Page:Deoraidheacht (1920).pdf/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
41
Deoraideacht

é an t‑amhrán a bhí go háluinn nó an píosa de shicín a chuir sí ’n‑a béal nuair a bhí sé críoch­nuighthe aici.

Bhí muintir an fhir bhig bhuidhe ar a ndícheall fós. Iad ag easgaine agus ag tabhairt na mionn. An óigbhean a raibh culaith bhain­rioghna na sídhe uirri, bhí sí i n‑áirde ar an gcapall bán, agus í ag tabhairt na léim thrí fhonnsa órdha ’chomhfhad ’s a bhí an t‑each ag imtheacht timcheall an fháinne. Acht bhí cosg le búirthíl na mbeith­idheach allta. Bhí a mbolg lán.

“Is mithid duit a bheith ag imtheacht feasta,” arsa mise leis an mnaoi reamhair.

“Nach bhfuil sé sáthach luath agam fós?” ar sise ag teannadh isteach chugam.

“Is annseo is socamh­laighe agus is suaimh­nighe a bhéas mé,” ar sise agus leig sí siar a cheann ar m’ucht.


X.

Muna mbéadh go dtáinic an fear beag buidhe féin le mo ghléasadh agus le caoi a chur orm i gcomhair na hoidhche, ní dócha go n‑im­theóchadh sí ar chor ar bith.

Cuireadh an folt dubh bréagach ar mo cheann arís. Cuireadh na slabhraí práis faoi mo mhuineál agus faoi mo chom. (Bhí mo ghruadh daithte cheana). Sáitheadh na cosa isteach fúm. Cuireadh an cóta mór iol­dathach ’mo thim­cheall. Lasadh an trillseán ós mo chionn, agus leis an gcaoi a mbíodh sé ag luasgadh le gaoith, agus na sgáilí ag teacht ⁊ ag imtheacht ar m’éadan déarfá go raibh mé i bhfad níos gránna ná mar bhí.

Do hosgluigh­eadh na geataí, agus thosuigh na daoine ag teacht isteach. Geárr-bhodaigh a bhfurmhór. Nach orra a bhí an mheidhir? Nach iad a bhí sgléip­each? Nach iad a chuir suim i ngach rud? Cinneann sé ar an bhfear beag buidhe

(d1071)
D