Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/XI

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
“AN CHÚIRT IN A SUIDHE”

[ 127 ]


CAIBIDIL A XI

“AN ĊÚIRT IN A SUIḊE”

Nuair a ċasadar, ḃí an Rí agus an Ḃainríoġain in a suiḋe ar a gcaṫaoir ríoġḋa agus coṁṫionól mór bailiġṫe ṫimċeall orra—scata mór de gaċ aon saġas eun beag agus beaṫaiḋeaċ beag ċeiṫre gcos; an paca cártaí go léir; ḃí an Cuireata annsúd in a ṡeasaṁ mar ċime istiġ in a lár—a láṁa agus a ċosa ceangailte le slaḃraí agus saiġdiúir in a ṡeasaṁ mar ġárda ar gaċ taoḃ de; díreaċ taoḃ leis an Rí ḃí an Coinín Gléigeal agus stoc in láiṁ leis agus meamram mór páipéir ’sa láiṁ eile leis. Ḃí mias ṗrátaí rósta leagṫa in áirde ar ḃórd ḃí i lár na cúirte. Ḃíodar ag feuċaint ċoṁ breáġ ċoṁ plúraċ sin gur ġeuraiġeadar goile Eiḃlís agus gur ḃraiṫ sí an t-ocras ag buaḋċain uirre. “Ní ḟeadar,” ar sí sin léi féin, “an fada go mbeiḋ deireaḋ leis an triail; b’ḟearr liom ná aon rud go mbeaḋ deireaḋ leis agus go roinnfí na prátaí!” Aċt nuair ná raiḃ aon deallraṁ go mbeifí dá roinnt go luaṫ ḃuail sí ṫimċeall tiġ na cúirte dí féin ag taḃairt gaċ aon rud fé ndeara.

Ní raiḃ Eiḃlís riaṁ roiṁe seo i dtiġ cúirte, aċt ba ċuiṁin léi gur léiġ sí mar ġeall air is na leaḃarṫa, agus ḃí mórḋáil uirre go raiḃ ainm gaċ aon rud ḃí ann aici. “É sin a ḃfuil [ 128 ]an ṗeiriḃig air sin é an breiṫeaṁ,” ar sí sin léi féin.

Aċt b’é an Rí an breiṫeaṁ agus is aṁlaiḋ ḃí an ċoróinn leagṫa anuas ar an bpeiriḃig aige; deir mé leat gur ḟeuċ sé mí-ċompór- daṁail, agus rud eile níor oir an dá ċóir dá ċéile a ċuigint ná ar aon ċor; is aṁlaiḋ do-riġneadar araon amadán de.

“Agus feuċ Coiste an Dá Ḟear Ḋeug,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “agus an ḃfacaiḋ aoinne riaṁ a leiṫéid” — éin b’eaḋ cuid aca agus beaṫaiḋiġ ḃeaga ċeiṫre gcos b’eaḋ a ṫuille aca. “Dia linn a’s Muire!” ar sí sin, “níor ṁaiṫ liom go mbeaḋ coimirċe m’anama orra sin; guagairí beaga gan inċinn iseaḋ a urṁór.”

Ḃí an dá ḟear ḋeug so ag scríoḃaḋ ar a ndíċeall le cailc ar ṡlinnteaċa. “Ní ḟeadar ’sa doṁan ḃraonaċ cad atá siad go léir a ḋeunaṁ?” arsaiġ Eiḃlís leis an Ollṗiast, “dar ndóiġ, ní ḟuil aon rud le scríoḃaḋ aca fós nuair nár ṫosnuiġ an triail.”

“Tá gaċ aoinne aca ag scríoḃaḋ a ainm féin,” arsaiġ an Ollṗiast, “ar eagla go ndearṁadfaidís iad fé mbeaḋ deireaḋ leis an triail.”

“Hutaidís! na dallaċáin!” arsaiġ Eiḃlís, agus le n-a linn sin do ġlaoiḋ an Coinín amaċ i gcoṁ-árd a ċinn agus a ġuṫa: “Ciúineas oraiḃ i láṫair na Cúirte!” Ċuir an Rí a spiacláirí air, agus d’ḟeuċ sé ṫimċeall feuċaint cé ḃí ag cainnt.

