Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/135

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CAIBIDIL A XI

“AN ĊÚIRT IN A SUIḊE”

Nuair a ċasadar, ḃí an Rí agus an Ḃainríoġain in a suiḋe ar a gcaṫaoir ríoġḋa agus coṁṫionól mór bailiġṫe ṫimċeall orra—scata mór de gaċ aon saġas eun beag agus beaṫaiḋeaċ beag ċeiṫre gcos; an paca cártaí go léir; ḃí an Cuireata annsúd in a ṡeasaṁ mar ċime istiġ in a lár—a láṁa agus a ċosa ceangailte le slaḃraí agus saiġdiúir in a ṡeasaṁ mar ġárda ar gaċ taoḃ de; díreaċ taoḃ leis an Rí ḃí an Coinín Gléigeal agus stoc in láiṁ leis agus meamram mór páipéir ’sa láiṁ eile leis. Ḃí mias ṗrátaí rósta leagṫa in áirde ar ḃórd ḃí i lár na cúirte. Ḃíodar ag feuċaint ċoṁ breáġ ċoṁ plúraċ sin gur ġeuraiġeadar goile Eiḃlís agus gur ḃraiṫ sí an t-ocras ag buaḋċain uirre. “Ní ḟeadar,” ar sí sin léi féin, “an fada go mbeiḋ deireaḋ leis an triail; b’ḟearr liom ná aon rud go mbeaḋ deireaḋ leis agus go roinnfí na prátaí!” Aċt nuair ná raiḃ aon deallraṁ go mbeifí dá roinnt go luaṫ ḃuail sí ṫimċeall tiġ na cúirte dí féin ag taḃairt gaċ aon rud fé ndeara.

Ní raiḃ Eiḃlís riaṁ roiṁe seo i dtiġ cúirte, aċt ba ċuiṁin léi gur léiġ sí mar ġeall air is na leaḃarṫa, agus ḃí mórḋáil uirre go raiḃ ainm gaċ aon rud ḃí ann aici. “É sin a ḃfuil