Jimín Mháire Thaidhg/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN IS MAR D’ḞÓGAIR CÁIT SOS COṀRAIC
[ 13 ]

Caibidiol III

SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN IS MAR D’ḞÓGAIR CÁIT SOS COṀRAIC

Naċ ait na rudaí gearrċailí. Ní ḃíonn aon ṁaiṫ ionnta ċun aon ní aċ ċun screadaiġe nuair ḋéanfa aon ní leo, nó ċun tu scríobaḋ leis na hingne nuair a ḃíonn an t-olc ceart orṫa. Tá ceann aca sa tiġ againne: Cáit. Drifúr dom iseaḋ í agus is óige í ná mise. Tá sí ’na peata ’ge Mam agus ní ḃíonn sí ’á bualaḋ mar ḃíonn sí am’ bualaḋ-sa agus ní ceart é sin. Is fearr mise na Cáit ar gaċ aon tsórt slí aċ cad é an ṁaiṫ sin—ní ḟaġaim-se aon ní ó Ṁam aċ an tslat agus ġeiḃeann Cáit peataireaċt. Ma ḋeineann Cait aon rud as an tslí ní ṫugann mo ṁáṫair di aċ scríob da teangain. Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a ḋéanfaḋ Mam liom-sa é naċ agam a ḃeaḋ an saoġal breá! Ní ġoilfinn da mbeaḋ sí ag cainnt go dtuiteaḋ an teanga aisti. Ċuirfinn mo ċeann fúm agus d’imeoċainn amaċ ’on stábla fé mar ḋeineann Daid.

Aċ níl aon ṁaiṫ i gCáit. Deir mo ṁáṫair liom ḃeiṫ ag imirt léi, agus bím ar mo ḋíċeall. N’ḟéadfaḋ sí aon léim a ċaiṫeaṁ, a ḋuine, ná níl aon ṁaiṫ ċun reaṫa innte. Ḃí cnaipí deasa aici agus duḃairt léi imirt agus do ḃuaḋas uaiṫe na cnaipí go léir do ḃí sa ḃosca aici. Ċrom sí ar ġol, a ṁic ó! agus níor ṫeastuiġ uaiṫe iad a ṫaḃairt dom i n-ao’ ċor, aċ ḃaineas di iad. Aċ, a ḋuine! ṫairrig sí an tiġ orm leis an screadaiġ agus nuair ṫáinig Mam ḃain sí gaċ aon ċnaipe aca ḋíom; agus ḃain sí mo ċuid féin, leis, díom a ḃí ar ċórda agam. D’ḟiafruiġ sí cá ḃfuireas iad go léir. D’innseas di gur ḃuaḋas ó sna buaċaillí eile ar scoil iad aċ níor [ 14 ]ṡásaiṁ san í gan féaċaint ar mo ḃríste. Ní raiḃ cnaipe ann agam aċ trí puill déanta agam ann agus na guaileáin greamaiṫe le ḋá ḃuaircín aḋmaid agus tairrnge trí n-órdlaċ.

Ḋein Mam beart náireaċ orm annsan: ċuir sí iaċall orm an dá ċipín agus an tairrnge a ċaiṫeaṁ uaim agus an bríste ċongáil suas lem’ ḋá láiṁ. Ċaiṫeas trí la mar sin go raiḃ mo ċroiḋe briste. Aċ níorḃ é sin a ċuir an straiḋn ar fad orm aċ Micilín Eoin a’ magaḋ fúm. Ní ḟéadfainn riṫ ’na ḋiaiḋ, tá’s agat, agus ċráiḋ sé me go raiḃ an goṁ orm ċuige.

An tríoṁaḋ lá ċuas go dtí Mam. “A Ṁam,” arsa mise, “cuir isteaċ na cnaipí ḋom, má-má-má’s é do ṫoil é. Ní ġearrfad amaċ aon ċeann go bráṫ arís.”

D’ḟéaċ sí orm. Ḃí sí d’iarraiḋ a ḋéanaṁ amaċ cad é an fuadar a ḃí fúm.

“Á! dein, a Ṁaimí,” arsa mise, “agus bead im’ buaċaillín maiṫ.”

“Um-m-m,” ar sise, “n’ḟeadar an tsaoġal cad é an t-aṫarú so teaċt ort. Mar sin féin cuirfead isteaċ iad; aċ má ḃíonn sé den diaḃar ort go gcuirfir scian ar aon ċeann eile ’ca bainfead an croiceann díot;” agus faid a ḃí sí ag cur na gcnaipí isteaċ ḃí sí am’ ċroṫaḋ mar ḋéanfaḋ madra le franncaċ. “Seaḋ ’miġ ort anois,” ar sise nuair ḃíodar istiġ aici agus na guaileáin i ḃfearras arís orm.

Do ḃuaileas an doras amaċ go breá bog agus síos an buaile agus mo ḋá láiṁ i bpócaí mo ḃríste agam ’á ċongáil suas, mar ’ḋeaḋ. Ní fada ċuas nuair ċonnaic Micilín Eoin arís me agus seo ċuġam é agus draid air ag magaḋ fúm.

“Bríste ar ḃais!” ar seisean. “Bríste ar ḃais! Hí-ú! Hí-ú!”

Ṫeastuiġ uaim é ṁeallaḋ i n-aice liom. “Caiṫ crúistín nó cloċ liom agus tairrig ort me,” arsa mise.

“Caiṫfead, ḃríste ar ḃais,” ar seisean agus ċrom sé síos ċun cnapán laiṫiġe d’ḟaġáil a ċaiṫfeaḋ sé liom. Sin é an uair a ṗreabas ċuige. Nuair a ċonnaic sé [ 15 ]’teact me agus gan aon láṁ i n-aon ṗóca liom ċuir sé béic as agus siúd leis agus é a’ screadaiġ. Ṫána suas leis agus ṫugas cor coise ḋo agus ṡíneas ar a’ dtalaṁ é. Ṡuiḋeas anuas air annsan agus ṡáṫas a ṡrón síos sa laiṫiġ.

