Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/140

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
132
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

ḋeineadar amaċ ’dé méid scillingí agus airgead corr a ḃí aca.

“Bain díot do hata,” arsaiġ an Rí leis. “Ní liom-sa an hata,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Goidṫe tá sé agat má’s eaḋ,” arsaiġ an Rí, agus scríoḃ an Coiste gaċ aon ḟocal de sin síos.

“Bíonn siad agam le díol,” arsaiġ sé sin; “ní ḟuil aon hata dem’ ċuid féin agam. Fear hataí a ḋeunaṁ is eaḋ mé.”

Ċuir an Ḃainríoġain a spiacláirí uirre nuair d’airiġ sí an ċaint seo agus ċrom sí ag feuċaint go geur isteaċ idir an dá ṡúil ar Ḟear Lár na Gealaiġe, agus ċaill an fear boċt sin a ġuṫ agus a ḋaṫ le neart eagla roimpe.

“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí, “agus ná bí ċoṁ criṫeánaċ sin ṫimċeall air nó bainfear an ceann díot.”

Deirim leat gur ḃain an méid sin cainte preab as agus gur beag an misneaċ d’ḟág sé aige ċum aon rud a ráḋ; ḃí sé an-ċorrṡuanaċ ann féin, agus níor ṫóg sé a ḋá ṡúil den Ḃainríoġain; ḃí an fear boċt ċoṁ mór sin tré n-a ċéile gur ḃain sé meannt as ḃeul an ċupáin nuair a ṡíl sé píosa aráin agus ime d’iṫe.

Le n-a linn sin díreaċ ḃraiṫ Eiḃlís aṫruġaḋ mór ag teaċt uirre féin, rud a ċuir tré n-a ċéile í go mór gur ṫuig sí cadé an bríġ ḃí leis: ná raiḃ sí ag fás arís, agus i dtosaċ nuair a ḃraiṫ sí an t-aṫruġaḋ ag teaċt ḃí sí ċum an áit d’ḟágaint, aċt ṫáinig sí ar aṫ-smuaineaṁ, agus duḃairt sí léi féin go