Jimín Mháire Thaidhg/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG IS DÚṪRAĊT JIMÍN DON nGANNDAL
[ 26 ]

Caibidiol V.

MAR A n-INNSTEAR SCÉALA NA NODLAG IS DÚṪRAĊT JIMÍN DON nGANNDAL

Caiṫfiḋ mé innsint mar ġeall ar an Nodlaig a ḃí againne. Ċuaiḋ Mam dtí an Daingean cúpla lá roim Nodlaig—í féin agus Daid—agus ṫugadar an capall leo agus cliaḃ agus bosca sa ċairt. Ḃí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi ḋá ġé—ċun ceann aca ṫaḃairt do ḋoċtúir na mbeiṫíoċ agus an ceann eile a ṫaḃairt d’ḟear a’ Ḃainnc, mar sin é go ḃfuil airgead Ṁam ar fad aige, agus tá anaṁeas aici air.

Faid a ḃíodar sa Daingean ċuas féin go dtí Gleann Doiṁin agus an scian ṁór agam agus téadáinín agus ṫugas aḃaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eiḋneán i ḃfoṫraiġ na Cille. Nuair a ḃíos a’ gaḃáil ṫar doras aici ṫáinig Nell Ṁáire Aindí amaċ ċuġam ag bladar liom d’iarraiḋ go dtaḃarfainn roinnt ċuilinn di. Ċeap sí go mbeinn-se im’ amadáinín aici, agus ḃí sí am’ ṁolaḋ agus ag taḃairt “buaċaillín maiṫ” orm agus ’á ráḋ go ḃfaġainn féirín uaiṫe i gcoṁair na Nodlag; aċ ní raḃas-sa ċoṁ símplí sin. Táim marḃ ó ġeallúintí ná tagann aon ní ’á mbarra.

[Mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa ḃaile ṫugas cúpla craoḃ ċuilinn anonn ċúiċi. Táim anaṁór le Nell, tá’s agat.]

Ḃí sceitimíní ar Ċáit nuair a ċonnaic sí an t-ualaċ mór a ḃí agam an doras isteaċ. “Ó!” ar sise, “beiḋ an tiġ go gleóite anois againn"; agus ḃí sí ag féaċaint ar na caora dearga a ḃí ar a’ gcuileann agus í ag rinnce tiompall an úrláir. “Ó! náċ gleóite iad?” ar sise. “A’ ḃfeacaís riaṁ aon rud ċoṁ deas?” Mar sin a [ 27 ]ḃíonn Cáit i gcoṁnaiḋe, mara ḃfeiceaḋ sí aċ neóinín nó pósaí bó ḃleaċt. Ċloisfeá na cailíní go léir mar sin, a ḋuine, leis gaċ aon tsórt ní.

Ḃí ocras orm féin. “Caiṫ uait na céapars san,” arsa mise, “agus tr’om rud éigin le n-iṫe.”

“Ó! mo ḋearṁad!” arsa Cáit, agus ṫug sí cogar dom. “Ní ċuirfeá amaċ cad tá agam duit?”

“Cad é?” arsa mise.

Do ġáir sí. “Ní ’neósad duit é,” ar sise, “mar do scéiḋfeá orm le Mam.”

“Ar ṁ’anam ná scéiḋfead, a Ċáit!” arsa mise.

“Marḃoċaiḋ sí mé i dtaoḃ an tsiúicre!” arsa Cáit.

“Cad é an siúicre, arú?” arsa mise.

“Agus mar ġeall ar an uaċtar!” ar sise.

“Hanaman diucs! a Ċáit, an cístí mísle atá déanta agat?”

“Ó, ní ’neósad duit! ní ’neósad duit!” ar sise, agus ḃí sí ag gáiriḋe agus ag léimriġ ar an úrlár. Annsan ċuaiḋ sí dtí an dresser agus ṫóg sí anuas dá ċupán le cur ar an mbórd.

“Áh, hanamain! a Ċáit,” arsa mise, “innis dúinn cad tá agat.”