Ċonnaic Eiḃlís go raiḃ gaċ aoinne den dá ḟear ḋeug ag scríoḃaḋ síos “Dallaċáin” ar na slinnteaċa agus ná raiḃ an oiread a’s duine aca in iúl ar na leitreaċa atá ag baint leis [ 129 ]an ḃfocal d’áireaṁ go ceart—ḃíodar ag cogarnaċ agus ag taḃairt uillinn dá ċéile. “Deirim leat,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “go mbeiḋ sé deacair an méid ḃeiḋ scríoḃṫa aca-san a léiġeaṁ fé mbeiḋ deireaḋ leis an triail; aċt, dar ndóiġ, ‘an rud a scríoḃann an púca léiġeann sé féin é.’”

Is cuiṁin leat Taḋg boċt, an t-arcluaċra—é sin a ċuaiḋ síos ’sa simné; ’seaḋ, ḃí sé sin ar ḋuine den Ċoiste agus an blúire cailce ḃí aige ag scríoḃaḋ eaċtraḋ an screuċaḋ ḃí sé á ḋeunaṁ ar an tslinn—raġaḋ sé go dtí an ngrinneal ionnat. Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís foiḋneaṁ a ṫuille leis, d’eulaiġ sí taoḃ ṫiar de Ṫaḋg, agus sciob sí an ċailc uaiḋ gan a ḟios dó. Ḋein sí an gnó ċoṁ mear sin ná raiḃ a ḟios ag Taḋg ó ṫalaṁ an doṁain cár imṫiġ sé. Tar éis dó a ḃeiṫ dá lorg agus dá ċuardaċ in gaċ aon áit ċaiṫ sé scríoḃaḋ le n-a ṁéir an ċuid eile ḋen lá agus ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ díoṁaoin; ḟliuċaḋ sé a ṁeur, agus an ḟaid agus a ḟanaḋ an ṁeur fliuċ ḃíoḋ saġas éigin breacaḋ ar an tslinn, aċt dar ndóiġ nuair a ṫirmiġeaḋ sé ḃíoḋ sé imṫiġṫe arís de.

“Léiġ an ċoir, a Ḃollsaire!” arsaiġ an Rí. Do ṡéid an Coinín Gléigeal an stoc fó ṫrí agus d’oscail sé an meamram ḃí in a láiṁ aige agus léiġ sé amaċ an ċoir:

“Whereas Prátaí rósta
Ḃí ag do ḃean ṗósta,
A Rí onóraiġ,
Don ṁac ba ṡine aici,

[ 130 ]

Nuair ṫáinig an Cuireata
Agus le neart faoḃar cuirpṫeaċt’
Ġoid as an teine iad
Gan beann ar do ḋliġṫe-se.”

“Taḃair do ḃreaṫ,” arsaiġ an Rí leis an gCoiste.


D’oscail sé an meamram
“Fan leat, fan leat!” arsaiġ an Coinín, “tá mórán eile le deunaṁ fós fé mbeiḋ an ċúis pléiḋte!”

“Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ,” arsaiġ an Rí. Ċuir an Coinín an stoc ċum a ḃéil agus ṡéid sé fó ṫrí arís é. “Tagaḋ an ċeud ḟínnéiṫ annso i láṫair na cúirte,” ar sé sin.

Toṁais cé arḃ’ é an ċeud ḟínnéiṫ? Ní ṫoṁaisfeá go deo é! Fear Lár na Gealaiġe! Rioṫ sé isteaċ ’sa ċúirt le hata mór árd ṫiar ar ċúl a ċinn, cupán té in láiṁ leis agus píosa aráin agus ime ’sa láiṁ eile. “Gaḃaim párdún agat, a Rí onóraiġ,” ar sé sin, “ċionn a’s gur ṫug mé iad so isteaċ liom; aċt ní raiḃ an té ólta agam nuair a cuireaḋ fios orm.”

“Ḃí sé in am agat é ḃeiṫ ólta agat,” arsaiġ an Rí. “Caiṫin a ṫosnuiġ tú?”

