Jump to content

Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/17

From Wikisource
This page has been validated.

BROID A ṀÁṪAR AR JIMÍN

goṁ air ċuġam. Ċuireas díom, a ṁic ó, faid a ḃí im’ ċroiḋe, agus fear an dá cos ḃóraċ im’ ḋiaiḋ. Ċuas amú air ameasc na dtiġṫe. Annsan seo leis ċuig ár dtiġ-ne ċun me ġearán, ċeapas. Ní túisce san ná mise istiġ tríd an ḃfuinneoig arís.

D’éiriġ idir Eoin agus Mam ag an ndoras. Duḃairt seisean go raiḃ mac droċṁúinte aici a ṫug leasainm air féin. Duḃairt sí leis gur éiṫeaċ a ḃí sé a ċur ar an mbuaċaillín boċt macánta (b’in mise, tá’s agat) agus ná raiḃ sé amuiċ ċuige, mar gur ċuir sí féin sa tseomra é fiċe neomat roime sin.

“Deirim-se leat go raiḃ sé ann,” arsa Eoin.

“N’ḟéadfaḋ a ḃeiṫ,” arsa Mam, “naċ ṡin é ag glórġail sa tseomra fós féin é. Téanam ort go ḃfeicir.” Ṫánadar araon go dtí doras an tseomra.

“A’ raḃais age tiġ Eoin le leaṫuair a ċluig, a Jimín?” arsa Mam.

Ḃíos féin aireaċ.

“Cionnus ḟéadfainn dul amaċ agus an doras dúnta agat-sa orm?” arsa mise.

“Deir Eoin go raḃais ann ag taḃairt ‘Bóiricín’ air féin,” ar sise.

“Speaḃraídí atá air ní foláir,” arsa mise. “Ḃí sé sa Daingean indiu ag díol muc.”

D’imiġ Eoin leis agus é ag ráḋ rud éigin leis féin. Nuair ḃí sé imiṫe:

“A’ raḃais ann, a Jimín,” arsa Mam.

Ní duḃart féin aon ḟocal. Ṫáinig sí agus d’ḟéaċ sí ar mo ċosa. Ḃíodar fliuċ salaċ ón rás a ḋeineas ó Eoin. D’ḟeaċ sí ar ḃonn na fuinneoige agus ċonnaic sí rian mo ċos ann cé gur ċuireas féin na potaí geranium anuas orṫa go cúramaċ.

Ḃuel, ní maiṫ liom a innsint duit cad a ṫuit amaċ ’na ḋiaiḋ sin-ḃeaḋ náire orm. Ḃí Micilín Eoin ’á ráḋ leis na garsúin eile gur ḃain Mam an bríste ḋíom, pé duine d’innis do é, agus gur ġaiḃ sí orm. Nílim-se ’á ráḋ gur ḋein; aċ tá’s agam go raḃas ċoṁ tinn sin san

9