Page:Deoraidheacht (1920).pdf/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
45
Deoraidheacht

rádh nach raibh uatha acht go sgann­róchaí iad le go mbeidís ag teacht ’n‑a sluaigh­thibh leis an bhfear buile fheiceál.

Acht níor chuireas-sa aon spéis ’n‑a chaint. Ní air féin ná ar a thais­beántas bhíos ag cuimh­neamh acht ar an mnaoi óig tugadh amach. Ar Mháire Ní Laoigh, mo chol­ceathar féin, bhíos a’ cuimh­neamh, agus ní gan fáth é.

Ní gan fáth é, adeirim, mar bhíos i gcleamh­nas léithi uair. Ó, a Mháire, dá mbéadh fhios agad gurab é Micheál Ó Maoláin a bhí ós do chomhair anocht i riocht duine buile! Marach thú ní fhágfainn an baile seo an chéad uair. Marach thú ní bhéadh an bhail náireach seo orm indiu. Tú ba cion­tsiocair leis an uile thubaisde bhuail ’mo threó ó shoin, a Mháire, dá mbéadh fhios agad é. Bhíos féin agus mo mhuintir ar bheagán saidh­bhris—ní raibh ag mo mháthair agus a chúigear mac acht an t‑aon ghabh­áltas beag amháin, agus ar ndóigh, a Mháire, ní bheitheá sásta mé phósadh go saoth­róchainn roinnt i Sasana i dtosach. Nach gcuimh­nigheann tú ar an oidhche úd d’fhágas slán agad, a Mháire—nach beag an ceapadh a bhí ag ceachtar againn go gcasfaí le chéile arís sinn ar an mbealach seo? Agus nach iomdha uair a chaitheas ag smaoin­eadh ort go gcualas gur phós tú do chol­cúigear Micheál Ó Ciaráin? Agus b’in é Micheál Ó Ciaráin a bhí i n‑aon­fheacht leat! Ar aithnigh tú mé, a Mháire? An raibh smaoin­eadh dá laighead agad cé bhí ann? Dá mbéadh, céard déarfá? Bhéadh truaigh agad dhom, nach mbéadh? Do dhéanfá iarracht mé sgaradh ó’n bhfear beag buidhe, nach ndéanfá? Acht ní truaigh atá uaim. Ní áit chomh­nuidhthe atá uaim acht a oiread. Go deimhin, níl fhios agam i gceart céard tá uaim. Níor thuigeas ariamh é. Nach bhfuil morán eile san gcás chéadna?…

Tháinic an fear beag buidhe. Ní mó ná sásta bhí sé nach rabhas ag cur na mbúirt dhíom.

Bhí an both lán go draid. Gach uile dhuine bhí ann ag