Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/146

From Wikisource
This page has not been proofread.
138
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Ar feaḋ scaiṫiṁ ḃí tiġ na cúirte in aon ḋiúra-ḋeaḃra aṁáin d’iarraiḋ breiṫ ar an luċ ċum í ċur leat is amuiġ ḋen dorus, agus nuair ḃí gaċ aoinne socair síos arís ḃí an cócaire teiċte.

“Is cuma é!” arsaiġ an Rí. “Buiḋeaċas le Dia go ḃfuilmíd réiḋ léi siúd, pé sceul é. Glaoiḋ ar an gceud ḟínnéiṫ eile.” Agus d’iompuiġ sé ar an mBainríoġain agus duḃairt go híseal léi: “A ċuid den tsaoġal! caiṫfe tusa an ċeud ḟínnéiṫ eile a ċeistiuġaḋ. Tá meaḃrán im’ ċeann-sa aca!”

Ḃí Eiḃlís ag feuċaint ar an gCoinín agus é a’ tútáil leis an bpáipeur in a raiḃ ainmeaċa na ḃfínniṫe. “Is beag fínnéiḋeaċt atá fuiġte fós aca,” ar sí sin léi féin. Ḃí an-ḋúil aici a ḟeicsin cé hé an ċeud duine eile ar a nglaofaí, agus deirim leat gur baineaḋ preab aiste nuair a glaoḋaḋ amaċ a hainm féin.