Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

áit sin díom nár ḟéadas suiḋe ar feaḋ trí lá. Ní ṫuigim Mam i n-ao’ ċor. Cad ċuige ḃí sí am’ ċosaint i láṫair Eoin agus annsan me ḃualaḋ. Oċ, ṁuise, b’ḟearr liom go mbeinn mór.

Agus ní measa Mam ċun mo ḃuailte ná an Máiġistir. Sé an Máiġistir an tarna naṁaid atá agam. Ní ḃíonn stad air aċ ag cur ceisteanna crua orainn le réiḋteaċ gaċ aon lá—rudaí nár ġáḋ bacaḋ leo mar ní ḃíonn siad i gceist i n-ao’ ċor. As a ċeann amaċ is eaḋ ċeapann sé iad gan ġáḋ gan riaċtanas.

Ní hí sin an saġas ceiste ḃí le réiḋteaċ sa tSaṁraḋ idir Eoin agus Donnċa Beag. Ṫógadar móinéar eatarṫa agus nuair ḃaineadar agus ṡáḃáladar é ḃí trí cocaí móra agus cúig cocaí beaga agus taoscán féir ar fad ann. Ní ḟéadfaidís an féar a roinnt ’na ḋá leaṫ codroma—an roinnt a ṁolfaḋ duine ’ca ní ḃeaḋ an fear eile sásta leis. Ḃídís ag cur cocaí móra agus cocaí beaga agus ualaiġe féir tré n-a ċéile agus ag argóint. Ṫug Eoin biṫiúnaċ ar Ḋonnċa Beag agus ḃí Donnċa d’iarraiḋ é ṡáṫ’ le píce. Ḃí muinntir a’ ḃaile d’iarraiḋ an roinnt a ḋéanaṁ aċ ṫeip orṫa. D’iarradar ar an Máiġistir an ċeist a réiḋteaċ aċ duḃairt sé ná féadfaḋ. Sa deire tugaḋ an féar ’n Daingean go dtí an ṁeáḋ agus sin mar a réiḋtiġeaḋ an ċeist.

Aċ níor stop san an Máiġistir. Bíonn sé scuḃṫa ċun ceisteanna ċeapaḋ ċun sinn a ċur i bponnc. “Dá mbeaḋ ceiṫre cinn de ṁuca ar aonaċ ag duine agus dá ḃfaġaḋ sé cúig púint seascad orṫa—an mór an ceann é sin?”

Sin é an saġas ceisteanna a ḃíonn ag an Máiġistir. Cad dob áil leis an Máiġistir ná le haonne eile ḟiafruiġe an mór an ceann é sin. Má fuair an duine úd na 65 púint ar ċeiṫre muca ná fágfaḋ an Máiġistir mar sin é agus gan ḃeiṫ ár gcráḋ-na mar ġeall ar an scéal. Aċ ní ḟágann—ní hé sin an saġas é.

Ar seisean linne lá—“Capall ar sodar—raġaḋ sé deiċ míle i n-uair a ċluig: an mó míle ó ḃaile ḃeaḋ sé i gcionn ċeiṫre huaire fiċead?”

10