“Gread leat,” arsa mise ag breith ar mo mhaide croise, agus ’ghá bhagairt uirri.
Níor cheap sí go rabhas i ndáiríribh. Níor cheap sí go mbuailfinn í. Acht bhuailfinn, muna mbéadh gur chaith sí a dhá láimh lán-láidre timcheall orm. Níor fhéadas cor a chur díom. Thosuigh sí dhom’ fhásgadh agus dhom phógadh [⸺] go bhfaca sí an fear beag buidhe féin le n‑ár n‑ais agus snaois air.
Thug sí do na bonnaibh é. Níor fhan an fear beag buidhe acht a oiread léithi. D’imthigh leis, thabharfainn an leabhar gur amhrán grádha a bhí dhá chanadh aige ag imtheacht dó.
Mara bhfuil ag Dia, marbóchaidh mé an ceólán úd uair eicínt má fhágaim an fhaill … acht an Bhean Mhór Reamhar—bhfuil bean eile de mhnáibh an domhain nach gcuirfeadh an bhail atá orm féin gráin uirri acht í siúd amháin? Ar eagla go gcuirfinn féin spéis innti, caithfidh mé—uch! ní abróchad é.
XII.
Ní fada go raibh an fhaill agam ar an bhfear beag buidhe.
Tráthnóna an lae sin cé bhuailfeadh isteach chugam ’san mbotha acht é. Bhí cosamhlacht air go raibh rud éigin ar intinn aige, rud éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhó.
“Badh mhian liom,” ar seisean, “comhrádh ciúin ciallmhar a dhéanamh leat.”
“Na ceithre phunnt san tseachtmhain gealladh dhom⸺”
“Ní headh,” ar seisean ag cur isteach orm, “acht sgéal is tábhachtaighe ná sin go mór.”
“Sgaoil chugainn é,” arsa mise, “agus leig dom a dhul ar aghaidh le mo chuid léightheóireacht’.”
“A fhir óig,” ar seisean, agus fearg ’n‑a ghlór, “a fhir óig,” ar seisean, “ná bíodh an oiread de’n díth céille ort is go gceapfá go dtig leat do rogha rud a dhéanamh