“An ceaṫraṁaḋ lá deug de Ṁárta, is dóiġ liom,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus d’ḟeuċ sé ar an nGirrḟiaḋ Márta ḃí tar éis é leanaṁaint isteaċ i dTiġ na Cúirte é féin [ 131 ]agus an luiċín, agus iad araon i rioċt scoilte orra le gáire.

“An cúigeaṁaḋ lá deug,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.


An Ċeud Ḟínnéiṫ

“An séaṁaḋ lá deug,” arsaiġ an luiċín. “Scríoḃaiḋ síos é sin,” arsaiġ an Rí leis an gCoiste, agus do scríoḃ an Coiste síos is na slinnteaċa leis an gcailc an ceaṫraṁaḋ lá deug, an cúigeaṁaḋ lá deug, agus an séaṁaḋ lá deug, agus ċuireadar le n-a ċéile iad agus [ 132 ]ḋeineadar amaċ ’dé méid scillingí agus airgead corr a ḃí aca.

“Bain díot do hata,” arsaiġ an Rí leis. “Ní liom-sa an hata,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Goidṫe tá sé agat má’s eaḋ,” arsaiġ an Rí, agus scríoḃ an Coiste gaċ aon ḟocal de sin síos.

“Bíonn siad agam le díol,” arsaiġ sé sin; “ní ḟuil aon hata dem’ ċuid féin agam. Fear hataí a ḋeunaṁ is eaḋ mé.”

Ċuir an Ḃainríoġain a spiacláirí uirre nuair d’airiġ sí an ċaint seo agus ċrom sí ag feuċaint go geur isteaċ idir an dá ṡúil ar Ḟear Lár na Gealaiġe, agus ċaill an fear boċt sin a ġuṫ agus a ḋaṫ le neart eagla roimpe.

“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí, “agus ná bí ċoṁ criṫeánaċ sin ṫimċeall air nó bainfear an ceann díot.”

Deirim leat gur ḃain an méid sin cainte preab as agus gur beag an misneaċ d’ḟág sé aige ċum aon rud a ráḋ; ḃí sé an-ċorrṡuanaċ ann féin, agus níor ṫóg sé a ḋá ṡúil den Ḃainríoġain; ḃí an fear boċt ċoṁ mór sin tré n-a ċéile gur ḃain sé meannt as ḃeul an ċupáin nuair a ṡíl sé píosa aráin agus ime d’iṫe.

Le n-a linn sin díreaċ ḃraiṫ Eiḃlís aṫruġaḋ mór ag teaċt uirre féin, rud a ċuir tré n-a ċéile í go mór gur ṫuig sí cadé an bríġ ḃí leis: ná raiḃ sí ag fás arís, agus i dtosaċ nuair a ḃraiṫ sí an t-aṫruġaḋ ag teaċt ḃí sí ċum an áit d’ḟágaint, aċt ṫáinig sí ar aṫ-smuaineaṁ, agus duḃairt sí léi féin go [ 133 ]ḃfanfaḋ sí mar a ḃí aici an ḟaid agus a ḃeaḋ sliġe ḋí.

“Ná bí im’ ḟáscaḋ, in ainm Dé,” arsaiġ an luiċín ḃí in a suiḋe taoḃ léi, “is ar éigin atá mé in iúil ar ḃreiṫ ar m’anáil agat.”

“’Dé’n leiġeas atá agam-sa ort,” arsaiġ Eiḃlís, go ciúin, cneasta, “táim-se ag fás.”

“’Dé ċúis duit ḃeiṫ ag fás annso istiġ?” arsaiġ an luiċín.

“Ḋera, éist do ḃeul!” arsaiġ Eiḃlís, “agus caiṫ uait do ḋícéille; ná fuilir-se ag fás ċoṁ maiṫ liom-sa.”

“Má’s eaḋ,” arsaiġ an luiċín, “ní ċoṁ mí-réasúnta leat-sa é; tá tusa ag rioṫ ar fad leat féin.” Agus d’éiriġ sí ḋen stuir sin agus ṡiuḃail sí trasna go dtí an taoḃ eile ḋen ċúirt.

