“Ó, táir ar fagháil ’sa deireadh, a chuid,” an chéad fhocal adubhairt sí liom, “nach orm a bhí an imnidhe nuair nach bhfuaireas ’san mbotha thú?” ar sise, agus siúd ’n‑a suidhe d’aon phlap le mo thaobh í.
Cé’n mí-ádh tá uirri nach n‑éisteann sí liom? Cé an fáth nach leigeann sí dhom mo smaointe a dhéanamh? Céard tá uirri go mbíonn sí dhom’ leanamhaint ó áit go háit mar bhéadh coileán con ann? Nach minic a thugas gach droch-ainm a thiocfadh ar bharr mo theangan chugam uirri? Nach minice ná sin a cheapas í bhualadh le n‑a díbirt uaim? Ní raibh aon mhaith ann. Ní dhéanfadh sí acht gáiridhe. Agus an gáiridhe sin! An gáiridhe sin a mharbhuigh ar fad mé! Bhíodh a rian ar a héadan reamhar shoineannta ar feadh leath-uaire. Dá dhonacht dá raibh mé, is beag nach dtigeadh gáiridhe orm féin nuair d’fheicinn í siúd ag gáiridhe. Dá mbuailinn í ní dhéanfadh sí acht a theacht ar ais, níos lághaighe ná ariamh, le maitheamhnas fhagháil mar ghadhar a smachtóchaí. Bhí sé ag cinnt orm duth ’s dath í choinneál uaim.
“Céard a thug annseo thú?” ars’ mé fhéin go feargach.
Dhearc sí go grádhmhar orm.
“Sgrios leat as seo,” adeirim-se, “nó⸺”
Dhearc sí go grádhmhar orm arís. Bhí na deóir ’n‑a súilibh acht bhí meangadh gáirdidhe ar a béal.
“Sgrios!” arsa mise go fíochmhar.
D’imthigh an meangadh gáiridhe. Tháinic na deóir i ndáiríribh, acht go raibh sí ag iarraidh a gcosg.
“A Mh‑ich-ich-íl! A Mh‑ich-íl!” ar sise, agus na deóir ag tuitim anuas ar a leicnibh. Chuir sí a lámh ’n‑a brollach agus bhain amach buidéilín beag uisge beatha as, agus thairg sí dhom é. Bhí leisg orm féin a ghlacadh uaithi ar ndóigh, acht bhí cineál fuachta orm de bhárr na hoidhche … acht chaitheas an buidéal uaim ar an talamh ar an bpointe ’s a rugas air. Bhí sé te le teas a colna. Tháinic gráin orm.