Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

bruaċ na faille agus go dtuitfidís araon síos, síos, síos go ndéanfaí iad a smiotaḋ ’na smidríní ṫíos ar na cloċa i slí ná beaḋ ḟios ag aonne ciaca smut de ċapall nó smut de Ṁáiġistir aon smut aca seaċas a ċéile. Ba ṁór an sásaṁ liom an socrú san a ḃeiṫ déanta agam ar an Máiġistir agus annsan ḃíos ag scríoḃ ceisteanna ċun é ċur i bponnc:

Ceisteanna ar an Máiġistir—

Da mbeaḋ capall ann a raġaḋ 240 míle i n-aon ló, an mó míle raġaḋ an capall céadna i dtrí ċéad bliain?
Má fuair Taḋg Mór £5 ar ṫrí cinn de ċaoire ar aonaċ an Daingin, cad a ġeoḃaḋ an Máiġistir ar an gcapall úd a ċuaiḋ 240 míle i gceiṫre huaire fiċead?
An mó cruaċ ṁóna ḋéanfaḋ mála súiṫe?

Ḃíos ag gáiriḋe liom féin leis an sult agus níor ḃraiṫeas faic go raiḃ an Máiġistir laistiar díom agus scearta mór gáire curṫa aige as. Rug sé ar an bpáipéar uaim agus léiġ sé do’n scoil ar fad é. Ḃí an scoil go léír ag gáiriḋe. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire. Ḃí béal mór ar Ṁicilín Eoin ag magaḋ fúm. Do ċroċ an Máiġistir mo ṗáipéar boċt ar an ḃfalla mar aḋḃar spóirt. Deirim leat go raḃas buiḋeaċ nár scríoḃas síos ann an bas úd a ṫugas do.

12