Deoraidheacht/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XI
[ 48 ]

XI.

An raibh a leithéid d’oidhche ann cheana ariamh? Nach í atá meirbh broth­alach? Ní fhanfadh duine ar bith ’n‑a leabaidh agus an oidhche chomh breágh is tá. (Na diabhail! Mara nighidh siad na pluid úd, beidh droch-obair ann. Mo choinsias, beidh!) Déanfaidh braithlín agus súsa mé….

Casaim an braithlín ’mo thim­cheall agus luighim ar an talamh tirim cois sgeiche ar imeall na páirce. Ní’l aon áird agam ar ghlór­thaibh éagsamhla na mbeith­idheach allta tá faoi ghlas lem’ ais. Féachaim anonn treasna an chuain ar shean-chnocaibh clochach’ na Bóirne. Táid gorm. Tá an spéar gorm. Acht féach an difridh­eacht atá idir an dá ghorm úd. Shílfeá go raibh na cnuic ag bail­iughadh chuca a raibh [ 49 ]de dhubh i ngorm na spéire. Go raibh sé ag sileabh anuas orra díreach is dá mbéadh sé níos truime ná an t‑aer. Agus ní’l an fhairrge ar aon dath le ceachtar díobh cé go dtiubh­arthá gorm ar dhath na fairrge, freisin. Tá an difridh­eacht chéadna idir ghorm na fairrge agus ghorm na gcnoc is bhíos idir an duine nuair atá sé ciúin socair agus nuair a bhíos cuthach air. Ní’l an fhairrge feargach fíochmhar anocht—tá sí an-chiúin—acht go bhfuil dath feargach uirri. Dúnaim mo dhá shúil agus déanaim iarracht ar na trí ghorm úd .i. gorm na fairrge, gorm na gcnoc agus gorm na spéire a mheasgadh ’n‑a chéile, agus aon dath gorm amháin a dhéanamh asta. Agus feicthear dhom nach bhfaca súil duine ariamh aon dath a bhí chomh háluinn leis an dath sin….

Dubhras liom féin ar ball go raibh dath feargach ar an bhfairrge. Cheapas i gcomh­nuidhe go raibh gaol gairid idir an dathaidh­eacht agus na corruigh­the thagas ar chroidhe dhuine. Sin mar déarfá, go bhfuil an ghráin ar dhath, an gean ar dhath eile agus an t‑uathbhás as dhath eile fós. Is iomdha rún­diamhair agus snaidhm do-sgaoilte fuas­glóchar fós má ghníthear stuidéar doimhin ar thréith­ribh na ndathanna.

Ag breathnughadh dhom ar an spéir agus ar an bhfairrge agus ar shean-chnocaibh clochach’ na Bóirne tháinic sé isteach im’ aigne go raibh gaol gairid ag na dathan­naibh, ní hé amháin leis na corr­uighthe thigeas ar chroidhe dhuine, acht leis na fuaim­eannaibh cloistear. Go bhfuil baint ag an gceól leis an dathaidh­eacht. Go bhfuil dath faoi leith ag gach fuaim dá bhféadtaí a fheiceál.

Acht céard tá orm go bhfuil na smaointe seo ag teacht chugam i lár na hoidhche agus beith­idhigh an fhir bhig bhuidhe ag búirthíl ar nós na ndiabhal lem’ ais? Ní’l neart agam air. Ní fhead­fainn mair­eachtáil ar chor ar bith dhá mbéinn ag síor-mhacht­namh ar mo chruadh-chás féin.

Nach aisteach an rud é nár chuimh­nigheas go dtí anois [ 50 ]féin gur ’san bpáirc seo a bhuaidh­eas an geall ar chois­idheacht fad ó? Agus nach agam a bhí an chois­idheacht an uair sin! Shíl m’ athair bocht (ar thaobh na fírinne go raibh sé), nach raibh aon stócach eile i gcrích Fódhla a bhí i n‑an’ mé shár­ughadh. B’fhéidir nach raibh an lá sin. Tá indiu. Acht dá mbadh ag cuimh­niughadh ar rud mar sin a bhéinn, ní baoghal go mbéinn chomh suaimh­neach sásta is bhíos i gcaith­eamh na hoidhche.

