An Crann Géagach/Beirt faoi chrann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Beirt faoi chrann
[ 48 ]
BEIRT FAOI CHRANN

Ní túisge sgar an tsean-bhean linn ná tháinic cuthalacht orm féin. B’fhacthas dom gur thuig an bhean óg (nach cuma dhíobh anois cé hí) acht b’fhacthas dom gur thuig sí, céard bhí ’mo chroidhe agus ’m’aigne le dhá bhliadhain go leith; b’fhacthas dom gur thuig sí cé’n chaoi a mbínn ag tnúth léithi de ló agus d’oidhche—agus má thuig bhí iongnadh orm nár ghlan sí léithi as an áit. Bhí tráth ann agus thiubhrainn m’anam dreas comhráidh bheith agam leíthi—acht anois, ó buaileadh le chéile sinn, istigh i lár na coille craobhaighe, an t‑éan ar an gcraoibh agus an ghrian ar an spéir, níor fhan croidhe ná misneach agam acht mo dhá shúil sáithte sa bhfód agus luisne nach gnáthach ’mo ghruadh.....

Bhí sise ann agus í ag obair ar a díthcheall ag iarraidh iarsmaí na fleidhe caitheadh a bhailiú agus a chur isteach sa gcliabh mór thug an bheirt bhan leó ar theacht isteach dhóibh—bhí an chuthalacht chéadna uirri-se is bhí ormsa. Ní mise thug faoi deara é acht londubh bhí thart ann ag iarraidh a ghreim féin bhaint amach... d’éaluigh súil liom-sa i ndiaidh an éin seo, agus féachaint mhear fhaiteach dá dtugas ar an mnaoi, bhí le mo thaobh, cheapas go raibh an sgáth aisteach agus an náire bhanda chéadna uirri is bhí orm féin....

Shíl mé cainnt a dhéanamh ionnós go réidhteóchaidhe bealach dhúinn beirt; acht theip orm, theip orm glan, agus chuaidh amharc mo dhá shúl i n‑aimhréidh ’n‑a tiughfholt dubh cas.

[ 49 ]Dlaoi do’n fholt sin bhain an chainnt agus an t‑ughdarásacht dhíom, aon dlaoi bheag amháin bhí ar fán agus ar fuaidreamh ar fud a baithis ... thiocfadh séidre beag de ghaoith fhionnfuar na coille agus tógtaoi an dlaoi sin, sgartaoi na ribí bhí ann ó n‑a chéile ionnós nach mbíodh aon chosamhlacht air acht néaltóg sgáinte bheadh ghá stróiceadh ag gaoithibh uachtaracha na spéire.

D’fhéach mé uirri le mo dhá lánshúil. Shíleas go raibh sí ar tí labhairt liom; bhíos cinnte go mbéadh sgéal mór aici dhom, cár bhfios nach n‑abróchadh sí liom nach raibh aon nidh ag déanamh imnidhe dhí ó casadh le chéile sinn dá bhliadhain go leith ó shoin acht go mbuailfidhe le chéile arís sinn....

Acht níor labhair sí. Cuthalacht bhí uirri dhíreach mar orm féin shíleas—marach gurab eadh, ’tuige mbéadh píosa de bhriosga dá bhriseadh agus dá bhrughadh idir na méaraibh aici? Fear bhéadh ag féachaint orainn beirt ó bhárr na gcrann, thiubhradh sé an leabhar go mbéadh mise agus ise sásta ár saoghal agus ár síoraidheacht thabhairt ar dhuine éigin theacht le cur isteach orainn.

Agus sinn beirt ag tnúth le focal ó’n duine eile!

* * *

Bhí píosa de chipín ar an talamh i n‑aice liom—bhí sé chomh maith ar ndóigh leis an bpíosa de bhriosga bhí ag an mnaoi—agus thosuigheas dá bhrughadh agus dá bhriseadh idir mo mhéaraibh, [ 50 ]díreach ar a nós féin; acht chomh uain is bhí mé dhá dhéanamh sin, agus le gach casadh agus gach lúbadh thiubhrainn de, thiocfadh smaoineadh nuadh ’mo cheann agus níor bhain aon smaoineadh díobh acht le mnaoi na gruaige duibhe bhí le m’ais.

Ghein na smaointe seo, agus an corrú croidhe bhí ’n‑a dteannta focla fada fileadhta: agus ó’s rud é nach réidhtigheann cuthalacht agus líomhthacht cainnte le chéile, thréig an chuthalacht mé acht d’fhan an líomhthacht.

Acht má d’fhan féin, ní shílfeá gur fhan, nó go raibh a leithéid agam ariamh—cé’n chaoi go bhféadfá líomhthacht cainnte thabhairt ar chainnt nár dubhradh ariamh, le cainnt nár sgar ariamh le béal an duine? Dá n‑abruightí an chainnt bí ’mo cheann chuirfidhe iongnadh ar an lán. Chuirfidhe uathbhás b’fhéidir ar an mnaoi áluinn bhí le m’ais dá n‑abrainn léithi an chainnt sin...

