’san bpáirc; ní raibh aon áird agam ar na Gaillimhighibh bhí ag teacht ’n‑a dtréadaibh lem’ infhiúchadh. Na pioctúirí ioldathacha seo, agus iad-san amháin, bhí ag déanamh imnidhe dhom.
’San gcéad phioctúir, bhí teach deas teólaidhe ar imeall coille craobhaighe; caise bheag ag dul thríd an gcoill, agus ’ghá caitheamh féin le fánaidh na gcarraig a bhí ar an taobh thiar ndeas de’n choill; an choill féin faoi bhláth; baluith cumhra na sgeiche báine agus an chnó chapaill agus na gcrann giumhaise ’mo shróin; an oidhche ag tuitim; mé féin ag déanamh an bhealaigh abhaile thríd an gcoill; mé trom tuirseach traochta de bhárr oibre an lae; lampa crochta ar bhalla an tighe taobh istigh le mo threórughadh; bean ag gabháil anonn ’s anall ar fud an tighe acht nach bhfeicfinn acht ar dhul thar dhoras nó fuinneóig dhi.
Buailim isteach. Cluinim glórtha boga binne na bpáisdí ag dul thar tairsigh dhom. Éirigheann siad le fáiltiughadh romham. Pógaim Pádruig agus Brighdín agus imthigheann leó le hinnseacht dá máthair go bhfuilim féin tagtha. Tig an mháthair—an iongnadh ar bith é gurab í Máire chonnaiceas agus Colm ar a gualainn aici? Acht ní’l sé an-réidh eisean a shásughadh. Tá súil aige le roinnt ubhall. Nár gheallas dhó ar maidin iad?…
Acht d’imthigh sin agus tháinic seo. Tháinic an aithbhliadhain. Bhí Colm i n‑an’ siubhal go deas uaidh féin. Bríste beag glúnach air. Folt dubh cas ag tuitim anuas ar a ghuailnibh air. É dhom’ leanamhaint thríd an gcoill, agus a ghlór ag déanamh ceóil dhom….
Acht ní’l ann acht aisling bhréagach, ní’l bean ná páisde, teach ná talamh, ná aon cheó dá sórt agam. Ní’l agam acht na smaointe; smaointe dubróin agus náire, ag smaoineadh dhom ar a bhfuil caithte agam dem’ shaoghal: smaointe aitis agus dóchais, ag smaoineadh dhom ar an mbail a bhéadh orm dá—’seadh, dá mbadh duine eile mé.