Jump to content

Deoraidheacht/10

From Wikisource
190552Deoraidheacht — Caibideal XPádraic Ó Conaire
[ 41 ]

X.

Muna mbéadh go dtáinic an fear beag buidhe féin le mo ghléasadh agus le caoi a chur orm i gcomhair na hoidhche, ní dócha go n‑im­theóchadh sí ar chor ar bith.

Cuireadh an folt dubh bréagach ar mo cheann arís. Cuireadh na slabhraí práis faoi mo mhuineál agus faoi mo chom. (Bhí mo ghruadh daithte cheana). Sáitheadh na cosa isteach fúm. Cuireadh an cóta mór iol­dathach ’mo thim­cheall. Lasadh an trillseán ós mo chionn, agus leis an gcaoi a mbíodh sé ag luasgadh le gaoith, agus na sgáilí ag teacht ⁊ ag imtheacht ar m’éadan déarfá go raibh mé i bhfad níos gránna ná mar bhí.

Do hosgluigh­eadh na geataí, agus thosuigh na daoine ag teacht isteach. Geárr-bhodaigh a bhfurmhór. Nach orra a bhí an mheidhir? Nach iad a bhí sgléip­each? Nach iad a chuir suim i ngach rud? Cinneann sé ar an bhfear beag buidhe [ 42 ]smacht a chur orra. Cinneann sé ar a lucht conganta a gceann­sughadh. Ní’l ceann­sughadh ’n‑a gcionn. Cuid aca ag iarraidh amharc fhagháil orm féin thríd an siúnt­achaibh atá idir clár­achaibh an bhotha. Dream eile ag léigheadh fógra atá ós cionn an dorais. Léigheann siad na focail go mall righin mar dhaoine nach raibh mórán cleachta aca ar an léigh­theóir­eacht. Cluinim gach focal:

Seóirse Coff.
DHÁ

PH​I​GH​I​N.
An fear buile, atá gan cos gan lámh. Féachaidh ar an bhfolt gruaige atá air nár gearradh le dhá bhliadh­ain déag, agus an fhéach­aint nimhneach atá ’na súilibh. Mharbh­uigh sé ochtar fear ’san nGearmáin. Tasbáin­fear an sgian mhór fhada le n‑a ndeárna sé an gníomh uath­bhásach, agus rian na fola le feiceál uirri fós féin.

“Dhá phighin! ó dhá mbéadh leith­phighin eile agam rachainn isteach,” arsa stócach díobh.

“Bhéaraidh mise pighin duit ar an sean-sgin dhuibh, a Mhar­cuisín.”

“Bhí tú sásta pighin go leith thabhairt uirri indé,” arsa Marcuisín.

“Bhí​…​acht​…​acht is mian liom an fear buile fheiceál⸺”

“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín arís, agus an sgian dhubh ’n‑a ghlaic aige agus é ag griogadh an stócaigh eile léithi. Bhí seisean idir dhá chomh­airle. Bhí dúil mhór ’san sgin aige, acht dá sgaradh sé le n‑a chuid airgid ní fhéadfadh sé mise fheiceál.

“Tabhair an phighin go leith dhom,” arsa Marcuisín, “⸺agus​…​agus innseó’ mé dhuit ’ch uile shórt faoi nuair a thagas mé amach.”

Fuair sé an t‑airgead.

[ 43 ]Tháinic beirt eile isteach. Agus beirt eile. Agus bhíodar ag teacht agus ag imtheacht go raibh cuid mhaith de’n oidhche caithte. Gach focal a thigeadh amach as a mbéal, ní bhfuair­eas ann acht masladh. Acht ar ndóigh, níor cheapadar gur thuigeas a gcaint ar chor ar bith. Ar a shon sin, chuir­eadar gráin orm. Dá mbadh i n‑aon bhaile eile bhéinn, ní chuirfinn suim ’n‑a nglór, acht annseo i nGaillimh, an áit a rugadh mé! Dá mbéadh fhios aca cé bhí aca ann! Dá mbéadh fhios aca go mba duine díobh féin a bhí ’n‑a staic uathbháis agus iongan­tais aca!