Níor ċuaiḋ lagaḋ ar an mBainríoġain ar feaḋ na haimsire go léir aċt ag cur na súl tré Ḟear Lár na Gealaiġe, agus díreaċ le linn is an luiċín a ḃeiṫ ag dul trasna na cúirte duḃairt sí le ceann des na hoifigí liosta des na daoine ṫug aṁrán uaṫa ag an Ċuirm Ceoil deireannaċ ḃí aici a ṫaḃairt ċúiċe. Ṫáinig a leiṫéid sin de ċriṫeán ar Ḟear boċt na Gealaiġe gur ṫuit na bróga ḋe.

“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí go crosta, “nó dar so a’s súd bainfear an ceann díot pé aca eaglaċ nó neaṁ-eaglaċ tú.”

“Dílleaċtaiḋe boċt is eaḋ mise, a Rí onóraiġ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus é i rioċt tuitim leis an ḃfallsaor, “agus is ar éigin a ḃí mé im’ ṡuiḋe síos ċum an té — ní raiḃ mé aon rud le seaċtṁain nó mar sin [ 134 ]agus mar ġeall ar salaiġeaċt an ime agus stailceaċt an aráin agus teoḋaċt an té …”

“Teoḋaċt ’dé rud é?” arsaiġ an Rí. “An té ná fuil láidir,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “ní fuláir dó ḃeiṫ glic.”

“Tá a ḟios agam é sin,” arsaiġ an Rí, “dar ndóiġ, ní dóiġ leat gur breall ar fad mé. Is eaḋ, tomáin leat!”

“Fear boċt is eaḋ mé,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “agus ṫosnuiġ gaċ aon rud ag glinneaṁaint annsin — aċt duḃairt an Girrḟiaḋ Márta …”

“Ní duḃairt!” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta de ṡnab.

“Duḃairt!” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ná feiceann tú,” arsaiġ an Rí, “go dtugann sé an t-éiṫeaċ duit agus ná bac a ṫuille leis an méid sin den sceul.”

“Aċt pé sceul é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “duḃairt an luiċín” — agus d’ḟeuċ sé taoḃ ṫiar de ar an luiċín feuċaint an mbreugnóċaḋ sí sin é, aċt níor ḋein, mar ḃí sí in a marḃ-ċodlaḋ.

“Agus annsin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “ġearr mé blúire aráin agus ime …”

“Is eaḋ, aċt cad duḃairt an luiċín?” arsaiġ duine den Ċoiste.

“Ní cuiṁin liom anois é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Caiṫfe tú cuiṁneaṁ air,” arsaiġ an Rí, “nó bainfear an ceann díot.”

Ṫuit an cupán agus an t-arán agus an t-im amaċ as láṁa an ḟir ḃoiċt, agus ċuaiḋ sé féin ar a leaṫ-ġlúin. “A Rí ró onóraiġ," [ 135 ]ar sé sin, “duine boċt suaraċ is eaḋ mise, agus …”

“Suaramán críoċnuiġṫe is eaḋ ṫú,” arsaiġ an Rí.

“Tar slán! Tar slán!” arsaiġ an criucar, agus seo é ag bualaḋ bas ar a ḋíċeall, aċt ba ġairid an ṁoill ar oifigí na cúirte é ċur fé ċois agus seo mar a ḋeineadar é - ropadar i ndiaiḋ a ċinn isteaċ i mála é agus annsin ṡuiḋeadar anuas air.

“Is maiṫ liom,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “go ḃfaca mé lem’ ḋá ṡúil féin an cleas sin dá ḋeunaṁ. Is minic a léiġ mé is na páipéirí go bualaḋ bas a ċur ar bun nuair ḃeaḋ deireaḋ le triail i dtiġ cúirte, aċt go gcuireaḋ oifigí na cúirte fé ċois é gan mórán moille, aċt ní raiḃ a ḟios agam conus a ḋéintí é go dtí anois.”

“Maran ḃfeadar tú a ṫuille i dtaoḃ an scéil,” arsaiġ an Rí, “ġeoḃa tú dul síos.”

“Ní ḃfuiġfinn dul síos a ṫuille,” arsaiġ an fear boċt, “táim im’ ṡeasaṁ ar an úrlár ar ndóiġ.”

