Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR A n-INNSTEAR ÍDE AN ĊAIT

soir, siar. Ḃí seanduine ann is bó ar aḋastar aige. Riṫ scata beiṫíoċ isteaċ idir é féin agus an ḃó. B’éigean do scaoileaḋ léi; aċ ḃí sé ag eascainí agus ag loċtú daoine go mbíonn scata mór beiṫíoċ aca agus a ḃíonn d’iarraiḋ an duine boċt a ċaiṫeaṁ d’uaċtar na talṁan!

Scaipeaḋ na ceiṫre beiṫíġ orm féin is ar Ḋaid trí huaire; agus ḃí iongna mo ċroiḋe orm uair aṁáin nuair a ċuir Daid scaiṁ air féin ċun cleiṫire ṁóir ḟada go raiḃ maide ’na láiṁ aige, agus duḃairt leis, dar fia, go mbrisfeaḋ sé a ṁuineál. Ṁeasas ná marḃoċaḋ m’aṫair cat. D’imiġ an fear eile agus is maiṫ an ḃail air gur imiġ mar nuair a ḃí sé tamall suas an t-aonaċ sin é uair a ṫáinig an t-olc go léir ar Ḋaid.

[Naċ ar Ṁam a ḃeaḋ an t-iongantas dá gcuireaḋ Daid an scaiṁ sin air ḟéin ċúiċi nuair ḃeaḋ sí ag gaḃáil do. Ní ḟeadar cad a ṫuitfeaḋ amaċ dá n-abraḋ sé léi go mbrisfeaḋ sé a muineál!]

Tiompall a hoċt a ċlog ṫáinig na ceannaṫóirí ar an aonaċ. Plubairí reaṁra b’eaḋ iad ar fad. Casóga móra orṫa, órlaċ de ḃonn fé sna bróga aca, bróga geanncaċa orṫa, géitéirí leaṫair go glúiniḃ orṫa, bataí siuḃail ag gaċ fear agus rian a ċoda ar gaċ aonne ’ca. Ṫánadar ċuġainne agus d’ḟiafruiġ gaċ duine aca ḋem’ aṫair an mór a ṫógfaḋ sé ar na beiṫíġ. Ní “beiṫíġ” aduḃradar i n-ao’ ċor aċ “ragaí” agus “creatlaċa” agus “básaċáin.”

“Oċt bpúint déag an ceann,” arsa Daid.

Ara ’ṁic ó! sin é uair a ḋeinidís an ċainnt. Ar dtúis ċeapas ón gcainnt a ḃí aca ná rugaḋ riaṁ leiṫéid mo Ḋaid le spriúnlaiṫeaċt agus le nea’-réasún; agus i bpáirt na mbeiṫíoċ mboċt, do ḃeaḋ náire ort a adṁáil gur leat féin i n-ao’ ċor iad. Ṫagaḋ olc ar Ḋaid uaireannta agus d’ḟógruiġeaḋ sé síos go dtí an leac is teo agus is íoċtaraiġe ṫíos i n-Ifreann iad. Deireaḋ cuid aca san leis gur túisce go mór a ḃeaḋ sé féin ann agus deiridís leis na ceiṫre “básaċáin” a ḃreiṫ aḃaile leis agus gal tobac a ṫaḃairt dóiḃ.

19