“Ní ’neósad, ní ’neósad,” ar sise, agus do ġáir sí agus ḃí sí ag rinnce agus ag caiṫeaṁ a cos agus n’ḟeaca sí an t-eiḋneán ar an úrlár gur leag sé í, agus slán mar a n-innstear é! baineaḋ píosa mór as cliaṫán cupa aca. Rug Cáit ar an bpíosa agus ḃí sí ar criṫ ag iarraiḋ an píosa do ċur isteaċ ’na áit féin arís féaċaint a’ ḃfanfaḋ sé istiġ. Annsan ċrom sí ar ġol agus, a ḋuine, ḃí sí ag iarraiḋ a ṁileán do ċur orm-sa. Ċuireas i n-iúl di naċ me fé ndeara é aċ í féin agus a cuid léimriġe; aċ níorḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag cainnt léi. Ní ḋéanfaḋ sí aċ gol. Ṫáinig truaġ agam féin di sa deire.

“Tr’om é a Ċáit,” arsa mise, “agus ní ḃeiḋ ḟios age Mam go deó é.”

Ṫugas an cupa briste go dtí an dresser agus ċuireas ṡíos fé ḋá ċupa eile é agus an taoḃ briste isteaċ.

[ 28 ]“Ó! a ṁuiricín! cad a ḋéanfad i n-ao’ ċor má ċíonn Mam é?” arsa Cáit.

Annsan ḋeineamair té—muga an duine againn. Sin é an uair a ṫairrig Cáit amaċ na rudaí aduḃairt sí ḃí déanta aici—cístí beaga uaċtair agus crústa siúicre orra. Fuaireamair im sa ċurpad agus ċonnac-sa próca mór de ṡuḃ a ḃí ann agus clúdaċ páipéir ceangailte go daingean ar a ḃarra. Ġearras an ceangal go haicliḋe agus deirim-se leat gur ḃaineamair súlaċ as na rudaí ar fad. Fé mar iṫimís greim aráin ṫógaimís lán spiúnóige den tsuḃ. Nuair a ḃí ár ndóṫain itṫe againn ḃí an suḃ i ḃfad síos ins a’ ṗróca aċ ċeanglas an páipéár go haicliḋe arís air agus ċuireas ṫar n-ais ins a’ ċurpad é mar ḃí sé ċeana. Is mór a’ truaġ ná bíonn Mam sa Daingean gaċ aon lá.

Fuaireas féin casúr annsan agus tairngí beaga agus ḃí Cáit ag síneaḋ eiḋneáin agus cuilinn ċuġam. Do ċuireamair tiompall na ḃfuinneóg é agus ar ḃarr an dresser agus os cionn na teine. Ḃíoḋ sé deacair é ċeangal i n-áit ná bíoḋ aḋmad agug ċaiṫinn tairngí móra do ṫiomáint sa ḃfalla agus ṫuiteaḋ scailpeanna den ṁoirtéal anuas uaireannta. Nuair a ḃí an tiġ críoċnaiṫe againn rugamair ar “Sailor"—sin é an madra, tá’s agat—agus ċlúduiġeamair ó ċeann go hearball é le cuileann agus ḃí anaspórt againn air. Nuair a ṫáinig an tráṫnóna lasamair an lampa agus ḃí cuma aeraċ ar an dtiġ.

Ḃí an oiḋċe ann nuair a ṫáinig Mam is Daid aḃaile. Nuair a ṫáinig sí isteaċ ṁeasamair go mbeaḋ an-áṫas uirṫi, aċ is aṁlaiḋ do ḋein sí raic, a ṁic ó, nuair a ċonnaic sí na scailpeanna moirtéíl imiṫe den ḃfalla. Ḃí sí gan aon ċiall, a ḋuine, agus b’éigean dom féin teiċeaḋ do dtáinig sí ċun suainis.

