Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
126
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.

Ṡiuḃaluiġeas Cóḃ agus Baile na Móna, Caṫair Tonn Tóime ’gus Inis Seircín, Ṫoir ar an gcósta is eaḋ d’innis dom stróinse Go raiḃ sé in a ṡeó ar ṡráid Neidín. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe, Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.”

“Is eaḋ, an curfá arís!” arsaiġ an Oll- ṗiast, agus díreaċ ḃí tosnuiġṫe ag an nGárlaċ nuair d’airiġ an ċuideaċta an aḋarc dá séideaḋ agus ag fógairt go raiḃ an “Cúirt ’na suiḋe.”

“Siuḃal leat go mear!” arsaiġ an Oll- ṗiast, ag breiṫ ar láiṁ ar Eiḃlís agus dá tarraing in a ḋiaiḋ gan fuireaċ le críoċnuġaḋ an aṁráin.

“’Dé an ċúirt?” arsaiġ Eiḃlís nuair a ṫáinig a caint dí; aċt ní duḃairt an Ollṗiast aon rud aċt, “Corruiġ ort!” agus ċuir sé ḋe ċoṁ mear agus ḃí aige. I ḃfad siar uaṫa d’airiġeadar guṫ brónaċ an Ġárlaiġ Ṡliogánaiġ ag casaḋ an ċurfá:

“Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile.”