Jimín Mháire Thaidhg/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
BROID A ṀÁṪAR AR JIMÍN IS AN BÁS A ṪUG SEISEAN DON ṀÁIĠISTIR
[ 7 ]

CAIBIDIOL II

BROID A ṀÁṪAR AR JIMÍN IS AN BÁS A ṪUG SEISEAN DON ṀÁIĠISTIR

Is fada liom go mbead mór. B’ḟearr liom ná rud maiṫ go mbeinn mór fásta mar annsan ní ḃeaḋ gaċ aonne sa ṁullaċ orm fé mar ḃíd siad anois. Is cruaiḋ an saoġal a ḃíonn ag buaċaillí dem’ ṡaġas-sa—ní féidir linn faic a ḃarra a ḋéanaṁ ná bíonn duine éigin ag bagairt orainn. An lá fé ḋeire ḃuaileas ganndal Ḃeit Móire sa leaṫċeann le cloiċ is do ġearán Beit lem’ Ṁam me. Duḃairt Mam le Beit gur ṁór an náire ḋi ganndal mallaiṫe a ḃeiṫ aici agus go raiḃ scannraḋ ar leanḃaí an ḃaile roimis agus dá mbeaḋ sí i n-aon ḃaile eile gurab aṁlaiḋ a cuirfí an dlí uirṫi ’na ṫaoḃ. Ċromas féin ar ġol le scannraḋ roimis an nganndal, mar ’ḋeaḋ, ċun go dtagaḋ fearg ar mo ṁáṫair ċuig Beit. Ṁeasas ná déanfaí faic liom. Aċ a ḋuine, ní raiḃ aiṫne ar Ṁam agam! nuair d’imiġ Beit aḃaile go mí-ṡásta agus stadas-sa den ġol, a ṁic ó, rug Mam orm agus ṫug sí léasaḋ ḋom. Deirim leat gur ḋíolas as an nganndal.

Araer ḃíos ag marcaiḋeaċt ar an ngaṁain ḃán agus ċualaiḋ an baile me ag scréaċaiġ nuair a ḃí Mam am’ ḃualaḋ. Dtuigeann tú? scréaċaim ċoṁ hárd is ḃíonn im’ ċroiḋe, féaċ’ a’ gcuirfeaḋ san stop leis an mbualaḋ nó an dtiocfaḋ aonne a ṡaorfaḋ me uaiṫe. Ní ḃím leaṫ ċoṁ gortaiṫe is ba ḋóiġ leat, tá’s agat. Deir siad naċ fearúil an rud ḃeiṫ ag gol ná ag béiciġ; aċ ná caiṫfead-sa rud éigin a ḋéanaṁ ċun me féin a ċosaint ar Ṁam.

Sí Mam mo naṁaid aicionta. Ní stadann sí aċ ag [ 8 ]gaḃáil dom go mbíonn mo ċroiḋe briste aici. Caiṫim an ṁóin a ḃreiṫ isteaċ ċúiċi agus an t-uisce, agus caiṫim prátaí an dinnéir a ṗiocaḋ ḋi sa tiġ amuiċ. Má ḃím annsan ag imirt ṗúiríní ḋom ḟéin nó ag caiṫeaṁ cnaipí ar an spric bíonn béic agus fiċe ’ci orm go mbíonn an ḃó ḃradaċ sa ċabáiste, agus caiṫim cur díom. Ní dóiġ liom go mbeaḋ Mam sásta gan an ḃó san a ḃeiṫ ag dul sa ġarrḋa, mara mbeaḋ ċun aon rud eile aċ ċun Jimín boċt a ċráḋ. Ní ḟeadar-sa cad ċuige cuireaḋ máiṫreaċa ar ḃuaċaillí i n-ao’ ċor. Aċ dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin ní ḃeinn i mbun bó ná gaṁain a ṫiomáint di; ná ní ċongoċad an snáiṫín di ċun é ṫoċrais ná ní raġad le circ ġuir go tiġ m’aintín ná ní ḃead ag foġluim ceaċtanna ar ċeann an ḃúird.