An é breacadh an lae é? Ní’l fuaim dhá laighead le clos. Tá na beith­idhigh allta féin ’n‑a gcodladh. Tá gileacht le tabhairt faoi deara i ngorm na spéire ’san Domhan Thoir. Tá an ghileacht úd dhá leath­nughadh féin ar fud na spéire, mar bhéadh braoinín beag bídeach bainne dóirtfí isteach i ngloine uisge. Tá an ghileacht ag iarraidh a bheith ag fagháil treise ar an ngorm. Comhrac atá ar siubhal eatorra. I leabaidh a chéile tá an ghileacht ag fagháil an ceann is feárr ar an doir­cheacht. I leabaidh a chéile tig athar­rughadh datha ar na cnocaibh, agus ar an bhfairrge agus ar na croinn­tibh atá lem’ ais. ’San spéir thoir atá an ghileacht ar fad dhá cruth­ughadh. Tá na réaltóga dhá múchadh. Ní léir dhom anois acht na cinn is gile. (Nach deas fileata na hainm­neacha thugas orra i lár na hoidhche nuair nárbh’ eól dom a n‑ainm­neacha ealadh­anta?) Tá na cinn is gile féin ag dul i n‑éag. Obair iongan­tach atá ar siubhal ’san spéir thoir. An taobh spéire úd a bhí gorm ar ball beag tá sé ’n‑a dhearg agus ’n‑a chorcra anois, acht go bhfuil na dathanna deighilte ó n‑a chéile. An dearg i n‑íochtar. An corcra ós a chionn, acht nach féidir a rádh go cinnte cá dtos­uigheann an corcra agus cá gcríoch­nuigheann an dearg. Ós a chionn sin atá an gorm, go bun na spéire thiar, agus an ghileacht ag fagháil treise air gach nóiméad.

Céard sin? Fuiseóg, agus í i bhfolach ’sna spéar­thaibh. Acht sgaoil­eann sí anuas chugam an sruth ceóil ba bhinne [ 51 ]dá gcuala cluas duine ariamh. Cé hé an t‑amadán adubhairt nach dtuigeann an ceóltóir spéir­eamhail sin go bhfuil sí ag canadh ceóil ar chor ar bith? Nach bhfuil sé acht mar bhéadh sí ag glanadh a sgórnaigh i gcomhair an lae? Preit! Bíodh aige. Ní chuirfidh mise ’n‑a aghaidh. An ag éisteacht leis an gceól atáim ar chor ar bith? Ní dóigh liom gurab eadh. Ní ag éisteacht leis atáim, acht go bhfuil sé ag dul tríom, go bhfuil sé ag dul trí gach ball de mo bhallaibh ar nós uisge caithfí ar shiúcra. Ní bhacaim le dathan­naibh éagsamhla na spéire, agus na gcnoc, agus na mara go n‑imthigh­eann an fhuiseóg agus a cuid ceóil.

Le taobh fáil sgeiche atáim ’mo shuidhe, agus tá obair mhór ar siubhal ’san bhfál freisin. Tá mion-mhíola na ngort ’n‑a ndúis­eacht. Táid ag cur gothaidh oibre orra féin i gcomhair an lae nuaidh. Nach aca atá an crónán? Crónán agus sios­garnach. Tagann feithide ghlas ocht gcos amach as an bhfál, acht imthigh­eann sé go tobann. B’fhéidir gur chuireas féin sgannradh air, nó b’fhéidir nár thaith­nigh an drúcht leis. Thuit rud eicínt ar chúl mo chinn. Cineál seilmide a bhí ann agus nuair a chaitheas dhíom é shílfeá gur ag impidhe orm gan a mharbhadh a bhí sé, agus é ar an talamh agus a bholg i n‑uachtar. Thugas cead coise dhó—má’s cosa a bhí aige—agus d’imthigh leis as amharc.

Tá siosgarnach na bhfeith­ideach ar siubhal fós. Tá comhrac na ndath dhá thabhairt ’san spéir. Tá mar bhéadh gathanna óir ag brúcht­ghail aníos as an talamh ag bun na spéire thoir. Tá na gathanna ag déanamh locha óir de’n taobh sin de’n spéir. Feictear bárr líath­róide óir ag éirghe agus ag éirghe, agus ag óradh sliabh, cnoc agus machaire; cuan, crompán agus oileán—agus tais­beántais an fhir bhig bhuidhe féin.