Cáit d’innis dom lá’r na ṁáireaċ cad a ṫug Mam ón nDaingean. Ṫug sí naoi gcoinnle móra fada léi agus iad ’na seasaṁ sa ċliaḃ, agus ḃí trí cinn aca dearg. Ḃíodar ċoṁ hárd leis an ḃfuinneóig, a ḋuine, agus ṫug [ 29 ]sí lán a’ ḃosca de rísíní agus de ṡiúicre agus de ṫé léi, agus bairġín mór breac ón siopa, agus ḃí buidéil ann—buidéil go raiḃ deoċ ḃuiḋe ionnta agus buidéil eile go raiḃ rud éigin gormḋearg ionnta agus crúsca mór lán de rud éigin duḃ. Ḃí cnapán mór feóla, leis, aici. Ċuala go dtug sí uḃla, leis, léi, aċ ní ḃfaġaimís-ne an oiḋċe sin aon ċeann aca toisc a raiḃ de ḋíoḃáíl déanta againn leis na tairngí. Ċuir sí iad go léir isteaċ sa ċurpad agus ċuir sí an glas air.

Lá’r na ṁáireaċ ṁairḃ Mam gé agus laċa le sciain. Is aṁlaiḋ go ġearruiġ sí cúl an ġé leis an sciain agus ċongaiḃ sí greim uirṫi agus an gé a’ scréaċaiġ agus an ḟuil ag imeaċt aisti. Nuair do ċaiṫ sí uaiṫe ar an dtalaṁ í ḃí an gé ag léimriġ agus ag criṫ. Ní ḟanfaḋ Cáit ag féaċaint uirṫi ’á marḃú i n-ao’ ċor aċ riṫ sí isteaċ agus a méireanna ’na cluasa aici. Nuair ḃí an gé fuar ċuir Mam páipéar tiompall ar a ceann agus ḃain sí na cleití ḋi agus ċuir sí ar croċaḋ ar ċúl a’ dorais í.

Oiḋċe Nodlag ḃí anaṡaoġal againn! Fuaireas féin agus Cáit ḋá ṫurnap ṁóra agus ḃaineamair a leaṫ ḋíoḃ agus annsan ċuireamair poll síos ionnta ċun na gcoinnle ċur ’na seasaṁ ionnta. Annsan ṡáṫamair craoḃa beaga cuilinn i ngaċ turnap aca agus ċuir Cáit páipéar tiompall orṫa. Ḃíodar go gleóite, a ḋuine, agus lasamair iad sar a dtáinig an oiḋċe i n-ao’ ċor; aċ ṁúċ Mam arís iad.

Istoiḋċe ċuir mo Ṁam prátaí is iasc ar an mbórd ċuġainn aċ am’ baisce nár iṫeas féin ná Cáit aon ṗioc de mar ḃí ḟios againn go raiḃ rudaí eile ag teaċt. I gcionn tamaill ṫairrig Mam amaċ an císte mór breac agus do ġearruiġ sí ḋúinn é agus ḋein sí té, agus fuaireamair ḋá uḃall uaiṫe.

Nuair a ḃí aṫair Ṁicilín ag dul ṫar doras ṫug Mam isteaċ é agus ṫug sí braon as buidéal do—buidéal go raiḃ trí réilṫíní air—agus ṫug sí braon beag do Ḋaid agus fuair sí féin braon as buidéal eile agus duḃradar go leir “go mbeirimíd beo ar an dtráṫ so arís!”— [ 30 ]pé brí a ḃí aca leis. Ṫáinig Beit Ṁór agus Máire Aindí isteaċ agus ċuir mo ṁáṫair braon as a’ mbuidéal buiḋe i ḋá ngloine agus annsan ċuir sí siúicre agus uisce beiriṫe ionnta agus ċorruiġ sí le spiúnóig iad. Ċeapas ná hólfaidís sin i n-ao’ ċor ar dtúis é. Duḃairt Máire Aindí: “Ó! go marḃuiġiḋ sé mé má ḃlaisim aon ḃraon de!” aċ, mar sin féin, d’ól sí é go léir, agus níor ṁairḃ sé leis í. Ṫáinig a lán eile isteaċ i riṫ na hoiḋċe—buaċaillí óga agus is as an gcrúsca mór a ṫug Mam an deoċ dóiḃ sin.

