Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN ĊAIT

Ḃí sé déannaċ nuair ṫánamair aḃaile an oiḋċe sin. Ḃí Daid ag aṁrán an bóṫar aníos agus ḃí Mam ’á ráḋ leis éisteaċt aċ ní ṫug sé aon tor’ uirṫi. Ní ḟeaca riaṁ mar sin ċeana é. Nuair ṫánamair aḃaile ḃí sé d’iarraiḋ Mam a ṗógaḋ aċ ní leigfeaḋ sí ḋo é. Mar sin féin ní raiḃ aon olc uirṫi ċuige nuair a ḋein sé é. Ċuir sí iaċall air dul a ċodla agus gan é aċ a hoċt a ċlog.

Ṫugas misleáin agus uḃall go dtí Cáit agus ḃí ana-ṡaoġal againn ’á n-iṫe agus d’innseas di mar ġeall ar an aonaċ agus an Daingean agus na rudaí deasa ḃí ann. D’innseas di leis mar ġeall ar an seaċt is réal an ceann a ċongaiḃ m’aṫair as fiaċa na mbeiṫíoċ; aċ do ġeall sí gan é innsint do Ṁam.

(Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is baoġal go ḃfuil deire leis an saoġal so aige. Cad a ḋéanfad má ġeiḃeann Mam fios an scéil.)

25