Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

feiḋre stocaí age Mam a ṫug sí ón dtiġ. Ḃíomair i ḃfad ag ceannaċ na mbróg. Do triallaḋ fiċe feiḋre orm sara raḃamair go léir sásta. Ní dóiġ liom féin go raiḃ aonne sásta aċ Mam. Ní raḃas-sa ró ṡásta leis na bróga fuaireas mar ḃí tairngí ionnta. Ḃí feiḋre anaḋeas ann i mbosca agus leaṫar bog tanaiḋe ionnta agus iad ċoṁ héadtrom le sop. Aċ ṫeastuiġ ḋá ṗúnt ó ḟear an tsiopa orṫa agus duḃairt Mam gur deas ḟéaċfainn ag siuḃal ṗludaiġ leo agus ag gaḃáil tré loganna uisce pé áit i ḃfaġainn log uisce ċun gaḃáil tríd.

Fuaireadar feiḋre breá láidir dom ar a seaċt fiċead is réal agus buaileaḋ orm iad. Ḃuaileas an doras amaċ leo, a ṁic ó, agus suas an tsráid agus me ag baint teine as cloċa na sráide leo. B’é céad duine ḃuail liom ná Micilín Eoin.

“Hanaman riaċ, a Ṁicilín!” arsa mise, “fan uaim amaċ nó sataloċad ort.”

D’ḟéaċ Micilín ar na bróga.

“Tánn tú ceangailte ḋen dtalaṁ aca,” ar seisean.

Ḃíodar an-aindeis, leis, orm, a dtuigeann tú, aċ ní ṫaḃarfainn mar ṡásaṁ do-san go n-adṁoċainn é; aċ díreaċ le n-a linn sin agus an ḃeirt againn ag siuḃal síos an tsráid i n-aice an Ḃainnc ċuireas mo ċos ar ċroiceann oráiste agus ar ṁ’anam gur tógaḋ liom agus síneaḋ ar mo ṡlait me. Ní hiad na bróga leag i n-ao’ ċor me aċ an croiceann mallaiṫe; aċ ní hé sin aduḃairt gaċ aonne a ċonnaic me aċ gurab aṁlaiḋ ná raiḃ taiṫiġe ar ḃróga agam agus ḃí Micilín féin ag gáirí. Ḃíos ċun iarraċt den ḃróig a ṫaḃairt do nuair ċuala ḋá raispín de ḃuaċaillí an Daingin ag gáirí fé’n gcábóig tuaiṫe gur leag na bróga nua é. Ḃí olc agus cráḋ croiḋe orm féin agus ṫugas dorn sa ṗus do ḋuine aca. Ṫug an ḃeirt aca-san fúm-sa aċ leag Micilín duine aca agus riṫ an duine eile ’ca uaim féin. Ḃíodar an ċuid eile den tráṫnóna ag faire orainn agus ag taḃairt “cábóg” agus rudaí eile orainn aċ ní ṫiocfaidís i ngiorraċt fiċe raṁan dinn, mar ḃíomair fara Daid agus mo ṁáṫair.

22