“Abair ‘bríste ar ḃais’ anois, a Ṁicilín,” arsa mise, agus ċuireas dorn laiṫiġe síos laistiġ dá léine. “Hop, a ċapaillín,” arsa mise leis agus me síos, suas ar a ḋrom. Ḃaineas sásaṁ mo ċroiḋe as agus ḃí anaspórt agam air go ceann tamaill.

Sin é uair a ṫáinig Cáit agus do loit sí an spórt orm. “Ó! faire, mo náire, ’Jimín,” ar sise, agus ḋ’ḟéaċ sí orm agus a ḋá súil ṁóra ag cromaḋ ar ġol. Dar fia, a ḋuine, do stadas. D’imiġ an spórt as an scéal dom ar ċuma éigin.

“Mo náire é an bullaí mór,” ar sise arís liom. An riaċ, a ṁic ó, go dtáinig náire orm féin. N’ḟeadar i n-ao’ ċor ca’ ’na ṫaoḃ. D’éiriġeas de Ṁicilín agus ná feadar cad a ḃíos a ḋéanaṁ. Nuair a ḋ’éiriġ sé sin ḃí sé ag gol agus ḃí sé go léir salaċ ón laiṫiġ. Ċuaiḋ Cáit anonn ċuige agus ḃí sí ’féaċaint air; annsan d’ḟéaċ sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ġoil sí agus í d’iarraiḋ casóg Ṁicilín a ġlanaḋ le sliogán ruacan. N’ḟeadar cad é an donas a ṫáinig orm féin. Ḃí náire orm. Níor ḟan aon ṁeas agam orm féin. Ṫaḃarfainn aon rud dá ḃféadainn an rud a ḋeineas le Micilín a ċur ar neaṁ-ní. Níor lú liom aon duine ar an saoġal ar an nóimeat san ná Jimín Ṁáire Ṫaiḋg. Ḃí Cáit ag glanaḋ leis an sliogán agus Micilín ag congáil na casóige ḋi agus iad araon ag gol.

Ḃí sé déanta ’gam sarar ṫuigeas cad a ḃí ar siuḃal agam. Ċuas anonn ċuċa agus rugas ar an sliogán uaiṫe agus ṫosnuiġeas ar scríobaḋ.

“Mo ġráḋ ṫu, ’Jimín,” arsa Cáit.

Ní ḟéadfainn aon ḟocal a ráḋ. Ṫáinig rud éigin ait im’ scórnaiġ agus im’ ṡúile agus ḃíos ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ gan gol aċ do riṫ deoir ṁór anuas ar feaḋ na sróna agam agus annsan riṫeadar go léir anuas. Ní [ 16 ]duḃart aon ní aċ ċonnaic Cáit me agus riṫ sí anall ċuġam agus ċuir sí a láṁ orm.

“Maiṫ a’ buaċaill ṫu, a ḋriṫeáirín,” ar sise agus ṫriomuiġ sí mo ṡúile leis an mbib a ḃí uirṫi. Do ḃíos ar mo ḋíċeall ag glanaḋ Ṁicilín agus ná stadfainn ar ċapall nó go stadaḋ an fonn guil a ḃí orm. Do stad fé ḋeire nuair ḃí an laiṫiġ ar fad scríobṫa.

Annsan do ġáir Cáit. “An ndéanfaiḋ siḃ muinntearṫas anois?” arsan claḋaire. D’ḟéaċas féin ar Ṁicilín.

“Déanfad,” arsa mise.

“Déanfad-sa leis,” arsa Micilín.

“Agus ní ḃeiḋ siḃ ag troid níos mó?” arsa Cáit.

“Ní ḃeimíd, a Ċáit,” arsa sinne.

“Ná ní ṫaḃarfaiḋ siḃ ainmeaċa gránna ar a ċéile?”

“Ní ṫaḃarfam,” arsan dá amadáinín.

Annsan do ġáír Cáit agus riṫ sí eadrainn istiġ agus rug sí ar ḋá ṁuinċille orainn. “Riṫiḋ,” ar sise. As go bráṫ linn araon agus sinn ag tarrac Cáit ’nár ndiaiḋ agus sinn go léir ag gáirí. Ḃuail máṫair Ṁicilín linn agus d’ḟéaċ sí ar a ċuid éadaiġ.

“Cad a ṡailiġ ṫu?” ar sise agus d’ḟéaċ sí go haṁrasaċ orm féin.

“Is aṁlaiḋ . . . is aṁlaiḋ a ṫuiteas agus me ag . . . ag rás le Jimín, a ṁáṫair.”

Ḃí an droċaṁras aici orm.

“Agus cad a leag ṫu?” ar sise agus í ag cur na súl tríom-sa.

Ṁeasas go raiḃ léasaḋ eile ’teaċt ċuġam aċ do ṡaor Micilín me.

“Agus ḃí an áit lán de laiṫiġ; aċ féaċ, a Ṁam, do ġlan Jimín agus Cáit me. Níor imiġ seoid a ḃarra orm,” agus siúd le Micilín arís agus ṫairrig sé an ḃeirt eile ’gainn leis. Anaḃuaċaill iseaḋ an Micilín sin—ní raiḃ ḟios agam go dtí ’nois é.

Níl an náire imiṫe ḋíom fós roime Cáit . . . aċ táim anaċeanúil uirṫi agus ní ċuirfiḋ me ag gol go deó ’rís í.