Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol III

SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN IS MAR D’ḞÓGAIR CÁIT SOS COṀRAIC

Naċ ait na rudaí gearrċailí. Ní ḃíonn aon ṁaiṫ ionnta ċun aon ní aċ ċun screadaiġe nuair ḋéanfa aon ní leo, nó ċun tu scríobaḋ leis na hingne nuair a ḃíonn an t-olc ceart orṫa. Tá ceann aca sa tiġ againne: Cáit. Drifúr dom iseaḋ í agus is óige í ná mise. Tá sí ’na peata ’ge Mam agus ní ḃíonn sí ’á bualaḋ mar ḃíonn sí am’ bualaḋ-sa agus ní ceart é sin. Is fearr mise na Cáit ar gaċ aon tsórt slí aċ cad é an ṁaiṫ sin—ní ḟaġaim-se aon ní ó Ṁam aċ an tslat agus ġeiḃeann Cáit peataireaċt. Ma ḋeineann Cait aon rud as an tslí ní ṫugann mo ṁáṫair di aċ scríob da teangain. Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Más mar sin a ḋéanfaḋ Mam liom-sa é naċ agam a ḃeaḋ an saoġal breá! Ní ġoilfinn da mbeaḋ sí ag cainnt go dtuiteaḋ an teanga aisti. Ċuirfinn mo ċeann fúm agus d’imeoċainn amaċ ’on stábla fé mar ḋeineann Daid.

Aċ níl aon ṁaiṫ i gCáit. Deir mo ṁáṫair liom ḃeiṫ ag imirt léi, agus bím ar mo ḋíċeall. N’ḟéadfaḋ sí aon léim a ċaiṫeaṁ, a ḋuine, ná níl aon ṁaiṫ ċun reaṫa innte. Ḃí cnaipí deasa aici agus duḃairt léi imirt agus do ḃuaḋas uaiṫe na cnaipí go léir do ḃí sa ḃosca aici. Ċrom sí ar ġol, a ṁic ó! agus níor ṫeastuiġ uaiṫe iad a ṫaḃairt dom i n-ao’ ċor, aċ ḃaineas di iad. Aċ, a ḋuine! ṫairrig sí an tiġ orm leis an screadaiġ agus nuair ṫáinig Mam ḃain sí gaċ aon ċnaipe aca ḋíom; agus ḃain sí mo ċuid féin, leis, díom a ḃí ar ċórda agam. D’ḟiafruiġ sí cá ḃfuireas iad go léir. D’innseas di gur ḃuaḋas ó sna buaċaillí eile ar scoil iad aċ níor

13