ḃfanfaḋ sí mar a ḃí aici an ḟaid agus a ḃeaḋ sliġe ḋí.
“Ná bí im’ ḟáscaḋ, in ainm Dé,” arsaiġ an luiċín ḃí in a suiḋe taoḃ léi, “is ar éigin atá mé in iúil ar ḃreiṫ ar m’anáil agat.”
“’Dé’n leiġeas atá agam-sa ort,” arsaiġ Eiḃlís, go ciúin, cneasta, “táim-se ag fás.”
“’Dé ċúis duit ḃeiṫ ag fás annso istiġ?” arsaiġ an luiċín.
“Ḋera, éist do ḃeul!” arsaiġ Eiḃlís, “agus caiṫ uait do ḋícéille; ná fuilir-se ag fás ċoṁ maiṫ liom-sa.”
“Má’s eaḋ,” arsaiġ an luiċín, “ní ċoṁ mí-réasúnta leat-sa é; tá tusa ag rioṫ ar fad leat féin.” Agus d’éiriġ sí ḋen stuir sin agus ṡiuḃail sí trasna go dtí an taoḃ eile ḋen ċúirt.
Níor ċuaiḋ lagaḋ ar an mBainríoġain ar feaḋ na haimsire go léir aċt ag cur na súl tré Ḟear Lár na Gealaiġe, agus díreaċ le linn is an luiċín a ḃeiṫ ag dul trasna na cúirte duḃairt sí le ceann des na hoifigí liosta des na daoine ṫug aṁrán uaṫa ag an Ċuirm Ceoil deireannaċ ḃí aici a ṫaḃairt ċúiċe. Ṫáinig a leiṫéid sin de ċriṫeán ar Ḟear boċt na Gealaiġe gur ṫuit na bróga ḋe.
“Taḃair t’ḟínnéiḋeaċt,” arsaiġ an Rí go crosta, “nó dar so a’s súd bainfear an ceann díot pé aca eaglaċ nó neaṁ-eaglaċ tú.”
“Dílleaċtaiḋe boċt is eaḋ mise, a Rí onóraiġ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus é i rioċt tuitim leis an ḃfallsaor, “agus is ar éigin a ḃí mé im’ ṡuiḋe síos ċum an té — ní raiḃ mé aon rud le seaċtṁain nó mar sin -