“Suiḋ síos, má’s eaḋ,” arsaiġ an Rí. Ṡil bean an ċriucair bualaḋ bas eile a ċur ar bun, aċt ḃain an cleas ceudna dí.

“Is eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin, “sin deireaḋ leis an lánaṁa sin. Béidir go raġfaí ċum cinn níos fearr leis an sceul anois.”

“B’ḟearr liom deireaḋ ċur leis an mbraon té seo,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus d’ḟeuċ sé suas ar an mBainríoġain.

“Cuir díot,” arsaiġ an Rí; agus ċuir an [ 136 ]fear boċt de ċoṁ mear in Éirinn agus ḃí in a ċosa amaċ as tiġ na cúirte, agus níor ḟan sé le n-a ḃróga ċur air.

“… Agus cas an ceann de leaṫ is amuiġ,” arsaiġ an Ḃainríoġain le duine de oifigí na cúirte, aċt ḃí Fear Lár na Gealaiġe curṫa ḋe fé ḃfuair an t-oifigeaċ dul amaċ ’sa dorus.

“Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ eile,” arsaiġ an Rí.

Is í an duine ṫáinig aċt cócaire na Bain- tiġearna. Ḃí boiscín an ṗiobar in a láiṁ aici, agus d’aiṫin Eiḃlís gurb’ í ḃí ag teaċt fé ḃfaca sí in aon ċor í, mar ṫosnuiġ gaċ aoinne ḃí ṫíos ag an dorus ag sraoṫartġail in aoinḟeaċt.

“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí. “Ní ṫaḃarfaḋ,” arsaiġ an cócaire.

D’ḟeuċ an Rí ar an gCoinín Gléigeal agus duḃairt sé sin go híseal leis, “Caiṫfe tú an ḃean so a ċeistiuġaḋ.”

“Má ċaiṫfe mé, caiṫfe mé, ar ndóiġ,” arsaiġ an Rí go duḃsmánta, agus d’ḟill sé a ḋá láiṁ in a ċéile agus ċuir sé drana air féin go raiḃ a ḋá ṡúil geall leis sloigṫe siar in a ċeann: “Conus a ḋéintear prátaí a rósta?” ar sé sin.

“Le piobar,” ar sí sin.

“Le bláṫaċ,” arsaiġ an duine taoḃ ṫiar dí agus é mar a ḃeaḋ sé ag caint tré n-a ċodlaḋ.

“Beir ar scrogal ar an luċ sin,” arsaiġ an Ḃainríoġain de scread. “Cas an ceann dí! Cuir leaṫ is amuiġ ḋen dorus í! Cuir ’sa mála í! Bain miotóg aiste! Strac an

ḟeusóg dí!” [ 137 ]

“Le piobar,” ar sí sin
[ 138 ]Ar feaḋ scaiṫiṁ ḃí tiġ na cúirte in aon

ḋiúra-ḋeaḃra aṁáin d’iarraiḋ breiṫ ar an luċ ċum í ċur leat is amuiġ ḋen dorus, agus nuair ḃí gaċ aoinne socair síos arís ḃí an cócaire teiċte.

“Is cuma é!” arsaiġ an Rí. “Buiḋeaċas le Dia go ḃfuilmíd réiḋ léi siúd, pé sceul é. Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ eile.” Agus d’iompuiġ sé ar an mBainríoġain agus duḃairt go híseal léi: “A ċuid den tsaoġal! caiṫfe tusa an ċeud ḟínnéiṫ eile a ċeistiuġaḋ. Tá meaḃrán im’ ċeann-sa aca!”

Ḃí Eiḃlís ag feuċaint ar an gCoinín agus é a’ tútáil leis an bpáipeur in a raiḃ ainmeaċa na ḃfínniṫe. “Is beag fínnéiḋeaċt atá fuiġte fós aca,” ar sí sin léi féin. Ḃí an-ḋúil aici a ḟeicsin cé hé an ċeud duine eile ar a nglaofaí, agus deirim leat gur baineaḋ preab aiste nuair a glaoḋaḋ amaċ a hainm féin.