa ḃuaile agus ḃíos im’ ṡeasaṁ ’na lár istiġ agus an t-uisce go haltaiḃ orm. Ḃíos ag triall na mbróg, ’dtuigeann tú, féaċaint an gcongoċaidís an t-uisce amuiċ. Aċ ċonnaic Mam me tríd an ḃfuinneoig agus ṫána-sa ’maċ as an log uisce sin cuiḃeasaċ tapaiḋ, adeirim leat.
Níl aon réasún le Mam. Cad é an ṁaiṫ bróga nua a ċongoċaḋ uisce ’maċ mara mbeaḋ uisce tiompall orṫa d’iarraiḋ dul isteaċ? Ní ḃfaġfá aon tsásaṁ as bróga mara mbeaḋ cead agat siuḃal tré lár an uisce leo.
Ní raiḃ ḟios agem’ ṁáṫair indé ca’ ’na ṫaoḃ go raiḃ mo stocaí ar fad fliuċ. Ḃí sí ’á ráḋ gur droċleaṫar a ḃí ins na bróga. Ní ḟeaca sí mise i n-ao’ ċor d’iarraiḋ an mála ṫarrac isteaċ as Poll a’ Lín ṫíos ar maidin le maide féaċaint cionnus a ḃí an cat a ċuireamair isteaċ ann iné roime sin. Ċuas ró ḟada ’maċ ar an ḃfaoḃar, a ḋuine, agus d’imiġ an ċos uaim agus ba ḋóbair doṁ-sa dul i n-éineaċt leis an gcat aċ go rug Micilín Eoin orm agus gur ṫairrig sé aníos me.
[ 18 ]Nuair ṫugamair an cat isteaċ ḃí sé marḃ. Duḃairt Micilín go dtiocfaḋ an t-anam arís ann mar gurab ’in nós age cataiḃ—éirġe ón mbás naoi n-uaire. Sin é cúis a ḃáṫamair é, tá’s agat—féaċaint an éireoċaḋ sé arís. Má ḟanann sé marḃ beiḋ murdal sa tiġ seo ’gainne, mar sé ár gcat-na é agus tá Mam tosnaiṫe ar ḃeiṫ ag cur a ṫuairisce. Duḃart-sa go fírinneaċ léi arḃú ’raer ná feaca ó ṁaidin a’ lae sin marḃ ná beo é. Ní ḟeaca, leis, go dtí maidin iné. Bím ag dul síos ċuige go minic ó ṡin féaċaint a’ mbeaḋ aon ċorruiġe ann, aċ, dar fia, tá sé ’na stalca gan anam. Ċuireas biorán ann agus duḃart “ḃuis, ḃuis, ḃuis!” leis aċ ní raiḃ gíog as. Féaċ, mara mbíonn sé ’na steilleḃeaṫaiḋ amáireaċ caiṫfiḋ Micilín a ċat féin a ċur sa ṁála agus é ḃáṫ’ i bPoll a’ Lín.
Aċ mar ġeall ar an aonaċ—ḃí ana-lá agam ann. Ḃí sé le fada geallta ḋom go leigfí ann me, agus ḃíos ag coimeád na bpingní ’na ċoṁair. D’éiriġeamair—me féin is Daid—ar a cúig a ċlog agus ċuamair leis an ngealaiġ ’on Daingean. Ceiṫre cinn de ḃeiṫíġ a ḃí againn. Gaċ aon ḃearna a ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair ṫugaidís fé ḋul isteaċ ann agus ḃíoḋ Daid gaċ ’ra neomat ’á ráḋ liom “’Jimín, a ḃuaċaill, riṫ rómpa agus sáruiġ iad san”; nó “preab isteaċ, a ġarsúin, agus bagair amaċ í sin,” nuair ḃíoḋ ceann aca tar éis dul i bpáirc éigin. Is minic a ḃíoḋ ḋá ċúrsa déag agam féin agus ag an mbeiṫíoċ tiompall na páirce istiġ sara riṫeaḋ sé ’na ceann gur ċeart di dul amaċ ar an mbóṫar arís.
