Page:An Crann Geagach.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

díreach ar a nós féin; acht chomh uain is bhí mé dhá dhéanamh sin, agus le gach casadh agus gach lúbadh thiubhrainn de, thiocfadh smaoineadh nuadh ’mo cheann agus níor bhain aon smaoineadh díobh acht le mnaoi na gruaige duibhe bhí le m’ais.

Ghein na smaointe seo, agus an corrú croidhe bhí ’n‑a dteannta focla fada fileadhta: agus ó’s rud é nach réidhtigheann cuthalacht agus líomhthacht cainnte le chéile, thréig an chuthalacht mé acht d’fhan an líomhthacht.

Acht má d’fhan féin, ní shílfeá gur fhan, nó go raibh a leithéid agam ariamh—cé’n chaoi go bhféadfá líomhthacht cainnte thabhairt ar chainnt nár dubhradh ariamh, le cainnt nár sgar ariamh le béal an duine? Dá n‑abruightí an chainnt bí ’mo cheann chuirfidhe iongnadh ar an lán. Chuirfidhe uathbhás b’fhéidir ar an mnaoi áluinn bhí le m’ais dá n‑abrainn léithi an chainnt sin...

Tháinic an chéad chuid de’n chainnt sin ó chroidhe, ’mo bhéal dom bhuidheachas. Is beag nár éaluigh sí óm’ bhéal amach. Dá bhféadfainn labhairt i n‑aon teanga nár thuig sise bheirinn ar láimh uirri agus chuirfinn dhíom ár an dóigh seo:

A bhean aoibhinn, a bhé na gruaige duibhe agus na súl bog deórach, a ainnir chiúin chuthalach Ghaedhealach, tá dhá bhliadhain go leith de bhliadhantaibh fada ainreóiteacha imthighthe ó chonnaiceas i dtosach thú ’do shuidhe ag ceann céibhe i gConnamara lá breágh earraigh agus grian na maidne dod’ mhaisiú—agus dá mbéadh sé ’mo chumas labhairt leat an mhaidin sin (agus tuigeann tú féin cé’n fáth nár fhéadas é dhéanamh) dá mbéadh sé ’mo chumhas labhairt

50