Page:An Crann Geagach.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Dlaoi do’n fholt sin bhain an chainnt agus an t‑ughdarásacht dhíom, aon dlaoi bheag amháin bhí ar fán agus ar fuaidreamh ar fud a baithis ... thiocfadh séidre beag de ghaoith fhionnfuar na coille agus tógtaoi an dlaoi sin, sgartaoi na ribí bhí ann ó n‑a chéile ionnós nach mbíodh aon chosamhlacht air acht néaltóg sgáinte bheadh ghá stróiceadh ag gaoithibh uachtaracha na spéire.

D’fhéach mé uirri le mo dhá lánshúil. Shíleas go raibh sí ar tí labhairt liom; bhíos cinnte go mbéadh sgéal mór aici dhom, cár bhfios nach n‑abróchadh sí liom nach raibh aon nidh ag déanamh imnidhe dhí ó casadh le chéile sinn dá bhliadhain go leith ó shoin acht go mbuailfidhe le chéile arís sinn....

Acht níor labhair sí. Cuthalacht bhí uirri dhíreach mar orm féin shíleas—marach gurab eadh, ’tuige mbéadh píosa de bhriosga dá bhriseadh agus dá bhrughadh idir na méaraibh aici? Fear bhéadh ag féachaint orainn beirt ó bhárr na gcrann, thiubhradh sé an leabhar go mbéadh mise agus ise sásta ár saoghal agus ár síoraidheacht thabhairt ar dhuine éigin theacht le cur isteach orainn.

Agus sinn beirt ag tnúth le focal ó’n duine eile!

* * *

Bhí píosa de chipín ar an talamh i n‑aice liom—bhí sé chomh maith ar ndóigh leis an bpíosa de bhriosga bhí ag an mnaoi—agus thosuigheas dá bhrughadh agus dá bhriseadh idir mo mhéaraibh,

49