Tháinic an chéad chuid de’n chainnt sin ó chroidhe, ’mo bhéal dom bhuidheachas. Is beag nár éaluigh sí óm’ bhéal amach. Dá bhféadfainn labhairt i n‑aon teanga nár thuig sise bheirinn ar láimh uirri agus chuirfinn dhíom ár an dóigh seo:

A bhean aoibhinn, a bhé na gruaige duibhe agus na súl bog deórach, a ainnir chiúin chuthalach Ghaedhealach, tá dhá bhliadhain go leith de bhliadhantaibh fada ainreóiteacha imthighthe ó chonnaiceas i dtosach thú ’do shuidhe ag ceann céibhe i gConnamara lá breágh earraigh agus grian na maidne dod’ mhaisiú—agus dá mbéadh sé ’mo chumas labhairt leat an mhaidin sin (agus tuigeann tú féin cé’n fáth nár fhéadas é dhéanamh) dá mbéadh sé ’mo chumhas labhairt [ 51 ]leat an mhaidin sin, déarfainn leat nár casadh ariamh liom i n‑aon bhall áilneacht chuir aoibhneas ar mo chroidhe mar an áilneacht atá ag baint leat-sa, a áilne na háilne....

Níor dubhras an chainnt sin gidh go raibh fonn orm é rádh. Ní dheárna mé acht an píosa de bhriosga do brughadh agus do athbhrughadh agus do bhriseadh idir méaraibh na mná chaitheamh chuig an londubh daibhir bhí ar lorg a choda.

Rinne sise gáiridh. D’eirigh sí, agus sul má bhí sé d’uain agam focal a rádh d’éaluigh sí uaim mar d’éalóchadh maide gréine....

* * *

D’éirigh mé féin. Ár ndóigh, ní naibh[1] san éalódh sin acht cuireadh chum tóraidheachta agus lorgaidheachta—nach raibh sé de rath orm ná de mhaith ionam dul ’n‑a diaidh, an chuthalacht sgaoileadh dhíom, an chuthalacht bhaint ó n‑a croidhe-se, agus innseacht dí le foclaibh agus le gníomharthaibh cé’n urraim bhí agam dí agus cé’n gean?

D’imthigh liom ar a tóir agus croidhe lán ’mo chliabh.....

* * *

Ní fada ar an tóir mé go gcualas an glór banda agus amhrán dá ghabháil ag an té ar leis an glór. Bhí an glór sgathamh maith uaim agus leis an siubhal bhí fúm agus leis an imnidhe bhí orm breith ar an óg-mhnaoi, níor thugas faoi deara gur glór sean-mhná bhí ann.

[ 52 ]Acht b’eadh, agus tháinic mé ar an tsean-mhnaoi thug go dtí an choill mé gan mórán achair.

“Suidh,” ar sise.

Ghéilleas di; ár ndóigh níor fhéadas gan é dhéanamh:

“Cá’r fhág tú Eibhlín?” ar sise—agus tháinic áthas croidhe orm go raibh fhios agam cé’n t‑ainm bhí ar an mnaoi áluinn sin n‑ar chuir mé an spéis mhór.

“Eibhlín?” arsa mise.

“Seadh,” ars an tsean-bhean, “ar chuir tú aon chainnt uirri?”

B’aisteach liom gur chuir sí an cheist sin orm: fear fhágáil faoi bhun crainn i lár coille craobhaighe agus bean áluinn le n‑a chois agus annsin fhiafruighe dhe ar chuir sé aon chainnt uirri! Má bhí cuthalacht agus náire orm i gcuideachtain na mná óige, is mó ná sin an náire bhí orm nuair dob’ éigin dom a rádh nár labhramar focal le chéile.

“Níor fhág sí focal agam,” arsa mise, “a háilneacht bhain an chainnt dhíom....”

D’éirigh an tsean-bhean uasal mhaordha smaointeach. Rug sí ar láimh orm.

“Is maith rinne tú gan focal a rádh,” ar sise.

“’Tuige?”

“Ná bac le ’tuige, acht siubhail leat liom-sa go bhfaigh’ muid í.....”

Rinneadh sin.

Faoi bhun crainn fríothadh í ag sileadh na súl. Níor labhair an tsean-bhean léithi acht thosuigh sí ag cainnt léithi le comharthaibh....

[ 53 ]Níor labhras féin ár ndóigh: dá n-abrainn aon rud déarainn:—

“Mo thruaigh thú a bhé áluinn na súl ndhubh nár bhronn Dia cainnt ort—a áilne na háilne ’s truagh liom do sgéal go bhfuil tú do bhalbhán aonraic ar an saoghal seo.”

  1. Correction in margin: raibh