Tá Rí an Lae ar fagháil.

Tá, agus an bhean reamhar. Seo chugam í, agus cosamh­lacht an aitis ’n‑a gruaidh reamhair.

[ 52 ]“Ó, táir ar fagháil ’sa deireadh, a chuid,” an chéad fhocal adubhairt sí liom, “nach orm a bhí an imnidhe nuair nach bhfuair­eas ’san mbotha thú?” ar sise, agus siúd ’n‑a suidhe d’aon phlap le mo thaobh í.

Cé’n mí-ádh tá uirri nach n‑éisteann sí liom? Cé an fáth nach leigeann sí dhom mo smaointe a dhéanamh? Céard tá uirri go mbíonn sí dhom’ lean­amhaint ó áit go háit mar bhéadh coileán con ann? Nach minic a thugas gach droch-ainm a thiocfadh ar bharr mo theangan chugam uirri? Nach minice ná sin a cheapas í bhualadh le n‑a díbirt uaim? Ní raibh aon mhaith ann. Ní dhéanfadh sí acht gáiridhe. Agus an gáiridhe sin! An gáiridhe sin a mharbh­uigh ar fad mé! Bhíodh a rian ar a héadan reamhar shoin­eannta ar feadh leath-uaire. Dá dhonacht dá raibh mé, is beag nach dtigeadh gáiridhe orm féin nuair d’fheicinn í siúd ag gáiridhe. Dá mbuailinn í ní dhéanfadh sí acht a theacht ar ais, níos lághaighe ná ariamh, le maith­eamhnas fhagháil mar ghadhar a smacht­óchaí. Bhí sé ag cinnt orm duth ’s dath í choinneál uaim.

“Céard a thug annseo thú?” ars’ mé fhéin go feargach.

Dhearc sí go grádhmhar orm.

“Sgrios leat as seo,” adeirim-se, “nó⸺”

Dhearc sí go grádhmhar orm arís. Bhí na deóir ’n‑a súilibh acht bhí meangadh gáirdidhe ar a béal.

“Sgrios!” arsa mise go fíochmhar.

D’imthigh an meangadh gáiridhe. Tháinic na deóir i ndáir­íribh, acht go raibh sí ag iarraidh a gcosg.

“A Mh‑ich-ich-íl! A Mh‑ich-íl!” ar sise, agus na deóir ag tuitim anuas ar a leicnibh. Chuir sí a lámh ’n‑a brollach agus bhain amach buidéilín beag uisge beatha as, agus thairg sí dhom é. Bhí leisg orm féin a ghlacadh uaithi ar ndóigh, acht bhí cineál fuachta orm de bhárr na hoidhche … acht chaitheas an buidéal uaim ar an talamh ar an bpointe ’s a rugas air. Bhí sé te le teas a colna. Tháinic gráin orm.

[ 53 ]“Gread leat,” arsa mise ag breith ar mo mhaide croise, agus ’ghá bhagairt uirri.

Níor cheap sí go rabhas i ndáir­íribh. Níor cheap sí go mbuail­finn í. Acht bhuail­finn, muna mbéadh gur chaith sí a dhá láimh lán-láidre timcheall orm. Níor fhéadas cor a chur díom. Thosuigh sí dhom’ fhásgadh agus dhom phógadh [⸺] go bhfaca sí an fear beag buidhe féin le n‑ár n‑ais agus snaois air.

Thug sí do na bonnaibh é. Níor fhan an fear beag buidhe acht a oiread léithi. D’imthigh leis, thabhar­fainn an leabhar gur amhrán grádha a bhí dhá chanadh aige ag imtheacht dó.

Mara bhfuil ag Dia, marb­óchaidh mé an ceólán úd uair eicínt má fhágaim an fhaill … acht an Bhean Mhór Reamhar—bhfuil bean eile de mhnáibh an domhain nach gcuir­feadh an bhail atá orm féin gráin uirri acht í siúd amháin? Ar eagla go gcuirfinn féin spéis innti, caithfidh mé—uch! ní abróchad é.