Ghabh fearg mé. Ghabh cuthach agus buile agus fuath mé. Céard d’fhéad­fainn a dhéanamh le uamhan a chur orra? Níor éirigh liom cuimh­neamh ar aon bheart. ’Tuige a mbeidís ag teacht ag féachaint orm-sa? Nach fear a bhí ionnam? Nach raibh ciall agus meabhair agus tuigsint agam ar nós gach uile fhear? An Críost­aidhthe iad? An Críost­aidhe í an bhean óg dhath­amhail úd thall atá ag féachaint orm anois? Agus ní truaigh atá aici dhom (má’s fíor dá súilibh), acht go bhfuil uathbhás agus alltacht uirri go mbéadh mo leithéid-se beó ar chor ar bith. Tig crathadh ball uirri ar fheiceál na sgeine fuiltighe dhi. Acht fan. Cuirfidh mise eagla ort, i ndáir­íribh, a óigbhean áluinn.

“Ó, a Mhichil,” ar sí leis an bhfear óg a bhí i n‑éindigh léithi, “ó, a Mhichil,” ar sise, “abair le Máire theacht isteach; a leithéid de radharc ní fheicfidh sí arís choidhche.”

“Tá cineál sgátha uirri agus an bealach atá léithi⸺” ars’ eisean, acht nár chuala mé féin é. “A Mháire! a Mháire! Gabh i leith go bhfeicidh tú é,” ars’ an bhean óg ag dul go doras an bhotha agus gan aon áird aici ar ghlór­thaibh an fhir a bhí i n‑éindigh léithi, “a leithéid de iongantas ní fhaca do dhá shúil fós ariamh.”

Tháinic Máire isteach, acht níor thugas sunndas dhi. Bhí mo dhá shúil ar dhúnadh agam, agus mé ag iarraidh a bheith ag cuimh­neamh céard ab’ fheárr a dhéanamh le mór-eagla [ 44 ]a chur orra. Bhí an sgian fhuil­teach i láimh na mná tháinic isteach i dtosach agus í ag iarraidh ar an mnaoi eile breith uirri.

Nuair a shíl sí sin a dhéanamh (ní raibh fhios agam-sa go raibh sí le n‑a dhéanamh mar bhí na súile dúnta agam), chuireas cosamh­lacht fhíoch­mhar orm féin, leigeas dhá bhúirt uath­bhásach’ asam, mar leigfeadh tarbh agus an sgian ar a sgórnach, agus thos­uigheas ag cur na gcor dhíom ar nós eascon a bhéadh i ngreim glaice ag duine. Thuit an sgian ó n‑a láimh. Is beag nach ndeacha sí féin i laige. Marach an fear a bhí i n‑éindigh léithi—a fear féin a bhí ann fuaireas amach ’na dhiaidh sin—muna mbéadh eisean, bhí sí ’n‑a cnap ar urlár an bhotha.

Bhí ríméad orm gur sgann­ruigheas iad. Marach chomh breágh péacach deagh-chumtha is bhí an chéad bhean a tháinic isteach ní bhacfainn leó. Nach iad a bhí gan múineadh is a teacht ag breath­nughadh ar dhuine dem’ shórt-sa! Mise mo bhan­naidhe nach dtioc­faidh siad an ath-uair! Fuair­eadar a ndóthain an turas seo.

An bhean a bhí ag dul i laige, bhíodar ’ghá breith amach faoi’n aer.

“A Mhichil! a Mhichil!” ar sise go truaigh­mhéileach, “’tuige ar thug tú annseo mé?”

D’osgluigheas féin na súile go tobann nuair d’airigh mé an glór. Nach mé d’aithnigh an bhean ar léithi an glór!

Bhíos ar tí glaodhach uirri agus innseacht dhí cé bhí aici ann nuair a tháinic an fear beag buidhe féin isteach. Ní fhaca tú ariamh fear ba ríméad­aighe ná é. Chuala sé an dá bhúirt úd a chuir mé dhíom an taobh eile de’n pháirc.

“Orm a bhí an t‑ádh an chéad lá casadh liom thú!” ar seisean an nighe a lámh i n‑aer. “Má leigeann tú dhá sgairt mar an dá sgairt úd trí huaire gach oidhche, bhéaraidh mé cúig phunnt ’san tseacht­mhain dhuit.”

Thosuigh sé ag caint leis féin ag imtheacht dó, agus ag [ 45 ]rádh nach raibh uatha acht go sgann­róchaí iad le go mbeidís ag teacht ’n‑a sluaigh­thibh leis an bhfear buile fheiceál.

Acht níor chuireas-sa aon spéis ’n‑a chaint. Ní air féin ná ar a thais­beántas bhíos ag cuimh­neamh acht ar an mnaoi óig tugadh amach. Ar Mháire Ní Laoigh, mo chol­ceathar féin, bhíos a’ cuimh­neamh, agus ní gan fáth é.