Níorḃ aon ní áfaċ an bóṫar isteaċ go dtánamair ar an sráid agus ar ṗáirc an aonaiġ. Ċeapas ná raiḃ oiread stuic i n-Éirinn! beiṫíġ agus buláin agus ba agus tarḃaí agus caoire agus iad go léir ag búirṫiġ agus ag méiliġ agus iad ag riṫ tré n-a ċéile. Ḃí fear ag gaḃáil lár an aonaiġ suas agus fiċe bulán aige i n-aon scata aṁáin agus triúr fear agus trí cinn de ṁadraí ’na ndiaiḋ agus “Haḃa-Haḃa” age sna fearaiḃ agus “Baḃa-aḃa” age sna madraí. Do scaipeadar rómpa [ 19 ]soir, siar. Ḃí seanduine ann is bó ar aḋastar aige. Riṫ scata beiṫíoċ isteaċ idir é féin agus an ḃó. B’éigean do scaoileaḋ léi; aċ ḃí sé ag eascainí agus ag loċtú daoine go mbíonn scata mór beiṫíoċ aca agus a ḃíonn d’iarraiḋ an duine boċt a ċaiṫeaṁ d’uaċtar na talṁan!
Scaipeaḋ na ceiṫre beiṫíġ orm féin is ar Ḋaid trí huaire; agus ḃí iongna mo ċroiḋe orm uair aṁáin nuair a ċuir Daid scaiṁ air féin ċun cleiṫire ṁóir ḟada go raiḃ maide ’na láiṁ aige, agus duḃairt leis, dar fia, go mbrisfeaḋ sé a ṁuineál. Ṁeasas ná marḃoċaḋ m’aṫair cat. D’imiġ an fear eile agus is maiṫ an ḃail air gur imiġ mar nuair a ḃí sé tamall suas an t-aonaċ sin é uair a ṫáinig an t-olc go léir ar Ḋaid.
[Naċ ar Ṁam a ḃeaḋ an t-iongantas dá gcuireaḋ Daid an scaiṁ sin air ḟéin ċúiċi nuair ḃeaḋ sí ag gaḃáil do. Ní ḟeadar cad a ṫuitfeaḋ amaċ dá n-abraḋ sé léi go mbrisfeaḋ sé a muineál!]
Tiompall a hoċt a ċlog ṫáinig na ceannaṫóirí ar an aonaċ. Plubairí reaṁra b’eaḋ iad ar fad. Casóga móra orṫa, órlaċ de ḃonn fé sna bróga aca, bróga geanncaċa orṫa, géitéirí leaṫair go glúiniḃ orṫa, bataí siuḃail ag gaċ fear agus rian a ċoda ar gaċ aonne ’ca. Ṫánadar ċuġainne agus d’ḟiafruiġ gaċ duine aca ḋem’ aṫair an mór a ṫógfaḋ sé ar na beiṫíġ. Ní “beiṫíġ” aduḃradar i n-ao’ ċor aċ “ragaí” agus “creatlaċa” agus “básaċáin.”
“Oċt bpúint déag an ceann,” arsa Daid.
Ara ’ṁic ó! sin é uair a ḋeinidís an ċainnt. Ar dtúis ċeapas ón gcainnt a ḃí aca ná rugaḋ riaṁ leiṫéid mo Ḋaid le spriúnlaiṫeaċt agus le nea’-réasún; agus i bpáirt na mbeiṫíoċ mboċt, do ḃeaḋ náire ort a adṁáil gur leat féin i n-ao’ ċor iad. Ṫagaḋ olc ar Ḋaid uaireannta agus d’ḟógruiġeaḋ sé síos go dtí an leac is teo agus is íoċtaraiġe ṫíos i n-Ifreann iad. Deireaḋ cuid aca san leis gur túisce go mór a ḃeaḋ sé féin ann agus deiridís leis na ceiṫre “básaċáin” a ḃreiṫ aḃaile leis agus gal tobac a ṫaḃairt dóiḃ.
[ 20 ]I gcoinn tamaill eile ḃraiṫeas go raiḃ tairḃe éigin ionnta mar ṫairrig fear trí púint déag an ceann orṫa agus ċuir fear eile go dtí a ceiṫre púint déag iad; aċ ṫugaidís go léír “seanaḋ—l spriúnlaiṫe” ar Ḋaid nuair na bogfaḋ sé ósna hoċt bpúint déag. Fé ḋeire ḃain sé anuas deiċ sgillinge agus nuair a ċuaiḋ na ceannaṫóirí go dtí cúig púint déag do ċaiṫ Daid anuas deiċ sgillinge eile. Ḃíodar ag druidim i gcoṁgar dá ċéile mar sin go dtí ar deire ná raiḃ eatarṫa aċ leaṫ-ṡoḃrain. Do ċruaiḋ an scéal annsan arís. Ṫagaḋ fear aca. Ḃuaileaḋ sé stiall ar ḃeiṫíoċ aca. “An mór iad so?” adeireaḋ sé.
