Page:An Crann Geagach.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

leat an mhaidin sin, déarfainn leat nár casadh ariamh liom i n‑aon bhall áilneacht chuir aoibhneas ar mo chroidhe mar an áilneacht atá ag baint leat-sa, a áilne na háilne....

Níor dubhras an chainnt sin gidh go raibh fonn orm é rádh. Ní dheárna mé acht an píosa de bhriosga do brughadh agus do athbhrughadh agus do bhriseadh idir méaraibh na mná chaitheamh chuig an londubh daibhir bhí ar lorg a choda.

Rinne sise gáiridh. D’eirigh sí, agus sul má bhí sé d’uain agam focal a rádh d’éaluigh sí uaim mar d’éalóchadh maide gréine....

* * *

D’éirigh mé féin. Ár ndóigh, ní naibh[1] san éalódh sin acht cuireadh chum tóraidheachta agus lorgaidheachta—nach raibh sé de rath orm ná de mhaith ionam dul ’n‑a diaidh, an chuthalacht sgaoileadh dhíom, an chuthalacht bhaint ó n‑a croidhe-se, agus innseacht dí le foclaibh agus le gníomharthaibh cé’n urraim bhí agam dí agus cé’n gean?

D’imthigh liom ar a tóir agus croidhe lán ’mo chliabh.....

* * *

Ní fada ar an tóir mé go gcualas an glór banda agus amhrán dá ghabháil ag an té ar leis an glór. Bhí an glór sgathamh maith uaim agus leis an siubhal bhí fúm agus leis an imnidhe bhí orm breith ar an óg-mhnaoi, níor thugas faoi deara gur glór sean-mhná bhí ann.

51
  1. Correction in margin: raibh