Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/133

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
125
I dTÍR NA nIONGANTAS

gur ṫáinig olc ar an Ollṗiast, agus go nduḃairt sé leis féin agus pus air: “Is fuiris daoine a ṡásaṁ! ṫoicim, a ḋuine úd, abair ’An tUḃal’ dí.”

Ċuir an Gárlaċ cúpla osnaḋ as agus dóbair go sgoiltfeaḋ a ċroiḋe le tulcaí goil ag tosnuġaḋ an aṁrán ḋó, ḋún sé a ḋá ṡúil, agus ṫosnuiġ sé ag cur dá ċroiḋe mar seo:

“Tá scéilín nua ’gam le hinnsint díḃ-se, Cúrsaí spóirt agus coṁráḋ díġe, Uḃal breáġ gleoite a ċuireas im’ ṗóca ’S ná fuaireasa roṁam ann aċt práitín síl. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail ud ḃí breáġ buiḋe. Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.

Ṡiuḃlaiġeas Cléire agus Carraige Aonair, Cuanta Béara ḃí roṁam ’sa tsliġe, Puínte na nGréig’ ’gus na Dosaí Maola, An Ḟiaḋ ’san Laoi taoḃ amuiġ de Ḃaoí. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe. Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.

Ṡiuḃaluiġeas Cualaċ mar a ḃíos buaḋarṫa, An Paróiste Ṫuaiḋ agus na hAḋraiḋe, ’San Oileán Mór is eaḋ d’innis dom buaċaill Ná fuiġfinn a ṫuairisc go raġainn ṫar Snaiḋm. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe.