Deoraidheacht/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal IX
[ 37 ]

IX.

Ar fhilleadh dhúinn chuig an pháirc ’n‑a raibh tais­beántas an fhir bhig bhuidhe, chuaidh mé féin isteach ’mo bhotha le mo sgíth a leigint agus le mo smaointe a dhéanamh.

Bhaineas dhíom an folt dubh bréagach agus na slabhraí móra práis agus an cóta iol­dathach a mb’éigin dom a [ 38 ]chaitheamh ’san mór-shiubhal. Thar­raingeas chugam leabhar beag amhrán agus chromas ar a léigheadh. Acht ní mórán de na hamhráin a léigheas; bhí an oiread sin gleó ag muintir an fhir bhig bhuidhe nár fhéadas na súile a choinneál ar an leabhar. Cuid aca ag tabhairt aire do na beithidh­ighibh allta; cuid eile ag cur cuaillí i dtalamh agus ag tógbháil na mbothán agus na n‑árus canbháis; cuid eile ag cur deis ar na báid luasgáin; beirt nó triúr i leath­taobh ag gléasadh bídh; bean óg i n‑áirde ar mhuin capaill bháin agus í gléasta ar nós bain­ríoghna na sídhe ’sna sgéalta; fear óg árd caol agus fuip ’n‑a ghlaic ag ritheacht i ndiaidh an chapaill; a ghruadh daithte go breágh aige, agus caipín árd cúinneach ar a cheann; marach an caipín agus an dath ní cheapfá go raibh aon bhaint aige leis an dtais­beántas ar chor ar bith, óir nach raibh culaith a chéirde air fós; an fear beag buidhe féin ar a shocamh­lacht i n‑áirde ar charbad órdha sgáth­ánach mar bhéadh rí ar a chathaoir ríoghdha, agus é ag riaradh na hoibre go leír. Iad uile ag easgaine agus ag clamhsán agus ag tabhair na mionn, acht mise amháin agus mé ag iarraidh mo leabh­airín amhrán a léigheadh. ’Seadh, mé féin—agus an Bhean Reamhar.

Chonnaiceas chugam í; siúd treasna na páirce í agus mias mhór ar iomchur aici. Ba gheall le luing mhóir í a bhéadh ar luasgán ar bharr na dtonn leis an siubhal a bhí fúithi. Shílfeá go ndóirt­feadh sí a raibh ar an méis gach nóiméad acht ní dhóirt­eadh ’n‑a dhiaidh sin.

Sheas sí i mbéal an dorais, agus dá mbéadh fonn léigh­theóir­eachta orm féin ní fhéad­fainn focal a léigheadh, mar bhain sise solus na gréine dhíom le n‑a méad uath­bhásach.

Feic eile a bhí ag an bhfear beag buidhe a bhí innti siúd. Ní raibh sí an-reamhar amach is amach i dtosach; d’fheicfeá mná a bhí níos raimhe ná í nach raibh i n‑aon tais­beántas, dubhradh liom. Acht bhí sí an-íseal, agus ba mhill­teach mór [ 39 ]an ceann a bhí uirri. Agus nach í a bhí leathan-slinn­eánach mór-lámhach trom-cheath­ramhnach! Agus is ag tuitim i bhfeóil a bhí sí gach uile lá, mar ní bhíodh faic le déanamh aici acht a dóthain mhór a ithe agus a ól. Duine a d’fheic­feadh an biadh borb blasta agus na deocha láidre folláine gheibh­eadh sí ó’n bhfear beag buidhe mholfadh sé a fhéile agus a fhlaith­eamhalacht.

Agus nach aici a bhí an dúil chráidhte ’sna biadhaibh borba agus ’sna deochaibh milse? Nach í bhí i n‑an’ codladh go trom ar feadh dhá uair déag de’n chlog? Bhí sí leis­geamhail spadánta ó nádúir. Bhí sí trom mall righin réidh. Ní raibh aon ní ab’ fheárr léithi ná a dóthain mhór bheith ithte agus ólta aici agus í féin a chaith­eamh ’san bhféar fada lá samhraidh dhá goradh féin le gréin. D’fhanadh sí mar sin ar feadh an lae mhóir fhada ó dhubh go dubh gan cor ná car a chur dhi acht ’chomhfhad ’s a bhéadh sí ag alpadh an bhídh.

