Page:An Crann Geagach.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
BEIRT FAOI CHRANN

Ní túisge sgar an tsean-bhean linn ná tháinic cuthalacht orm féin. B’fhacthas dom gur thuig an bhean óg (nach cuma dhíobh anois cé hí) acht b’fhacthas dom gur thuig sí, céard bhí ’mo chroidhe agus ’m’aigne le dhá bhliadhain go leith; b’fhacthas dom gur thuig sí cé’n chaoi a mbínn ag tnúth léithi de ló agus d’oidhche—agus má thuig bhí iongnadh orm nár ghlan sí léithi as an áit. Bhí tráth ann agus thiubhrainn m’anam dreas comhráidh bheith agam leíthi—acht anois, ó buaileadh le chéile sinn, istigh i lár na coille craobhaighe, an t‑éan ar an gcraoibh agus an ghrian ar an spéir, níor fhan croidhe ná misneach agam acht mo dhá shúil sáithte sa bhfód agus luisne nach gnáthach ’mo ghruadh.....

Bhí sise ann agus í ag obair ar a díthcheall ag iarraidh iarsmaí na fleidhe caitheadh a bhailiú agus a chur isteach sa gcliabh mór thug an bheirt bhan leó ar theacht isteach dhóibh—bhí an chuthalacht chéadna uirri-se is bhí ormsa. Ní mise thug faoi deara é acht londubh bhí thart ann ag iarraidh a ghreim féin bhaint amach... d’éaluigh súil liom-sa i ndiaidh an éin seo, agus féachaint mhear fhaiteach dá dtugas ar an mnaoi, bhí le mo thaobh, cheapas go raibh an sgáth aisteach agus an náire bhanda chéadna uirri is bhí orm féin....

Shíl mé cainnt a dhéanamh ionnós go réidhteóchaidhe bealach dhúinn beirt; acht theip orm, theip orm glan, agus chuaidh amharc mo dhá shúl i n‑aimhréidh ’n‑a tiughfholt dubh cas.

48