Níor ċráiḋ riaṁ mé aċ na ceaċtanna cráiḋte céadna. Ní ḃíonn aon dul uaṫa agam aon oiḋċe. “A Jimín,” adeir Mam gaċ oiḋċe, “ar scríoḃais do ċeaċt anoċt?” Ṫriallas cúpla turus a ráḋ nár ṫug an Máiġistir aon rud dúinn le déanaṁ sa ḃaile; aċ an riaḃaċ, a ṁic ó, ná gur ċuir sí ceist ar Ṁicilín Eoin annso ’muiċ agus do scéiḋ an spriosán orm. Ní raiḃ ḟios agam aon ní gur ṫairrig Mam ċúiċi an tslat den ċúlloċta agus ṫug sí fúm treasna na lurgan. Ní raiḃ agam-sa aċ cur díom suas ’on tseomra uaiṫe agus amaċ tríd an ḃfuinneoig.

Ċuas annsan ar lorg Ṁicilín Eoin aċ ní leigfeaḋ eagla ḋo teaċt amaċ ċuġam. D’iarras air teaċt amaċ ċun go mbrisinn a ṗus, aċ ní ṫiocfaḋ. Annsan ḃíos ag glaoḋaċ “peata” agus "pleiḋce” agus "spiaire” air. Aċ do laḃair sé ṫar n-ais ċuġam: “Oċ, ṁuise, a ḃuaċaillín ḃoiċt!” ar seisean, “ar ḃuail do ṁaimí ṫu? Oċ, maimí dána!” agus ḃí sé mar sin ag magaḋ fúm go raḃas ar néal buile ċuige.

Tá leasainm ag muinntir a’ ḃaile ar a aṫair agus ċeapas gur ṁaiṫ an rud an ainm sin a ṫaḃairt ar Ṁicilín. “Bóiricín! Bóiricín! Bóiricín!” arsa mise. Aċ, a ḋuine, ḋeineas dearṁad. Ḃí a aṫair istiġ agus nuair a ċuala sé an ainm, amaċ leis im’ ḋiaiḋ agus an [ 9 ]goṁ air ċuġam. Ċuireas díom, a ṁic ó, faid a ḃí im’ ċroiḋe, agus fear an dá cos ḃóraċ im’ ḋiaiḋ. Ċuas amú air ameasc na dtiġṫe. Annsan seo leis ċuig ár dtiġ-ne ċun me ġearán, ċeapas. Ní túisce san ná mise istiġ tríd an ḃfuinneoig arís.

D’éiriġ idir Eoin agus Mam ag an ndoras. Duḃairt seisean go raiḃ mac droċṁúinte aici a ṫug leasainm air féin. Duḃairt sí leis gur éiṫeaċ a ḃí sé a ċur ar an mbuaċaillín boċt macánta (b’in mise, tá’s agat) agus ná raiḃ sé amuiċ ċuige, mar gur ċuir sí féin sa tseomra é fiċe neomat roime sin.

“Deirim-se leat go raiḃ sé ann,” arsa Eoin.

“N’ḟéadfaḋ a ḃeiṫ,” arsa Mam, “naċ ṡin é ag glórġail sa tseomra fós féin é. Téanam ort go ḃfeicir.” Ṫánadar araon go dtí doras an tseomra.

“A’ raḃais age tiġ Eoin le leaṫuair a ċluig, a Jimín?” arsa Mam.

Ḃíos féin aireaċ.

“Cionnus ḟéadfainn dul amaċ agus an doras dúnta agat-sa orm?” arsa mise.

“Deir Eoin go raḃais ann ag taḃairt ‘Bóiricín’ air féin,” ar sise.

“Speaḃraídí atá air ní foláir,” arsa mise. “Ḃí sé sa Daingean indiu ag díol muc.”

D’imiġ Eoin leis agus é ag ráḋ rud éigin leis féin. Nuair ḃí sé imiṫe:

“A’ raḃais ann, a Jimín,” arsa Mam.

Ní duḃart féin aon ḟocal. Ṫáinig sí agus d’ḟéaċ sí ar mo ċosa. Ḃíodar fliuċ salaċ ón rás a ḋeineas ó Eoin. D’ḟeaċ sí ar ḃonn na fuinneoige agus ċonnaic sí rian mo ċos ann cé gur ċuireas féin na potaí geranium anuas orṫa go cúramaċ.

