dá gcuala cluas duine ariamh. Cé hé an t‑amadán adubhairt nach dtuigeann an ceóltóir spéireamhail sin go bhfuil sí ag canadh ceóil ar chor ar bith? Nach bhfuil sé acht mar bhéadh sí ag glanadh a sgórnaigh i gcomhair an lae? Preit! Bíodh aige. Ní chuirfidh mise ’n‑a aghaidh. An ag éisteacht leis an gceól atáim ar chor ar bith? Ní dóigh liom gurab eadh. Ní ag éisteacht leis atáim, acht go bhfuil sé ag dul tríom, go bhfuil sé ag dul trí gach ball de mo bhallaibh ar nós uisge caithfí ar shiúcra. Ní bhacaim le dathannaibh éagsamhla na spéire, agus na gcnoc, agus na mara go n‑imthigheann an fhuiseóg agus a cuid ceóil.
Le taobh fáil sgeiche atáim ’mo shuidhe, agus tá obair mhór ar siubhal ’san bhfál freisin. Tá mion-mhíola na ngort ’n‑a ndúiseacht. Táid ag cur gothaidh oibre orra féin i gcomhair an lae nuaidh. Nach aca atá an crónán? Crónán agus siosgarnach. Tagann feithide ghlas ocht gcos amach as an bhfál, acht imthigheann sé go tobann. B’fhéidir gur chuireas féin sgannradh air, nó b’fhéidir nár thaithnigh an drúcht leis. Thuit rud eicínt ar chúl mo chinn. Cineál seilmide a bhí ann agus nuair a chaitheas dhíom é shílfeá gur ag impidhe orm gan a mharbhadh a bhí sé, agus é ar an talamh agus a bholg i n‑uachtar. Thugas cead coise dhó—má’s cosa a bhí aige—agus d’imthigh leis as amharc.
Tá siosgarnach na bhfeithideach ar siubhal fós. Tá comhrac na ndath dhá thabhairt ’san spéir. Tá mar bhéadh gathanna óir ag brúchtghail aníos as an talamh ag bun na spéire thoir. Tá na gathanna ag déanamh locha óir de’n taobh sin de’n spéir. Feictear bárr líathróide óir ag éirghe agus ag éirghe, agus ag óradh sliabh, cnoc agus machaire; cuan, crompán agus oileán—agus taisbeántais an fhir bhig bhuidhe féin.
Tá Rí an Lae ar fagháil.
Tá, agus an bhean reamhar. Seo chugam í, agus cosamhlacht an aitis ’n‑a gruaidh reamhair.