Page:Deoraidheacht (1920).pdf/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
50
Deoraidheacht

féin gur ’san bpáirc seo a bhuaidh­eas an geall ar chois­idheacht fad ó? Agus nach agam a bhí an chois­idheacht an uair sin! Shíl m’ athair bocht (ar thaobh na fírinne go raibh sé), nach raibh aon stócach eile i gcrích Fódhla a bhí i n‑an’ mé shár­ughadh. B’fhéidir nach raibh an lá sin. Tá indiu. Acht dá mbadh ag cuimh­niughadh ar rud mar sin a bhéinn, ní baoghal go mbéinn chomh suaimh­neach sásta is bhíos i gcaith­eamh na hoidhche.

An é breacadh an lae é? Ní’l fuaim dhá laighead le clos. Tá na beith­idhigh allta féin ’n‑a gcodladh. Tá gileacht le tabhairt faoi deara i ngorm na spéire ’san Domhan Thoir. Tá an ghileacht úd dhá leath­nughadh féin ar fud na spéire, mar bhéadh braoinín beag bídeach bainne dóirtfí isteach i ngloine uisge. Tá an ghileacht ag iarraidh a bheith ag fagháil treise ar an ngorm. Comhrac atá ar siubhal eatorra. I leabaidh a chéile tá an ghileacht ag fagháil an ceann is feárr ar an doir­cheacht. I leabaidh a chéile tig athar­rughadh datha ar na cnocaibh, agus ar an bhfairrge agus ar na croinn­tibh atá lem’ ais. ’San spéir thoir atá an ghileacht ar fad dhá cruth­ughadh. Tá na réaltóga dhá múchadh. Ní léir dhom anois acht na cinn is gile. (Nach deas fileata na hainm­neacha thugas orra i lár na hoidhche nuair nárbh’ eól dom a n‑ainm­neacha ealadh­anta?) Tá na cinn is gile féin ag dul i n‑éag. Obair iongan­tach atá ar siubhal ’san spéir thoir. An taobh spéire úd a bhí gorm ar ball beag tá sé ’n‑a dhearg agus ’n‑a chorcra anois, acht go bhfuil na dathanna deighilte ó n‑a chéile. An dearg i n‑íochtar. An corcra ós a chionn, acht nach féidir a rádh go cinnte cá dtos­uigheann an corcra agus cá gcríoch­nuigheann an dearg. Ós a chionn sin atá an gorm, go bun na spéire thiar, agus an ghileacht ag fagháil treise air gach nóiméad.

Céard sin? Fuiseóg, agus í i bhfolach ’sna spéar­thaibh. Acht sgaoil­eann sí anuas chugam an sruth ceóil ba bhinne