Ḃuel, ní maiṫ liom a innsint duit cad a ṫuit amaċ ’na ḋiaiḋ sin-ḃeaḋ náire orm. Ḃí Micilín Eoin ’á ráḋ leis na garsúin eile gur ḃain Mam an bríste ḋíom, pé duine d’innis do é, agus gur ġaiḃ sí orm. Nílim-se ’á ráḋ gur ḋein; aċ tá’s agam go raḃas ċoṁ tinn sin san [ 10 ]áit sin díom nár ḟéadas suiḋe ar feaḋ trí lá. Ní ṫuigim Mam i n-ao’ ċor. Cad ċuige ḃí sí am’ ċosaint i láṫair Eoin agus annsan me ḃualaḋ. Oċ, ṁuise, b’ḟearr liom go mbeinn mór.

Agus ní measa Mam ċun mo ḃuailte ná an Máiġistir. Sé an Máiġistir an tarna naṁaid atá agam. Ní ḃíonn stad air aċ ag cur ceisteanna crua orainn le réiḋteaċ gaċ aon lá—rudaí nár ġáḋ bacaḋ leo mar ní ḃíonn siad i gceist i n-ao’ ċor. As a ċeann amaċ is eaḋ ċeapann sé iad gan ġáḋ gan riaċtanas.

Ní hí sin an saġas ceiste ḃí le réiḋteaċ sa tSaṁraḋ idir Eoin agus Donnċa Beag. Ṫógadar móinéar eatarṫa agus nuair ḃaineadar agus ṡáḃáladar é ḃí trí cocaí móra agus cúig cocaí beaga agus taoscán féir ar fad ann. Ní ḟéadfaidís an féar a roinnt ’na ḋá leaṫ codroma—an roinnt a ṁolfaḋ duine ’ca ní ḃeaḋ an fear eile sásta leis. Ḃídís ag cur cocaí móra agus cocaí beaga agus ualaiġe féir tré n-a ċéile agus ag argóint. Ṫug Eoin biṫiúnaċ ar Ḋonnċa Beag agus ḃí Donnċa d’iarraiḋ é ṡáṫ’ le píce. Ḃí muinntir a’ ḃaile d’iarraiḋ an roinnt a ḋéanaṁ aċ ṫeip orṫa. D’iarradar ar an Máiġistir an ċeist a réiḋteaċ aċ duḃairt sé ná féadfaḋ. Sa deire tugaḋ an féar ’n Daingean go dtí an ṁeáḋ agus sin mar a réiḋtiġeaḋ an ċeist.

Aċ níor stop san an Máiġistir. Bíonn sé scuḃṫa ċun ceisteanna ċeapaḋ ċun sinn a ċur i bponnc. “Dá mbeaḋ ceiṫre cinn de ṁuca ar aonaċ ag duine agus dá ḃfaġaḋ sé cúig púint seascad orṫa—an mór an ceann é sin?”

Sin é an saġas ceisteanna a ḃíonn ag an Máiġistir. Cad dob áil leis an Máiġistir ná le haonne eile ḟiafruiġe an mór an ceann é sin. Má fuair an duine úd na 65 púint ar ċeiṫre muca ná fágfaḋ an Máiġistir mar sin é agus gan ḃeiṫ ár gcráḋ-na mar ġeall ar an scéal. Aċ ní ḟágann—ní hé sin an saġas é.

Ar seisean linne lá—“Capall ar sodar—raġaḋ sé deiċ míle i n-uair a ċluig: an mó míle ó ḃaile ḃeaḋ sé i gcionn ċeiṫre huaire fiċead?”

[ 11 ]Ḃuel, ní raiḃ ḟios agam-sa agus d’éiriġeas as. Ḃí cuid aca ḋein é agus nuair a ṫáinig an Máiġistir ċoṁ fada liom-sa ḋ’ḟéaċ sé orm.

“An aṁlaiḋ ná fuil ḟios agat é?” ar seisean.