An riaċ! a ṁic ó! nuair a ċonnac iad go léir ag ól ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann agus nuair a ċuaiḋ Daid amaċ le haṫair Ṁicilín agus ḃí Mam ag cainnt leis na mná i n-aice na teine, ṫógas féin slug as an gcrúsca, a ḋuine. Aċ is láidir nár ṁairḃ sé mé leis an mblas a ḃí air. Ní ḟéadfainn é scaoileaḋ siar agus ḃeaḋ eagla orm é ċaiṫeaṁ as mo ḃéal ar an úrlár, agus seo liom ag baint an dorais amaċ agus mo ḃéal lán. Ċonnaic mo ṁáṫair ag dul amaċ mé.

“Cá raġair anois, a Jimín,” ar sise, aċ ar ṁ’anam ná duḃart aon ḟocal aċ an doras d’oscailt agus cur díom. Lean sí ’maċ mé agus nuair a ċonnaic sí mé ag casaċtaiġ agus ag caiṫeaṁ seilí amaċ:

“Ha, Ha, Há!” ar sise, “a ċlaḋaire, ní ḋéanfainn daḃt do ṁac t’aṫar. Masmus go gcuiriḋ sé ort!”

Ba ġránna an riaċ ruda é.

N’ḟeadar cad ċuige duḃairt Mam an focal san “mac t’aṫar” liom?

Ḃí sé déannaċ nuair do ċuamair a ċodla an oiḋċe sin mar ḃí Mam ag ullṁú an ġé i gcoṁair Lae Nodlag. Do ḃain sí amaċ a raiḃ istiġ innti agus do niġ agus do ġlan í agus annsan do líon sí arís í le prátaí brúiġte agus inniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile agus do ḋein sí é ḋingeaḋ isteaċ innti. Annsan fuair sí snáṫad agus d’ḟuaiġ sí í. Ḃíos féin is Cáit ag faire uirṫi.

Maidin Lae Nodlag ċuaiḋ Cáit ’s mo ṁáṫair ’dtí an [ 31 ]ċéad Aifreann. Ḃíos féin agus Daid i mbun an tiġe. Faid a ḃí Daid ag crú na mbó ḋeineas-sa foġail ar an gcurpad. Ġoideas uḃall agus líonas póca liom de rísíní agus ḃí smut den ḃairġin breac ann gearrṫa—ċuireas ċuġam é sin, leis. Nuair a ḃíos ag dúnaḋ an ċurpaid arís, do ḃuail smaoineaṁ mé, rugas ar a’ mbuidéal buiḋe agus do leaṫlíonas cupán as. Ḃlaiseas é, aċ ar ṁ’anam, dá olcas é an stuif duḃ ba ṡeaċt measa an rud buiḋe. Ḋóġfaḋ sé ṫú, a ḋuine! Annsan n’ḟeadar cad a ḋéanfainn leis. Ġlaoḋas ar an madra agus ċuireas fé n-a ṗus an cupán, aċ ní ḟéaċfaḋ sé air, a ṁic ó. Níor ḋein sé aċ sraoṫ a ċur as.

