Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

ṡásaiṁ san í gan féaċaint ar mo ḃríste. Ní raiḃ cnaipe ann agam aċ trí puill déanta agam ann agus na guaileáin greamaiṫe le ḋá ḃuaircín aḋmaid agus tairrnge trí n-órdlaċ.

Ḋein Mam beart náireaċ orm annsan: ċuir sí iaċall orm an dá ċipín agus an tairrnge a ċaiṫeaṁ uaim agus an bríste ċongáil suas lem’ ḋá láiṁ. Ċaiṫeas trí la mar sin go raiḃ mo ċroiḋe briste. Aċ níorḃ é sin a ċuir an straiḋn ar fad orm aċ Micilín Eoin a’ magaḋ fúm. Ní ḟéadfainn riṫ ’na ḋiaiḋ, tá’s agat, agus ċráiḋ sé me go raiḃ an goṁ orm ċuige.

An tríoṁaḋ lá ċuas go dtí Mam. “A Ṁam,” arsa mise, “cuir isteaċ na cnaipí ḋom, má-má-má’s é do ṫoil é. Ní ġearrfad amaċ aon ċeann go bráṫ arís.”

D’ḟéaċ sí orm. Ḃí sí d’iarraiḋ a ḋéanaṁ amaċ cad é an fuadar a ḃí fúm.

“Á! dein, a Ṁaimí,” arsa mise, “agus bead im’ buaċaillín maiṫ.”

“Um-m-m,” ar sise, “n’ḟeadar an tsaoġal cad é an t-aṫarú so teaċt ort. Mar sin féin cuirfead isteaċ iad; aċ má ḃíonn sé den diaḃar ort go gcuirfir scian ar aon ċeann eile ’ca bainfead an croiceann díot;” agus faid a ḃí sí ag cur na gcnaipí isteaċ ḃí sí am’ ċroṫaḋ mar ḋéanfaḋ madra le franncaċ. “Seaḋ ’miġ ort anois,” ar sise nuair ḃíodar istiġ aici agus na guaileáin i ḃfearras arís orm.

Do ḃuaileas an doras amaċ go breá bog agus síos an buaile agus mo ḋá láiṁ i bpócaí mo ḃríste agam ’á ċongáil suas, mar ’ḋeaḋ. Ní fada ċuas nuair ċonnaic Micilín Eoin arís me agus seo ċuġam é agus draid air ag magaḋ fúm.

“Bríste ar ḃais!” ar seisean. “Bríste ar ḃais! Hí-ú! Hí-ú!”

Ṫeastuiġ uaim é ṁeallaḋ i n-aice liom. “Caiṫ crúistín nó cloċ liom agus tairrig ort me,” arsa mise.

“Caiṫfead, ḃríste ar ḃais,” ar seisean agus ċrom sé síos ċun cnapán laiṫiġe d’ḟaġáil a ċaiṫfeaḋ sé liom. Sin é an uair a ṗreabas ċuige. Nuair a ċonnaic sé

14