“Níl, a Ṁáiġistir,” arsa mise.

Annsan ċuir sé na figiúirí ar an gclárduḃ. “A ceaṫair fé ḋeiċ?” ar seisean.

“Sin a daċad,” arsa mise.

“A dó fé ḋeiċ?” ar seisean.

“Sin a fiċe,” arsa me féin.

“Agus a ceaṫair?”

“Sin a ceaṫair fiċead,” arsa mise. Ċuir sé 240, annsan, síos.

“Anois an mó míle ó ḃaile do ḃeaḋ sé?” arsan Máiġistir.

“N’ḟeadar,” arsa mise.

“Léan id’ ċeann cipín,” arsan Máiġistir, “ná tuigeann tú dá n-imiġeaḋ capall 10 míle i n-uair a ċluig go raġaḋ sé 240 míle i gceiṫre huaire fiċead.”

“Ní raġaḋ,” arsa mise, “ċaiṫfeaḋ sé stad nó ṫuitfeaḋ sé leis an ocras nó d’imeoċaḋ crúḋ uaiḋ nó raġaḋ cloċ ’na ċrúib nó…”

“Éist do ḃéal,” arsan Máiġistir agus olc air ċuġam. “Sín amaċ do láṁ.”

Ṫairrig sé ḋá stiall de ṡlait ar mo laipín, a ṁic ó, a ċuaiḋ tríom’ ċroiḋe agus ċuir sé síos go bun na scoile me nuair ḃíos ag gol.

Ḃíos i ḃfad ṫíos im’ ṡuiḋe agus me cráiḋte go leor agus mo ċroiḋe lán d’olc. Ḃíos ag cuiṁneaṁ ar an saġas báis ba ṁaiṫ liom a ṫaḃairt don Ṁáiġistir. Ba ṁór an sásaṁ liom riṫ ċuige agus é ḃualaḋ deas agus clé agus é ṫaċtaḋ agus a ċorp a ċaiṫeaṁ i bpoll portaiġ agus cloċ ṁór ceangailte dá ṁuineál. Nuair ċuiṁniġeas ar an gcapall úd a ḃí aige a raġaḋ an 240 míle i n-aon ló, ċeapas go gceangloċainn an Máiġistir do agus go scaoilfinn leis, gan srian gan aḋastar, agus é ag imeaċt 240 míle gaċ aon ċúig neomataí, go dtiocfaḋ sé go [ 12 ]bruaċ na faille agus go dtuitfidís araon síos, síos, síos go ndéanfaí iad a smiotaḋ ’na smidríní ṫíos ar na cloċa i slí ná beaḋ ḟios ag aonne ciaca smut de ċapall nó smut de Ṁáiġistir aon smut aca seaċas a ċéile. Ba ṁór an sásaṁ liom an socrú san a ḃeiṫ déanta agam ar an Máiġistir agus annsan ḃíos ag scríoḃ ceisteanna ċun é ċur i bponnc:

Ceisteanna ar an Máiġistir—

Da mbeaḋ capall ann a raġaḋ 240 míle i n-aon ló, an mó míle raġaḋ an capall céadna i dtrí ċéad bliain?
Má fuair Taḋg Mór £5 ar ṫrí cinn de ċaoire ar aonaċ an Daingin, cad a ġeoḃaḋ an Máiġistir ar an gcapall úd a ċuaiḋ 240 míle i gceiṫre huaire fiċead?
An mó cruaċ ṁóna ḋéanfaḋ mála súiṫe?

Ḃíos ag gáiriḋe liom féin leis an sult agus níor ḃraiṫeas faic go raiḃ an Máiġistir laistiar díom agus scearta mór gáire curṫa aige as. Rug sé ar an bpáipéar uaim agus léiġ sé do’n scoil ar fad é. Ḃí an scoil go léír ag gáiriḋe. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire. Ḃí béal mór ar Ṁicilín Eoin ag magaḋ fúm. Do ċroċ an Máiġistir mo ṗáipéar boċt ar an ḃfalla mar aḋḃar spóirt. Deirim leat go raḃas buiḋeaċ nár scríoḃas síos ann an bas úd a ṫugas do.