Ní gan fáth é, adeirim, mar bhíos i gcleamh­nas léithi uair. Ó, a Mháire, dá mbéadh fhios agad gurab é Micheál Ó Maoláin a bhí ós do chomhair anocht i riocht duine buile! Marach thú ní fhágfainn an baile seo an chéad uair. Marach thú ní bhéadh an bhail náireach seo orm indiu. Tú ba cion­tsiocair leis an uile thubaisde bhuail ’mo threó ó shoin, a Mháire, dá mbéadh fhios agad é. Bhíos féin agus mo mhuintir ar bheagán saidh­bhris—ní raibh ag mo mháthair agus a chúigear mac acht an t‑aon ghabh­áltas beag amháin, agus ar ndóigh, a Mháire, ní bheitheá sásta mé phósadh go saoth­róchainn roinnt i Sasana i dtosach. Nach gcuimh­nigheann tú ar an oidhche úd d’fhágas slán agad, a Mháire—nach beag an ceapadh a bhí ag ceachtar againn go gcasfaí le chéile arís sinn ar an mbealach seo? Agus nach iomdha uair a chaitheas ag smaoin­eadh ort go gcualas gur phós tú do chol­cúigear Micheál Ó Ciaráin? Agus b’in é Micheál Ó Ciaráin a bhí i n‑aon­fheacht leat! Ar aithnigh tú mé, a Mháire? An raibh smaoin­eadh dá laighead agad cé bhí ann? Dá mbéadh, céard déarfá? Bhéadh truaigh agad dhom, nach mbéadh? Do dhéanfá iarracht mé sgaradh ó’n bhfear beag buidhe, nach ndéanfá? Acht ní truaigh atá uaim. Ní áit chomh­nuidhthe atá uaim acht a oiread. Go deimhin, níl fhios agam i gceart céard tá uaim. Níor thuigeas ariamh é. Nach bhfuil morán eile san gcás chéadna?…

Tháinic an fear beag buidhe. Ní mó ná sásta bhí sé nach rabhas ag cur na mbúirt dhíom.

Bhí an both lán go draid. Gach uile dhuine bhí ann ag [ 46 ]ceapadh go ndéan­fainn cleas éigin a chuir­feadh sgáth ar a chomh­arsain. Gleó agus torann taobh amuigh ’san bpáirc. Gail-innleacha ag gabháil cheóil agus ag sgréach­ghail gachré uair. Sgairt­eacha gáiridhe ó dhream annseo. Glórtha feargacha bagar­thacha ó dhream thall.

Acht ní raibh aon áird agam ar a raibh ar siubhal. Oiread is aon liúgh amháin eile níor leigeas asam. Ní raibh de chosamh­lacht orm acht an chosamh­lacht bhíodh ar an mnaoi reamhair agus a dóthain mhór ithte agus ólta aici. Mo cheann leigthe siar. Mo dhá shúil leath-dhúnta. Gan cor asam acht oiread leis an gcuaille bhí i dtalamh lem’ ais. Acht má bhí cosamh­lacht an tsuaimh­nis agus an tsógha orm, ní suaimh­neas ná sógh bhí ’mo chroidhe. Ó d’imthigh Máire agus a fear níor fhan aon mhisneach agam. An bhuile agus an ghráin agus a cuthach bhí ag gabháil dom i gcaith­eamh an lae, ó shroich­eas mo bhaile dhúth­chais, bhíodar sgartha liom. Acht níor fhág sin mé gan a bheith corruigh­the, agus corruigh­the go mór. Corruigh­the mar bhíos an fhairrge thar éis na gaoithe móire. Ní haon droch-chinn­eamhain a rug orm cheapas. Mé féin agus mé féin amháin ba ciontach le n‑a dtárla dhom. ’Tuige nach raibh sé de rath orm í phósadh, bíodh is go rabhamar ar bheagán féin? Dá bpósainn, ár ndóigh bhéadh lúth na ngéag agam anois, bhéadh bean agam, agus dá mb ’é toil Dé é, bhéadh clann mhac agus inghean ag éirghe suas ’mo thim­cheall….

An smaoineadh deireannach seo tháinic chugam, is mór a chuaidh sé ar mo chroidhe. Agus mar ba gnáthach liom, nuair a thos­uighinn ag déanamh macht­naimh ar na beann­achtaibh nár seóladh ’mo threó ariamh, bhíodar le feiceál go soiléir agam, ós comhair súl m’intinne, ’n‑a bpioc­túiríbh breághtha daithte agus iad ag teacht agus ag imtheacht gan faoiseamh.

