Page:Deoraidheacht (1920).pdf/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
44
Deoraidheacht

a chur orra. Bhí an sgian fhuil­teach i láimh na mná tháinic isteach i dtosach agus í ag iarraidh ar an mnaoi eile breith uirri.

Nuair a shíl sí sin a dhéanamh (ní raibh fhios agam-sa go raibh sí le n‑a dhéanamh mar bhí na súile dúnta agam), chuireas cosamh­lacht fhíoch­mhar orm féin, leigeas dhá bhúirt uath­bhásach’ asam, mar leigfeadh tarbh agus an sgian ar a sgórnach, agus thos­uigheas ag cur na gcor dhíom ar nós eascon a bhéadh i ngreim glaice ag duine. Thuit an sgian ó n‑a láimh. Is beag nach ndeacha sí féin i laige. Marach an fear a bhí i n‑éindigh léithi—a fear féin a bhí ann fuaireas amach ’na dhiaidh sin—muna mbéadh eisean, bhí sí ’n‑a cnap ar urlár an bhotha.

Bhí ríméad orm gur sgann­ruigheas iad. Marach chomh breágh péacach deagh-chumtha is bhí an chéad bhean a tháinic isteach ní bhacfainn leó. Nach iad a bhí gan múineadh is a teacht ag breath­nughadh ar dhuine dem’ shórt-sa! Mise mo bhan­naidhe nach dtioc­faidh siad an ath-uair! Fuair­eadar a ndóthain an turas seo.

An bhean a bhí ag dul i laige, bhíodar ’ghá breith amach faoi’n aer.

“A Mhichil! a Mhichil!” ar sise go truaigh­mhéileach, “’tuige ar thug tú annseo mé?”

D’osgluigheas féin na súile go tobann nuair d’airigh mé an glór. Nach mé d’aithnigh an bhean ar léithi an glór!

Bhíos ar tí glaodhach uirri agus innseacht dhí cé bhí aici ann nuair a tháinic an fear beag buidhe féin isteach. Ní fhaca tú ariamh fear ba ríméad­aighe ná é. Chuala sé an dá bhúirt úd a chuir mé dhíom an taobh eile de’n pháirc.

“Orm a bhí an t‑ádh an chéad lá casadh liom thú!” ar seisean an nighe a lámh i n‑aer. “Má leigeann tú dhá sgairt mar an dá sgairt úd trí huaire gach oidhche, bhéaraidh mé cúig phunnt ’san tseacht­mhain dhuit.”

Thosuigh sé ag caint leis féin ag imtheacht dó, agus ag