“Sé púint déag deiċ a’ ceann,” adeireaḋ Daid.
“Sín amaċ do láṁ,” adeireaḋ an ceannaṫóir agus ċaiṫeaḋ sé seile ar a ḃais féin agus ḃuaileaḋ sé buille den ḃais sin anuas ar ḃais m’aṫar.
“Taḃarfad na sé púint déag duit orṫa,” adeireaḋ sé. Ní ḃíoḋ Daid sásta agus d’imiġeaḋ an ceannaṫóir sin agus é ar straiḋn agus ċeapainn féin ná tiocfaḋ sé i ngiorraċt páirce ḋem’ aṫair ar feaḋ a ṡaoġail arís. Aċ ṫagaḋ arís agus arís eile agus fé ḋeire deineaḋ an margaḋ nuair a ḃailiġ scata mór tiompall orainn féin agus ar an gceannaṫóir agus gur ḋeineadar an deifriḋeaċt a scoltaḋ ḋá uair. Se púint déag seaċt is réal a fuaireamair.
Nuair a ḃíomair ag dul go dtí an traen leo arsa mise lem’ aṫair:
“Ca’ ’na ṫaoḃ go raḃais ċoṁ dian ’á ndíol, a Ḋaid?”
D’ḟéaċ sé ’na ṫiompall ar eagla go mbeaḋ aonne ag éisteaċt.
“Do ṁáṫair, a ḃuaċaill,” ar seisean, “do ṁáṫair! Sé púint déag a’ ceann aduḃairt sí liom a ḋ’ḟaġáil orṫa agus ní ḃeaḋ aon ġnó aḃaile ’gam gan an méid sin. Beiḋ an ċuid eile ’gam féin, i gan ḟios di. Ná leig aon ní ort, agus taḃarfaiḋ mé sgilling duit ar ball.” Agus do luiġ sé an tsúil ċlé orm agus ḋein sé gáire agus ṫug sunnc d’á uillinn dom! Insa scéal so ḃíos [ 21 ]ar ṫaoḃ mo Ḋaid—agus ní mar ġeall ar an scilling é.
Tar éis na beiṫíġ a ċur sa traen iseaḋ ṫánamair ar an tsráid. Ċuaiḋ Daid ar lorg an airgid agus ċuas féin ag féaċaint ar gaċ aon rud. Áit anaṁór iseaḋ an Daingean agus ta mórán daoine ann. Siopaiṫe is mó atá aca, agus gaċ aon áit lan de ṗluda. Luċt tarta ar fad atá ann, ní foláir, mar deoċanna ar fad a ḃíd na siopaiṫe a ḋíol. Ní ḟeadar cad a ċuireann an tart go léir ar ḋaoiniḃ nuair ṫagaid ’on Daingean. Bíonn taoscána móra cuḃránaċa de stuif éigin ġránna ḋuḃ ’á slugaḋ síos aca mar ḃeaḋ gaṁna ag ol ḃainne; agus ċífeá an súlaċ buiḋe tiompall a mbéil agus ar a bpus fé mar ḃíonn rian an ḃainne ar an “sucaí” gaṁna ata againne sa ḃaile.
Tar éis tamaill do ḃuail Daid arís liom. Ḃí sé féin agus beirt eile ag teaċt amaċ as tiġ agus ḃí sé ag triomú a ḃéil. Ċuireas i gcuiṁne ḋo mar ġeall ar an scilling úd agus fuireas uaiḋ í. Ṫug an ḃeirt eile tuistiún dom nuair a fuaireadar amaċ gur mac le Daid me.
“Is maiṫ an garsún é, bail ó Ḋia air,” aduḃairt duine aca.
“Ní fada go mbeiḋ sé sin ċun maiṫeasa agat, a Ṡéamais,” arsan fear eile aca lem’ aṫair—aċ d’imiġeas-sa liom ag ceannaċ uḃall agus misleán agus brioscaí. Ní fada i n-ao’ ċor do ṡeasaiṁ ag scilling dom—tá an donas le daoire ar gaċ aon rud agus níor ṁór duit mála pingní ċun aon tsúlaċ a ḃaint as lá sa Daingean.
