Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

SCÉAL NA gCNAIPÍ I mBRÍSTE JIMÍN

’teact me agus gan aon láṁ i n-aon ṗóca liom ċuir sé béic as agus siúd leis agus é a’ screadaiġ. Ṫána suas leis agus ṫugas cor coise ḋo agus ṡíneas ar a’ dtalaṁ é. Ṡuiḋeas anuas air annsan agus ṡáṫas a ṡrón síos sa laiṫiġ.

“Abair ‘bríste ar ḃais’ anois, a Ṁicilín,” arsa mise, agus ċuireas dorn laiṫiġe síos laistiġ dá léine. “Hop, a ċapaillín,” arsa mise leis agus me síos, suas ar a ḋrom. Ḃaineas sásaṁ mo ċroiḋe as agus ḃí anaspórt agam air go ceann tamaill.

Sin é uair a ṫáinig Cáit agus do loit sí an spórt orm. “Ó! faire, mo náire, ’Jimín,” ar sise, agus ḋ’ḟéaċ sí orm agus a ḋá súil ṁóra ag cromaḋ ar ġol. Dar fia, a ḋuine, do stadas. D’imiġ an spórt as an scéal dom ar ċuma éigin.

“Mo náire é an bullaí mór,” ar sise arís liom. An riaċ, a ṁic ó, go dtáinig náire orm féin. N’ḟeadar i n-ao’ ċor ca’ ’na ṫaoḃ. D’éiriġeas de Ṁicilín agus ná feadar cad a ḃíos a ḋéanaṁ. Nuair a ḋ’éiriġ sé sin ḃí sé ag gol agus ḃí sé go léir salaċ ón laiṫiġ. Ċuaiḋ Cáit anonn ċuige agus ḃí sí ’féaċaint air; annsan d’ḟéaċ sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ġoil sí agus í d’iarraiḋ casóg Ṁicilín a ġlanaḋ le sliogán ruacan. N’ḟeadar cad é an donas a ṫáinig orm féin. Ḃí náire orm. Níor ḟan aon ṁeas agam orm féin. Ṫaḃarfainn aon rud dá ḃféadainn an rud a ḋeineas le Micilín a ċur ar neaṁ-ní. Níor lú liom aon duine ar an saoġal ar an nóimeat san ná Jimín Ṁáire Ṫaiḋg. Ḃí Cáit ag glanaḋ leis an sliogán agus Micilín ag congáil na casóige ḋi agus iad araon ag gol.

Ḃí sé déanta ’gam sarar ṫuigeas cad a ḃí ar siuḃal agam. Ċuas anonn ċuċa agus rugas ar an sliogán uaiṫe agus ṫosnuiġeas ar scríobaḋ.

“Mo ġráḋ ṫu, ’Jimín,” arsa Cáit.

Ní ḟéadfainn aon ḟocal a ráḋ. Ṫáinig rud éigin ait im’ scórnaiġ agus im’ ṡúile agus ḃíos ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ gan gol aċ do riṫ deoir ṁór anuas ar feaḋ na sróna agam agus annsan riṫeadar go léir anuas. Ní

15