an ḃfocal d’áireaṁ go ceart—ḃíodar ag cogarnaċ agus ag taḃairt uillinn dá ċéile. “Deirim leat,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “go mbeiḋ sé deacair an méid ḃeiḋ scríoḃṫa aca-san a léiġeaṁ fé mbeiḋ deireaḋ leis an triail; aċt, dar ndóiġ, ‘an rud a scríoḃann an púca léiġeann sé féin é.’”
Is cuiṁin leat Taḋg boċt, an t-arcluaċra—é sin a ċuaiḋ síos ’sa simné; ’seaḋ, ḃí sé sin ar ḋuine den Ċoiste agus an blúire cailce ḃí aige ag scríoḃaḋ eaċtraḋ an screuċaḋ ḃí sé á ḋeunaṁ ar an tslinn—raġaḋ sé go dtí an ngrinneal ionnat. Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís foiḋneaṁ a ṫuille leis, d’eulaiġ sí taoḃ ṫiar de Ṫaḋg, agus sciob sí an ċailc uaiḋ gan a ḟios dó. Ḋein sí an gnó ċoṁ mear sin ná raiḃ a ḟios ag Taḋg ó ṫalaṁ an doṁain cár imṫiġ sé. Tar éis dó a ḃeiṫ dá lorg agus dá ċuardaċ in gaċ aon áit ċaiṫ sé scríoḃaḋ le n-a ṁéir an ċuid eile ḋen lá agus ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ díoṁaoin; ḟliuċaḋ sé a ṁeur, agus an ḟaid agus a ḟanaḋ an ṁeur fliuċ ḃíoḋ saġas éigin breacaḋ ar an tslinn, aċt dar ndóiġ nuair a ṫirmiġeaḋ sé ḃíoḋ sé imṫiġṫe arís de.
“Léiġ an ċoir, a Ḃollsaire!” arsaiġ an Rí. Do ṡéid an Coinín Gléigeal an stoc fó ṫrí agus d’oscail sé an meamram ḃí in a láiṁ aige agus léiġ sé amaċ an ċoir:
“Whereas Prátaí rósta
Ḃí ag do ḃean ṗósta,
A Rí onóraiġ,
Don ṁac ba ṡine aici,
I