Ní iongnadh ar bith é go raibh sí ag dul i bhfeóil de réir an lae. Ní iongnadh ar bith é go raibh an fear beag buidhe sásta agus lán-tsásta ’n‑a aigne. Ní iongnadh ar bith é go mbíodh sé ag nighe a lámh ’san aer ar dearcadh uirri dhó. Dheamhan pighin a bhí uaithi acht an oiread. Bhí sí sásta le greim a béil. Agus nuair d’fheicfeá gléasta í (gléasadh ar bhealach í is go gceapfá go raibh sí i bhfad níos raimhe ná bhí), déarfá go mba cóir do’n fhear bheag bhuidhe a bheith sásta le saothar a lámh.

Tháinic sí isteach i lár an bhotha.

“Féach a bhfuil agam dhuit,” ar sise ag tasbáint na méise móire dhom, “ruainne de shicín, agus ruainne de bhagún mhéith, cabáiste bán, fataí plúracha, súghlach….”

Nuair adubhairt sí an focal súghlach, do stad sí. Do dhún sí a dhá súil beagnach, do bhuail sí a dhá béal i n‑aghaidh a chéile mar bhéadh dúil mhór aici bheith ’ghá slugadh. Má bhí cosamh­lacht an aitis ar aghaidh duine ariamh, bhí an chosamh­lacht úd uirri-se.

[ 40 ]“Ruainne de bhagún mhéith,” arsa mise. Bhí punnt ar a laighead ann.

“Beir air,” ar sise, “badh chóir ocras a bheith ort.”

Leag sí an mhias ar an talamh le mo thaobh. Shuidh sise ar an taobh eile dhi.

“Íosaidh mé féin greim de’n tsicín,” ar sise, agus thosuigh uirri ag ithe go halpach.

Shílfeá go raibh cineál náire uirri faoi’n méid a bhí sí féin ’ithe agus a laighead is bhí ithte agam-sa.

“’Tuige nach bhfuil tú ’ghá ithe?” ar sise, agus greim mór méith ’n‑a béal féin agus an súghlach ag tuitim anuas ar a brollach.

“Gan aon ocras a bheith orm,” arsa mise.

“Sín uait siar do lámh. Tao’ thiar dhíot. Sin é é.”

Rinneas amhlaidh. Bhí canna mór leanna taobh thiar dhíom. D’ólas blogam as, agus shíneas chuici é.

“Nach agad atá an dúil ’san léigh­theóireacht,” ars’ an bhean remahar, ag breith ar an leabh­airín beag amhrán d’fhágas tharm ar theacht isteach dhi.

An t‑amhrán a bhíos féin a léigheadh sul a dtáinic sí, sin é an ceann ar thosuigh sise air.

Rise up, Willie Reilly,” ar sise, acht b’éigin di an greim a bhí ’n‑a béal a shlogadh i dtosach.

Rise up, Willie Reilly,” ar sise, “and come along with me,
I’m goin’ to leave my father’s house, and quit this countiree,
To leave my father’s houses, his dwellings, and free lands,
And go along with Reilly, as you may understand.

“Ó! nach áluinn é,” ar sise, nuair a bhí an méid sin léighte aici, acht nach raibh a fhios agam féin go cinnte an [ 41 ]é an t‑amhrán a bhí go háluinn nó an píosa de shicín a chuir sí ’n‑a béal nuair a bhí sé críoch­nuighthe aici.

Bhí muintir an fhir bhig bhuidhe ar a ndícheall fós. Iad ag easgaine agus ag tabhairt na mionn. An óigbhean a raibh culaith bhain­rioghna na sídhe uirri, bhí sí i n‑áirde ar an gcapall bán, agus í ag tabhairt na léim thrí fhonnsa órdha ’chomhfhad ’s a bhí an t‑each ag imtheacht timcheall an fháinne. Acht bhí cosg le búirthíl na mbeith­idheach allta. Bhí a mbolg lán.

“Is mithid duit a bheith ag imtheacht feasta,” arsa mise leis an mnaoi reamhair.

“Nach bhfuil sé sáthach luath agam fós?” ar sise ag teannadh isteach chugam.

“Is annseo is socamh­laighe agus is suaimh­nighe a bhéas mé,” ar sise agus leig sí siar a cheann ar m’ucht.