Ní raibh aon áird agam ar an bhfear beag buidhe a bhí dom’ ghríosadh agus ag iarraidh orm sgréach eile a chur dhíom; ní raibh aon áird agam ar an tormán bhí taobh amuigh [ 47 ]’san bpáirc; ní raibh aon áird agam ar na Gaillimh­ighibh bhí ag teacht ’n‑a dtréad­aibh lem’ in­fhiúchadh. Na pioctúirí iol­dathacha seo, agus iad-san amháin, bhí ag déanamh imnidhe dhom.

’San gcéad phioctúir, bhí teach deas teólaidhe ar imeall coille craobh­aighe; caise bheag ag dul thríd an gcoill, agus ’ghá caitheamh féin le fánaidh na gcarraig a bhí ar an taobh thiar ndeas de’n choill; an choill féin faoi bhláth; baluith cumhra na sgeiche báine agus an chnó chapaill agus na gcrann giumhaise ’mo shróin; an oidhche ag tuitim; mé féin ag déanamh an bhealaigh abhaile thríd an gcoill; mé trom tuirseach traochta de bhárr oibre an lae; lampa crochta ar bhalla an tighe taobh istigh le mo threór­ughadh; bean ag gabháil anonn ’s anall ar fud an tighe acht nach bhfeic­finn acht ar dhul thar dhoras nó fuinneóig dhi.

Buailim isteach. Cluinim glórtha boga binne na bpáisdí ag dul thar tairsigh dhom. Éirigh­eann siad le fáilt­iughadh romham. Pógaim Pádruig agus Brighdín agus imthigh­eann leó le hinn­seacht dá máthair go bhfuilim féin tagtha. Tig an mháthair—an iongnadh ar bith é gurab í Máire chon­naiceas agus Colm ar a gualainn aici? Acht ní’l sé an-réidh eisean a shás­ughadh. Tá súil aige le roinnt ubhall. Nár gheallas dhó ar maidin iad?…

Acht d’imthigh sin agus tháinic seo. Tháinic an aith­bhliadhain. Bhí Colm i n‑an’ siubhal go deas uaidh féin. Bríste beag glúnach air. Folt dubh cas ag tuitim anuas ar a ghuail­nibh air. É dhom’ lean­amhaint thríd an gcoill, agus a ghlór ag déanamh ceóil dhom….

Acht ní’l ann acht aisling bhréagach, ní’l bean ná páisde, teach ná talamh, ná aon cheó dá sórt agam. Ní’l agam acht na smaointe; smaointe dubróin agus náire, ag smaoin­eadh dhom ar a bhfuil caithte agam dem’ shaoghal: smaointe aitis agus dóchais, ag smaoin­eadh dhom ar an mbail a bhéadh orm dá—’seadh, dá mbadh duine eile mé.

[ 48 ]Tá na daoine imthigh­the. Tá an tais­beántas ar fad ’n‑a shuan. Tá an fear beag buidhe féin ’n‑a chodladh—codladh gan dúiseacht ort, a bhior­ánaigh! Ní’l le clos agam-sa, ’mo bhothán, acht beith­idheach allta éigin de bheith­idhighibh an fhir bhig bhuidhe, agus é ag gabháil anonn ’s anall ’n‑a phríosún. Anonn ’s anall, anonn ’s anall gan faoiseamh, mar bhéadh cuimhne aige ar ar fhág sé ’n‑a dhiaidh ’n‑a thalamh dhúth­chais—ar na beann­achtaibh nár seóladh ’n‑a threó​…​acht b’fhéidir nach bhfuil air acht galar goile thar éis ar ith sé de bhiadh.

D’imthigh leath-uair. D’imthigh uair. Dhá uair. Trí huaire. Ní raibh aon chodladh ag teacht orm, acht mé dhom’ chaith­eamh féin ó thaobh go taobh. Sgathamh ag iarraidh a dhéanamh amach an é an díleágadh nó na sean-chuimhní is measa bhí ag gabháil de’n bheith­idheach allta úd nach bhféad­fadh a shuaimh­neas a ghlacadh ’n‑a charcair. Sgathamh eile, ag ceapadh cé’n raic a béadh ann dá sgaoilinn saor é.

Acht ’sa deireadh b’éigin dom éirghe agus bualadh amach faoi’n aer.


190552