Annsan ċuiṁniġeas ar ṡeift eile. Fuaireas dorn mine buiḋe agus do ḟliuċas leis an stuif as an mbuidéal é agus ċuireas sa ḃuaile amuiċ é ar ṗláta. Siúd ċuige an ganndal mór agus d’alp sé a raiḃ ann. Níor ḃraiṫeas faic air go ceann tamaill. Annsan ċrom sé ar ġogalaiġ. I gcionn tamaill d’éiriġ sé as san agus ċrom sé ar ṡiuḃal tiompall agus leaṫċeann air. Fáinne ḃí sé a ḋéanaṁ agus é ag siuḃal. Annsan stad sé agus leaṫ sé a ḋá ċois amaċ ó ’ċéile agus ḃí sé ’á ṡuaṫaḋ féin anonn ’s anall. Ċuirfeaḋ sé na cait ag gáiriḋe. Annsan do luiġ sé agus ḋún sé na súile agus ní ḟeaca aon oiġre riaṁ aċ é ar ṡeana-Ḋiarmaid ċríona annso amuiċ nuair a ḃíonn sé ag tuitim dá ċodla sa ċaṫaoir ṁóir os coṁair na teine agus é ’míogarnaiġ. Annsan luiġ sé ar fad anuas ar a’ dtalaṁ, do ṡín sé a ṗíopán uaiḋ amaċ agus do leaṫ sé a ḋá sciaṫán agus níor ḟan anam ná brí ann aċ ċoṁ beag agus dá mbeaḋ sé marḃ. Ambaisce ḃíos ag breiṫ ċuġam ar eagla go gcaillfí é agus ní ḟeadar cad a ḋéanfainn. Ċuala Daid ag teaċt ó ċró na mbó agus ċuireas díom isteaċ. Nuair a ċonnaic Daid an ganndal do stad sé agus ḃí sé ag cainnt leis féin.

“An diaḃal mé aċ go ḃfuil sé ’na ‘ċocstí’!” ar seisean. “A Jimín,” ar seisean ag glaoḋaċ. Ḃíos-sa ag scuabaḋ an úrláir ar séirse.

[ 32 ]“Cad tá ort,” arsa mise.

“Marḃoċaiḋ do ṁáṫair sinn,” arsa Daid. “Tá an ganndal mór ar na croití deiriḋ.”

“Cad do ḋeinis leis?” arsa mise.

“Cad do ḋeinis-se leis?” arsa Daid.

Ḃíos ag iarraiḋ é ċur ar Ḋaid agus ḃí Daid ag iarraiḋ é ċur orm-sa.

“Gearánfad led’ ṁáṫair ṫú, a ḃligeáird!” arsa Daid.

“B’ḟearra ḋuit éisteaċt,” arsa mise, “nó ’neósad-sa ḋi mar ġeall ar an seaċt is raol a ḃainis as fiaċa na mbeiṫíoċ.”

“Seaḋ! agus ’neósad-sa ḋi cé ṁairḃ an cat,” ar seisean.

Ar ṁ’anam, gur ḃain Daid stad asam. Ṁeasas ná raiḃ ḟios ag aonne beirṫe é. Aċ níorḃ é sin an ċuid ba ṁeasa den scéal aċ go raiḃ Mam ag éisteaċt leis a’ gcainnt go léir mar ṫáinig sí isteaċ i gan ḟios dúinn. Ċrom sí ar an mbeirt againn, a ṁic ó! agus níorḃ ḟiú trí leaṫṗingní sinn nuair a ḃí deire ráiḋte aici. Mise agus Daid boċt! is cruaiḋ an saoġal atá againn! Níor ḟan focal im’ Ḋaid aċ ḋ’éaluiġ sé leis ’dtí an t-Aifreann agus ḃíos-sa trí fiċid slat ’na ḋiaiḋ aniar an bóṫar síos agus gan focal as aonne ’gainn.

Nuair a ṫána aḃaile ón Aifreann ḃí an ganndal i n-aice na teine age Mam agus an t-anam ag teaċt arís ann. Ní ḟuair Mam amaċ riaṁ cad d’imiġ air mar nuair ṫáinig Daid aḃaile ḃí sí ag baint sásaiṁ de i dtaoḃ gur ól sé ḋá ġloine fuiscí as an mbuidéal a ḃí sa ċurpad. Duḃairt Daid, “ambaiste,” nár ól agus go raiḃ sí ag cur éiṫiġ air; aċ d’áitiṁ sí air gurḃ é a ḋ’ól é. Ní raḃadar buiḋeaċ da ċéile an ċuid eile den tráṫnóna. Ḃí truaġ agam-sa do Ḋaid; aċ, dar fia! ba ṁeasa liom me féin agus ní duḃart aon ḟocal.