I gcionn tamaill eile ċuas ar lorg m’aṫar agus cá ḃfaġainn é aċ ar aḋastar age Mam i lár na sráide ṫíos agus an ḃeirt aca am’ lorg-sa. Ḃí sise ’á ráḋ go raiḃ an garsúinín boċt caillte nó tuitiṫe leis an ocras agus gur ċuma le n-a aṫair aċ ḃeiṫ caiṫte istiġ i dtiġ óil ’á ṫéiḋeaṁ féin le puins. Ḃí Daid d’iarraiḋ a ċur ’na luiġe uirṫi gurab aṁlaiḋ ná fanfainn ’na ṫeannta agus ná raiḃ aon ḃaoġal orm.
Rugadar leo annsan me ag ceannaċ bróg dom. Ḃí [ 22 ]feiḋre stocaí age Mam a ṫug sí ón dtiġ. Ḃíomair i ḃfad ag ceannaċ na mbróg. Do triallaḋ fiċe feiḋre orm sara raḃamair go léir sásta. Ní dóiġ liom féin go raiḃ aonne sásta aċ Mam. Ní raḃas-sa ró ṡásta leis na bróga fuaireas mar ḃí tairngí ionnta. Ḃí feiḋre anaḋeas ann i mbosca agus leaṫar bog tanaiḋe ionnta agus iad ċoṁ héadtrom le sop. Aċ ṫeastuiġ ḋá ṗúnt ó ḟear an tsiopa orṫa agus duḃairt Mam gur deas ḟéaċfainn ag siuḃal ṗludaiġ leo agus ag gaḃáil tré loganna uisce pé áit i ḃfaġainn log uisce ċun gaḃáil tríd.
Fuaireadar feiḋre breá láidir dom ar a seaċt fiċead is réal agus buaileaḋ orm iad. Ḃuaileas an doras amaċ leo, a ṁic ó, agus suas an tsráid agus me ag baint teine as cloċa na sráide leo. B’é céad duine ḃuail liom ná Micilín Eoin.
“Hanaman riaċ, a Ṁicilín!” arsa mise, “fan uaim amaċ nó sataloċad ort.”
D’ḟéaċ Micilín ar na bróga.
“Tánn tú ceangailte ḋen dtalaṁ aca,” ar seisean.
Ḃíodar an-aindeis, leis, orm, a dtuigeann tú, aċ ní ṫaḃarfainn mar ṡásaṁ do-san go n-adṁoċainn é; aċ díreaċ le n-a linn sin agus an ḃeirt againn ag siuḃal síos an tsráid i n-aice an Ḃainnc ċuireas mo ċos ar ċroiceann oráiste agus ar ṁ’anam gur tógaḋ liom agus síneaḋ ar mo ṡlait me. Ní hiad na bróga leag i n-ao’ ċor me aċ an croiceann mallaiṫe; aċ ní hé sin aduḃairt gaċ aonne a ċonnaic me aċ gurab aṁlaiḋ ná raiḃ taiṫiġe ar ḃróga agam agus ḃí Micilín féin ag gáirí. Ḃíos ċun iarraċt den ḃróig a ṫaḃairt do nuair ċuala ḋá raispín de ḃuaċaillí an Daingin ag gáirí fé’n gcábóig tuaiṫe gur leag na bróga nua é. Ḃí olc agus cráḋ croiḋe orm féin agus ṫugas dorn sa ṗus do ḋuine aca. Ṫug an ḃeirt aca-san fúm-sa aċ leag Micilín duine aca agus riṫ an duine eile ’ca uaim féin. Ḃíodar an ċuid eile den tráṫnóna ag faire orainn agus ag taḃairt “cábóg” agus rudaí eile orainn aċ ní ṫiocfaidís i ngiorraċt fiċe raṁan dinn, mar ḃíomair fara Daid agus mo ṁáṫair.
[ 23 ]An Dreóilín
Ṫugas misleáin agus uḃall go dtí Cáit agus ḃí ana-ṡaoġal againn ’á n-iṫe agus d’innseas di mar ġeall ar an aonaċ agus an Daingean agus na rudaí deasa ḃí ann. D’innseas di leis mar ġeall ar an seaċt is réal an ceann a ċongaiḃ m’aṫair as fiaċa na mbeiṫíoċ; aċ do ġeall sí gan é innsint do Ṁam.
(Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is baoġal go ḃfuil deire leis an saoġal so aige. Cad a ḋéanfad má ġeiḃeann Mam fios an scéil.)