Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Nuair ṫugamair an cat isteaċ ḃí sé marḃ. Duḃairt Micilín go dtiocfaḋ an t-anam arís ann mar gurab ’in nós age cataiḃ—éirġe ón mbás naoi n-uaire. Sin é cúis a ḃáṫamair é, tá’s agat—féaċaint an éireoċaḋ sé arís. Má ḟanann sé marḃ beiḋ murdal sa tiġ seo ’gainne, mar sé ár gcat-na é agus tá Mam tosnaiṫe ar ḃeiṫ ag cur a ṫuairisce. Duḃart-sa go fírinneaċ léi arḃú ’raer ná feaca ó ṁaidin a’ lae sin marḃ ná beo é. Ní ḟeaca, leis, go dtí maidin iné. Bím ag dul síos ċuige go minic ó ṡin féaċaint a’ mbeaḋ aon ċorruiġe ann, aċ, dar fia, tá sé ’na stalca gan anam. Ċuireas biorán ann agus duḃart “ḃuis, ḃuis, ḃuis!” leis aċ ní raiḃ gíog as. Féaċ, mara mbíonn sé ’na steilleḃeaṫaiḋ amáireaċ caiṫfiḋ Micilín a ċat féin a ċur sa ṁála agus é ḃáṫ’ i bPoll a’ Lín.

Aċ mar ġeall ar an aonaċ—ḃí ana-lá agam ann. Ḃí sé le fada geallta ḋom go leigfí ann me, agus ḃíos ag coimeád na bpingní ’na ċoṁair. D’éiriġeamair—me féin is Daid—ar a cúig a ċlog agus ċuamair leis an ngealaiġ ’on Daingean. Ceiṫre cinn de ḃeiṫíġ a ḃí againn. Gaċ aon ḃearna a ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair ṫugaidís fé ḋul isteaċ ann agus ḃíoḋ Daid gaċ ’ra neomat ’á ráḋ liom “’Jimín, a ḃuaċaill, riṫ rómpa agus sáruiġ iad san”; nó “preab isteaċ, a ġarsúin, agus bagair amaċ í sin,” nuair ḃíoḋ ceann aca tar éis dul i bpáirc éigin. Is minic a ḃíoḋ ḋá ċúrsa déag agam féin agus ag an mbeiṫíoċ tiompall na páirce istiġ sara riṫeaḋ sé ’na ceann gur ċeart di dul amaċ ar an mbóṫar arís.

Níorḃ aon ní áfaċ an bóṫar isteaċ go dtánamair ar an sráid agus ar ṗáirc an aonaiġ. Ċeapas ná raiḃ oiread stuic i n-Éirinn! beiṫíġ agus buláin agus ba agus tarḃaí agus caoire agus iad go léir ag búirṫiġ agus ag méiliġ agus iad ag riṫ tré n-a ċéile. Ḃí fear ag gaḃáil lár an aonaiġ suas agus fiċe bulán aige i n-aon scata aṁáin agus triúr fear agus trí cinn de ṁadraí ’na ndiaiḋ agus “Haḃa-Haḃa” age sna fearaiḃ agus “Baḃa-aḃa” age sna madraí. Do scaipeadar rómpa

18